Easpa dídine na n-óg

Réamhrá

Tá an iliomad cúiseanna éagsúla ann le heaspa dídine i measc daoine óga – is annamh a bhíonn aon chúis amháin taobh thiar di. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas bheith i gceist: coimhlintí laistigh den teaghlach; foréigean, mí-úsáid nó faillí sa bhaile; andúil drugaí nó alcóil; fadhbanna mothúchánacha nó iompair; agus cúram cónaithe nó cúram altranais a fhágáil. D’fhéadfadh go mbeadh duine óga i mbaol agus iad ag fágáil príosúin nó ionad coinneála ógánach.

Cad is easpa dídine na n-óg ann?

Tugtar sainmhíniú ar easpa dídine na n-óg sa Straitéis um Easpa Dídine na nÓg (pdf) (Béarla), ina gcuirtear le hobair an Fhóraim um Easpa Dídine na nÓg (pdf) (Béarla). Cuimsíodh in obair an Fhóraim daoine óga gan dídean idir 12 bhliain d’aois agus 20 bliain d’aois.

Sainmhínítear easpa dídine na n-óg sa Straitéis agus san Fhóram mar rud a chuimsíonn aon duine óg:

  • A chodlaíonn ar na sráideanna
  • A chodlaíonn in áit nach bhfuil deartha do chóiríocht oíche - páirceanna, foirgnimh as úsáid, urláir shiopaí nó scáthláin bhus ina measc.
  • A chodlaíonn i gcóiríocht atá deartha d’fhanachtaí gearra, amhail brúnna, ionaid dídine, cóiríocht leaba is bricfeasta nó cóiríocht den chineál céanna
  • A chónaíonn i gcóiríocht neamhbhuan le cairde nó le gaolta, áit a bhfuil siad i mbaol agus nach bhfuil siad in ann fanacht go fadtéarmach

Tá easpa dídine na n-óg cosúil le heaspa dídine na n-aosach ar bhealach, ach is ann do dhifríochtaí eatarthu freisin. Tagann an difríocht sin go príomha as an bhfreagracht dhlíthiúil atá ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, freastal ar chúram agus ar leas leanaí nach féidir leo cónaí sa bhaile a thuilleadh. Sainmhínítear leanbh san Acht mar dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois nach bhfuil pósta nó nach raibh pósta riamh. I mí Eanáir 2014, ghlac an Ghníomhaireacht le freagracht as na seirbhísí leas agus cosaint leanaí a d’fheidhmigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) roimhe sin.

Difríocht eile idir easpa dídine na n-óg agus easpa dídine na n-aosach is ea go bhfuil bunáit nó áit chónaithe ina bhféadfaidís cónaí ag formhór na leanaí. D’fhéadfadh nach mbeidís in ann fanacht sa teach, agus d’fhéadfadh go mbeadh dualgas ar a t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóir(í) nó ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach cúram a thabhairt dóibh. I gcás aosach – daoine atá os cionn 18 mbliana d’aois – atá gan dídean, áfach, níl dualgas dlíthiúil ar aon ghníomhaireacht ná ar aon chomhlacht seirbhísí sonracha a chur ar fáil dóibh bunaithe ar an stádas atá acu mar dhaoine gan dídean amháin.

Socruithe do dhaoine óga gan dídean

I gcásanna ina n-aithnítear leanaí a bheith i mbaol, tá sé de cheart ag an nGníomhaireacht idirghabháil a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht an linbh, sa chás nach bhfuil sé sábháilte don leanbh a thuilleadh fanacht sa bhaile nó filleadh ar an mbaile. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh go gcuirfí an leanbh faoi chúram altranais nó faoi chúram cónaithe. Leanaí atá gan dídean, ach nach meastar iad a bheith i mbaol ar shlí eile, cuirtear cóiríocht ar fáil dóibh faoi Alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991.

Daoine óga áirithe atá ag fágáil cúram cónaithe, cúram altranais, príosúin nó seirbhísí coinneála ógánach, d’fhéadfadh go mbeidís i mbaol easpa dídine. Féachann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach leis an mbaol sin a laghdú trí thacaí iarchúraim a bhunú do leanaí den sórt sin. Tá sé beartaithe bonn reachtúil a thabhairt don cheanglas go gcuirfear plean iarchúraim ar fáil do gach leanbh sna cásanna sin – féach ‘Iarchúram’ thíos.

Náisiúnaigh eachtracha neamhthionlactha faoi 18 mbliana d’aois a thagann isteach sa Stát ar bhád nó ar eitleán gan a dteaghlach, tarchuirtear iad mar ghnás chuig an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, a fhéadfaidh a chinneadh ina dhiaidh sin gur cheart iarratas ar dhearbhú mar dhídeanaí a dhéanamh ar son an mhionaoisigh. Déanann an Ghníomhaireacht socruithe sonracha i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe maidir le hiarratais den sórt sin a phróiseáil. Tá an Ghníomhaireacht freagrach as cúram ginearálta agus as folláine ghinearálta an mhionaoisigh agus tugann sí cúnamh dó/di.

Is trí ghníomhaireachtaí deonacha, trí oibrithe sóisialta nó tríd an nGarda Síochána a theagmhaíonn a lán leanaí agus daoine óga le seirbhísí do dhaoine gan dídean. Tá cuid mhór eagraíochtaí ann a oibríonn go sonrach le daoine gan dídean agus le daoine óga gan dídean. D’fhéadfadh go soláthródh gníomhaireachtaí béilí, comhairle, tacaíocht, cóiríocht brú nó cóiríocht de chineál eile, mar aon le seirbhísí sláinte agus oideachais.

Ról an Gharda Síochána

Nuair a thagann na Gardaí ar dhaoine óga atá ina gcodladh ar na sráideanna nó in áiteanna eile nach bhfuil deartha dá n-úsáid san oíche, is gnách go ndéanann siad teagmháil leis an oibrí sóisialta ar dualgas don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ionas gur féidir cóiríocht éigeandála a shocrú. D’fhéadfadh go mbeadh an chóiríocht éigeandála sin ina teach cónaithe do leanaí; ina cóiríocht leaba agus bricfeasta nó ina cóiríocht le tuismitheoirí altrama. Déanann an Ghníomhaireacht measúnú ina dhiaidh sin ar riachtanais an linbh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus, nuair is gá, cuireann sí plean cúram cuí i bhfeidhm. Dá bharr sin, d’fhéadfadh go bhfillfí an leanbh ar ais ar an mbaile nó go gcuirfí é/í faoi chúram malartach/i gcóiríocht mhalartach, de réir mar is cuí.

I mBaile Átha Cliath, is é an chéad phointe teagmhála do dhaoine atá gan dídean ná an tSeirbhís Idirghabhála Géarchéime, ar a dtugtar an tSeirbhís Lasmuigh d’Uaireanta Gnó freisin. Seirbhís oibre sóisialta a phléann le cóiríocht freisin is ea an tSeirbhís. Ní mór do dhuine freastal ar stáisiún an Gharda Síochána chun teacht ar an tseirbhís. Déanfaidh an stáisiún teagmháil leis an tSeirbhís Idirghabhála Géarchéime ina dhiaidh sin.

Iarchúram

Tá sé de fhreagracht ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) leas leanaí atá 18 mbliana d’aois ar a mhéad a chur chun cinn.

Ón 1 Meán Fómhair 2017 ar aghaidh, tá sé de cheart ag daoine óga atá ag fágáil cúraim ag aois 18 mbliana plean iarchúraim arna ullmhú ag Tusla a bheith acu. Is féidir le Tusla cúnamh a thabhairt do dhaoine óga suas go haois 21 bliana d’aois atá tar éis a bheith i gcúram. Is féidir é sin a shíneadh go dtí go mbeidh 23 bliana d’aois bainte amach ag an duine óg, chun go gcríochnófar cúrsa oideachais. Áirítear socruithe maidir le cóiríocht sa phlean sin.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Daoine óga a bhí faoi chúram na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (nó a bhí faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimhe sin) roimh dóibh 18 mbliana d’aois a bhaint amach agus a cháilíonn do Liúntas Cuardaitheora Poist nuair a bhaineann siad 18 mbliana d’aois amach, is féidir go bhfaighidh siad an ráta iomlán íocaíochta, agus ní na rátaí laghdaithe atá i bhfeidhm do dhaoine atá idir 18 mbliana d’aois agus 26 bliain d’aois. Daoine óga nach raibh faoi chúram agus atá gan dídean anois, ní cháileoidh siad ach do na rátaí laghdaithe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Más duine óg thú atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá i mbaol nó gan dídean, nó má tá aithne agat ar dhuine óg atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá i mbaol nó gan dídean, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó leis an nGarda Síochána.

Tuilleadh eolais

Freagracht chun mí-úsáid leanaí a thuairisciú

Níor cheart glacadh le rud ar bith thuas mar rud a ghlacann áit fhreagracht reachtúil na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach, nó a laghdaíonn ar an bhfreagracht reachtúil sin, maidir le cúram agus le cosaint daoine óga faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, agus ba cheart do gach ball foirne bheith ar an eolas faoin bhfreagracht atá orthu mí-úsáid leanaí a thuairisciú faoi mar atá leagtha amach in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2011) (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Márta 2019