Comhúinéireacht Tugann an scéim seo deis do dhuine sciar de theach a
cheannach ar dtús, agus an sciar a mhéadú de réir a chéile go dtí go bhfuil an
teach ar fad ceannaithe. An fhad is go bhfuil sciar dhá cheannach tá
úinéireacht an tí roinnte leis an údarás áitiúil.
Tithíocht inacmhainne Scéim í seo a chuidíonn le teaghlaigh ar ioncam íseal a
dteach féin a cheannacht.
Suíomhanna tithíochta ar chostas íseal Is féidir le húdaráis áitiúla suíomhanna tithíochta a chur
ar fáil ar chostas íseal, chun cabhrú le daoine a bhfuil tithíocht de dhíth
orthu a gcuid tithíocht féin a chur ar fáil.
Morgáistí údaráis áitiúla Is féidir le údaráis áitiúla morgáístí a chur ar fáil do dhaoine nach féidir leo iasacht a fháil ó chumann foirgníochta ná ó bhanc.
Scéim Liúntas Morgáiste Tá liúntas de 11,427.64 euro iníoctha thar tréimhse 5
bhliana le tionóntaí den údarás áitiúil nó le tionóntaí atá ag ceannach ón
údarás nó tionóntaí de chumainn tithíochta faoi leith atá ag ceannach nó ag
tógáil tí le morgáiste.
Ag íoc chun teach a cheannach in Éirinn. Tá fáil ar iasachtaí chun tithe a cheannacht ó chumainn
foirgníochta, bainc agus údaráis áitiúla. Tá cinéalacha éagsúla morgáiste ar
fáil, agus tá faoiseamh cánach ar fáil ar íocaíochtaí úis.
Iasacht Rogha Tí Morgáiste do cheannaitheoirí chéad uaire nach féidir leo morgáiste nó maoiniú a ndóthain a fháil ó na bainc ná ó na cumainn foirgníochta.