Íasachtaí ón Údarás Áitiúil ar mhaithe le Feabhsucháin Tí

Eolas

Tá iasachtaí ar fáil ón údarás áitiúil d'úinéirí tí ar mhaithe le hobair riachtanach a dhéanamh leis an teach a fheabhsú, a dheisiú nó a mhéadú.

Tá faoiseamh ó cháin ar fáil ar an ús a íocann tú ar an iasacht sin.

Rialacha

D'fhéadfá a bheith i dteideal iasachta a fháil ón údarás áitiúil más féidir leat a chruthú gur theip ort iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann airgeadais agus:

  • Má theastaíonn feabhsucháin, deisiú nó píosa a chur leis an teach agus má shásaíonn tú scrúdú ar d'ioncam, nó
  • Má tá tú cláraithe ar liosta feithimh tithíochta leis an údarás áitiúil, nó
  • Más tionónta nó tionónta atá ag ceannach thú ón údarás áitiúil agus go bhfuil sé i gceist agat teach príobháideach a cheannach agus do theach a thabhairt ar ais don údarás áitiúil.
  • Más tionónta le breis is bliain thú de theach atá curtha ar fáil ag cumann tithíochta faoin scéim Fordheontas Cíosa agus go bhfuil sé i gceist agat teach príobháideach a cheannach agus do theach a thabhairt don údarás áitiúil.

Baineann an scrúdú ioncaim leis an gcéad rannóg amháin thuas; má bhaineann an dara, tríú, nó ceathrú rannóg leat ní bhaineann an scrúdú ioncaim leat.

An scrúdú ioncaim

  • Teaghlach aon-ioncaim

Má bhí d'ollioncam (roimh cháin) sa bhliain chánach dheireanach cothrom le €40,000 nó níos lú ná sin, beidh tú i dteideal na scéime.

  • Teaghlach dhá-ioncam

Méadaigh ollioncam (roimh cháin) an tsaothraí is airde sa bhliain chánach dheireanach faoi 2.5 agus cuir leis ollioncam an tsaothraí eile sa bhliain chánach dheireanach. Más €100,000 euro nó níos lú atá i gceist beidh tú i dteideal na scéime.

Rátaí

Seo a leanas na suimeanna is mó gur féidir a fháil ar iasacht:

  • €38,000 (nó €50,000 ar na hoileáin mhara)
  • €15,000 sa chás nach bhfuil aon mhorgáiste ann.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 March 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid