Tithíocht inacmhainne

Tithíocht inacmhainne

Tá sé mar chuspóir ag tithíochta inacmhainne cabhrú le teaghlaigh ar ioncaim íseal a gcuid tithe féin a cheannach.

Tugann an scéim deis do cheannaitheoirí tithe ar ioncaim íseal tithe agus arasáin atá nuathógtha a cheannach i gceantair ina bhfuil praghas na dtithe ró-ard de ghnáth dóibh. Cuirtear na háitribh seo ar fáil do cheannaitheoirí incháilithe atá ag ceannach tithe don chéad uair ag praghsanna atá i bhfad níos ísle ná a bhfíor luach ar an margadh.

Cliceáil agus féach anseo tithíocht inacmhainne a chur ar fáil faoi láthair.

Morgáistí tithíochta inacmhainne

Ceannaítear na tithe le morgáiste a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil. Soláthraíonn bainc morgáistí tithíochta inacmhainne freisin. Is féidir iasacht a fháil gur ionann suas le 97% de luach an tí é, ar an gcoinníoll nach bhfuil na haisíocaíochtaí níos mó ná 35% d'ioncam glan an teaghlaigh. Is é sin, ioncam lúide cáin agus árachas sóisialta (ÁSPC). Tá morgáistí tithíochta inacmhainne speisialta molta ag iasachtóirí príobháideacha áirithe. Go hiondúil beidh na morgáistí seo ag tairiscint 97% den phraghas ceannaigh, áfach, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidh uasteorainn i gceist leo (rud a bheadh i gceist le hiasachtaí údarás áitiúla a mbaineann teorainn €220,000 leo). Ní mór d’iarratasóirí ar mhorgáistí tithíochta inacmhainne san earnáil phríobháideach réamhcheadaíocht a fháil óna n-údaráis áitiúla i dtaobh maoin oiriúnach.

Scéim Fordheontais Morgáiste

Má fhaigheann tú airgead ar iasacht ón údarás áitiúil má tá ollioncam do theaghlaigh níos lú ná €28,000, beidh tú i dteideal fordheontais le laghdú a dhéanamh ar d'aisíocaíochtaí morgáiste. Íocfar an fordheontas seo leis an údarás áitiúil. Fordheontas bliantúil idir €1,050 agus €2,550 atá i gceist.

D'fhéadfadh teaghlach nach bhfuil incháilithe don fhordheontas seo a bheith incháilithe don Scéim Liúntais Mhorgáiste.

Cineáil tithíochta inacmhainne

Úsáidíonn an t-údarás áitiúil 3 bealaí difriúla chun tithíocht inacmhainne a sholáthar. Tá siad mar a leanas:

  • Scéim Tithíochta Inacmhainne
  • Cuid 5 de na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt 2000–2002
  • Tioncsnamh Tithíochta Inacmhainne (TTI) isteach faoin Dul Chun Cinn a Chothú

D’fheadfadh tú bheith incáilithe le tithíocht soláthartha faoi na 3 bealaí. Nuair a dhéanann tú iarratas ar thithíocht inacmhainne, déanfaidh do húdarás áitiúil measúnú ort maidir lena roghanna tithíochta difriúla ar fáil. Tá an cuid is mó don thithíochta inacmhainne soláthartha faoin Cuid 5 de na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt 2000 – 2002 agus an Tioncsnamh Tithíochta Inacmhainne

Scéim Tithíochta Inacmhainne

Soláthraíonn na húdaráis áitiúla talamh ar a dtógtar tithe nua le díol. Má tá níos mó iarrthóirí intofa ann ná tithe, déanfaidh an t-údarás áitiúil ord na tosaíochta a chinntiú, ag tógáil cúinsí na dteaghlach san áireamh agus rle.
Beidh tú i dteideal a bheith páirteach sa Scéim Tithíochta Inacmhainne má:

  • theastaíonn teach uait agus má shásaíonn d'ioncam an scrúdú ioncaim thíos, nó
  • má tá tú cláraithe ar liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil, nó
  • más tionónta thú den údarás áitiúil, nó tionónta atá ag ceannach tí agus más mian leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás áitiúil, nó
  • más tionónta thú le ós cionn bliana i dteach atá curtha ar fáil ag cumann tithíochta faoin Scéim Iasachta Caipitil agus Fordheontais agus más mian leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don chumann tithíochta.

Baineann an scrúdú ioncaim amháin le daoine sa chéad rannóg seo; má thiteann tú faoin dara, tríú, nó ceathrú rannóg, ní bhaineann an scrúdú ioncaim leat.

An scrúdú ioncaim

  • Teaghlach aon ioncam: Má bhí d'ollioncam (roimh cháin) sa bhliain chánach dheireanach cothrom le nó níos lú ná €40,000 beidh tú i dteideal na scéime.
  • Teaghlach dhá ioncam: Méadaigh ollioncam (roimh cháin) an tsaothraí is airde, sa bhliain chánach dheireanach faoi 2.5 agus cuir leis ollioncam an tsaothraí eile sa bhliain chánach dheireanach. Más €100,000 nó níos lú atá i gceist beidh tú i dteideal na scéime.

Cuid 5 tithíocht inacmhainne

Tugann Cuid 5 de na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt 2000-2002 cead don údarás áitiúil iachall a chur ar fhorbróirí suas le 20% de thograí, ina bhfuil 5 nó níos mó teach i gceist, a chur ar leataobh don tithíocht sóisialta nó inacmhainne. Is é an t-údarás áitiúil a dhéanfaidh an cinneadh cén céatadán den 20% a bheidh tithíocht inacmhainne. Tógtar an cinneadh seo i gcomhair leis an bhforbróir, an céatadán cuí atá leagtha síos sa phlean forbartha curtha san áireamh.

Níl aon rialacha a leagann síos cá bhfuil tithe inacmhainne le lonnú i bhforbairtí nua. Is é an t-údarás áitiúil a dhéanann an cinneadh cé na tithe a roghnófar mar thithe inacmhainne mar is cuí. Mar shampla d’fhéadfadh na tithe inacmhainne a bheith anseo is ansiúd ar fud an eastáit nó a bheith lena chéile ina mbeirteanna nó in áiteanna faoi leith. Déanann an t-údarás áitiúil cinneadh cé chomh gar dá chéile gur ceart na tithe seo a bheith ag brath ar a bhfuil feiliúnach don cheantar agus feiliúnach do na daoine a bheidh ina gcónaí sna tithe seo.

Teidlíocht tí inacmhainne faoi Chuid 5

Tá tú i dteideal tí inacmhainne a cheannach faoi Chuid 5 de na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt más rud é nach leor 35% de d'ioncam le bheith ar do chumas tí a cheannach.

Tioncsnamh Tithíochta Inacmhainne

Tugtar an Tioncsnamh Tithíochta Inacmhainne (TTI) isteach faoin Dul Chun Cinn a Chothú Comhaontú. Faoin Tioncsnamh seo soláithríonn an Oifig na nOibreacha Poiblí talamh ar a dtógtar tithe nua le díol. Is féidir don TTI freastal don riachtanas daoine nach bhfuil acmhainní acu tithíocht a cheannach ar an margadh oscailte.

Teidlíocht Tioncsnaimh Tithíochta Inacmhainne

Tá tú i dteideal tí inacmhainne a cheannach faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne más rud é nach leor 35% de d'ioncam le bheith ar do chumas tí a cheannach.

Do theach a dhíol

Má dhíolann tú do theach taobh istigh de 20 bliain beidh ort céatadán den airgead ón díolachán a aisíoc leis an údarás áitiúil. Is ionann an céatadán seo agus an céatadán dífríocht idir praghas an díolacháin agus luach an tí ar an margadh. Laghdófar an tsuim seo gach bliain faoi 10% nuair is leat an teach ar feadh 10 mbliana. Mar sin, má dhíolann tú do theach tar éis 20 bliain ní bheidh ort aon aisíocaíocht a dhéanamh leis an údarás áitiúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Seoltar iarratais um thithíocht inacmhainne chuig an údarás áitiúil.

Féach anseo chun tuilleadh eolais faoi thithíocht soláthartha ag d'údarás áitiúil. Déanfaidh an t-údarás áitiúil an cinneadh cén forbairt tithíochta inacmhainne a mbeidh tú incháílithe.

D'fhéadfadh sé go mbeadh ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil in éineacht le d'iarratas:

  • Duillín pá reatha ó d'fhostóir
  • Foirm Chánach Ioncaim (P60) nó Ráiteas Comhardaithe ÍMAT (P21)
  • Cáipéisí eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón údarás áitiúil.

D'fhéadfadh sé freisin go n-iarrfaí ort litir a chur ar fáil ó d'fhostóir ag deimhniú gur fostaí buan thú. D'fhéadfadh sé go mbeadh cuntais iniúctha ag teastáil don trí bhliain roimhe má tá tú féin-fhostaithe.

Má tá tú ag íoc cíosa faoi láthair ar d'áit chónaithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort ráiteas maidir le do chíos seachtainiúil sínithe ag an tiarna talún a chur ar fáil nó d'fhéadfá cóip de do leabhar cíosa a chur ar fáil in éineacht le d'iarratas.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an gComhpháirtíocht um Thithíocht Inacmhainne.

Gníomhaireacht rialtais is ea Chomhpháirtíocht um Thithíocht Inacmhainne (CTI) atá freagrach as tithíocht inacmhainne a chothú. Tá leabhrán forbartha ag CTI a chiallíonn conas teach inachmainne a fháil (pdf).

Is féidir dul i dteagmháil leo mar a leanas:

Gníomhaireacht Tithíochta

2ú Urlár
Teach Cumberland
Sráid na bhFíníní
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 1 656 4100
Facs: +353 1 656 4101
Láithreán Gréasáin: http://www.housing.ie
R-phost: info@housing.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 June 2009

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid