Daoine Gan Dídean

Eolas

Tá níos mó i gceist le bheith gan dídean ná a bheith i do chodladh ar na sráideanna. Má tá tú i do chónaí i dteach lóistín nó i mbrú, nó ag fanacht le cairde go sealadach mar nach bhfuil aon áit eile agat le dul, tá tú gan dídean.

Má tá baol ann go mbeidh tú féin gan dídean, sé sin, má cheapann tú go gcaillfidh tú do bhaile go gairid ar chúis ar bith, ba cheart duit dul i dteagmháil láithreach leis an údarás áitiúil, agus, más gá, comhairle a fháil faoi do chás ó Ionad Eolais na Saoránach nó ó Threshold.

Ag brath ar an riachtanas faoi leith – lóistín gearrthéarmach, fadthéarmach, sealadach nó i gcás éigeandála - tá cúpla cineál lóistín gur féidir a chur ar fáil do dhaoine gan dídean. Tá tithíocht údaráis áitiúil, lóistín i mbrú (curtha ar fáil ag eagraíochtaí reachtúla nó deonacha), lóistín éigeandála i dteach leaba agus bricfeasta sa rannóg phríobháideach nó lóistín príobháideach cuí ar cíos ar fáil.

Ag brath ar do cheantar agus do chúinsí pearsanta, d'fhéadfadh réimse seirbhísí éagsúla a bheith ar fáil duit. Bíonn roinnt daoine gan dídean go mbíonn riachtanais ar leith acu a bhaineann le fadhbanna maidir le sláinte intinne, fadhbanna drugaí nó alcól, nó fadhbanna eile sláinte. Má tá aon cheann de na riachtanais sin ort téigh i dteagmháil le do bhord sláinte áitiúil.

Tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla lóistín a fháil do dhaoine gan dídean agus is féidir leo socruithe a dhéanamh le heagraíochtaí deonacha cúnamh airgeadais agus, más gá, lóistín príobháideach a chur ar fáil. Má tá tú ag fulaingt ó fhoréigean sa bhaile b'fhéidir go mbeadh fáil agat ar áit i dtearmann. Cuireann na boird sláinte agus eagraíochtaí deonacha lóistín faoi leith ar fáil do dhaoine a bhíonn ag fulaingt maidir le foréigean sa bhaile i do cheantar.

Tithíocht Údaráis Áitiúil

Má theastaíonn tithíocht bhuan uait is féidir leat iarratas a chur ós comhair an údaráis áitiúil ar theach nó arasán dá chuid. Déanfaidh an t-údarás áitiúil do chás a mheas agus má tá tú ina theideal cuirfear ar liosta tithíochta thú. Braitheann an méid ama a mbeidh ort fanacht leis an lóistín buan ar an éileamh i do cheantar agus ar do chúinsí féin. Idir an dá linn d'fhéadfadh sé go mbeidh tú in ann fanacht i mbrú, teach lóistín leaba agus bricfeasta nó i lóistín príobháideach ar cíos.

  • Is iondúil go bhfaighfidh an t-údarás áitiúil teach do chlann gan dídean a bhfuil páistí acu, tar éis tréimhse a bheith caite acu i lóistín éigeandála nó sealadach. Tá níos mó seans ann go gcaithfeadh daoine singil nó lanúin nach bhfuil clann orthu tithíocht phríobháideach a lorg ar cíos tar éis tréimhse a bheith caite i lóistín sealadach, mar nach gcuireann údaráis áitiúla tithíocht ar fáil do mhórán daoine nach bhfuil clann orthu.

Brú

Tá lóistín ar fáil i gcuid de na brúnna ó oíche go hoíche (tabharfar na leapacha do na chéad daoine a thagann). D'fhéadfadh sé gur lóistín sealadach a bheadh ann agus tú ag fanacht ar lóistín buan nó, d'fhéadfadh sé gur socrú fadthéarmach a bheadh ann. Tá go leor eagraíochtaí deonacha ag plé le brúnna do dhaoine gan dídean ar fud na tíre.

Tithe Leaba agus Bricfeasta

Má theastaíonn lóistín éigeandála uait nó ó do chlann agus muna bhfuil aon lóistín ar fáil i mbrú, d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil nó bord sláinte nó eagraíocht deonach tú a chur chuig teach lóistín leaba agus bricfeasta an fhad agus atá do chás dhá mheas.

Lóistín Príobháideach ar Cíos

D'fhéadfadh sé go mbeadh an Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh in ann cúnamh a thabhairt duit cuid den chíos ar lóistín príobháideach a íoc. Is é an bord sláinte áitiúil a dhéanann cinneadh maidir le cíos agus beidh ort scrúdú maoine a shásamh.

Rialacha

Conas iarratas a dhéanamh

Tá eolas ar lóistín atá ar fáil do dhaoine gan dídean ar fáil ón údarás áitiúil agus ó d'Oifig Sláinte Áitiúil FSS agus ba cheart duit agallamh le "Oifigeach Leasa Tithíochta" a iarraidh. I mBaile Átha Cliath tá an Fheidhmeannacht um Dhaoine gan Dídean Réigiún Bhaile Átha Cliath freagrach as comhordú seirbhísí do dhaoine gan dídean.

D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh cúnamh ar fáil do dhaoine gan dídean uaidh na heagraíochtaí deonacha , Cumann Naomh Uinseann de Pól, Pobal Síomóin, Focus Ireland, Arm an tSlánaithe agus Iveagh Trust ach braitheann seo cá bhfuil tú lonnaithe in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 July 2011

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid