Scéim Chóiríochta Ar Cíos

Eolas

Má tá tú ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí agus má tá tithíocht fhadtéarmach de dhíth ort, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe don Scéim Chóiríochta ar Cíos (RAS). Tá an scéim á reáchtáil ag údaráis áitiúla . Déanann an t-údarás áitiúil an cinneadh deireanach maidir le cé atá incháilithe faoin scéim.

Faoin scéim déanann údaráis áitiúla conarthaí le tiarnaí talún chun tithíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta orthu go ceann tréimhse aontaithe. Íocann an t-údarás áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún. B’fhéidir go leanfá ar aghaidh ag cur airgid isteach le haghaidh do chíosa ach íocann tú an ranníocaíocht seo leis an údarás áitiúil agus ní leis an tiarna talún.

Is iad príomheilimintí na scéime ná:

Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil , ar a bhfuil bileog ar an Scéim Chóiríochta Cíosa do thiarnaí talún (pdf) agus liosta teagmhála RAS sna húdaráis áitiúla.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cuir d’iarratas chuig do údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 March 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid