Morgáistí údaráis áitiúla

Eolas

Muna féidir leat iasacht a fháil ó chumann foirgníochta nó ó bhanc b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal morgáiste ó d'údarás áitiúil.

Is féidir leis an t-iasacht a bheith chomh hárd le 97% de luach an tí ach le huasmhéid iasachta de €220,000 agus le haisíocaíochtaí nach bhfuil níos mó ná 35% d' ioncam glan an teaghlaigh (ioncam tar éis cáin agus ÁSPC)

Beidh morgáiste údarás áitiúil ina mhorgáiste íocaíocht tithe le rátaí úis malartach ionas go mbeidh na haisíocaíochtaí ag dul suas agus síos le rátaí úis ginearálta.

Rialacha

D’fhéadfá a bheith i dteideal morgáiste ó údarás áitiúil más féidir leat a thaispeáint don údarás áitiúil nach féidir leat iasacht a fháil ó bhanc ná ó chumann foirgníochta agus:

  • gur ceannaitheoir céad-uaire tú agus
  • go sásaíonn d’ioncam an tástáil ioncaim - féach thíos

An scrúdú ioncam:

Teaghlach le hioncam amháin

  • Má bhí do oll-ioncam (roimh cháin) de €50,000 nó níos lú agat sa mbliain dheireanach cánach, tá tú i dteideal.

Teaghlach le dhá ioncam

  • Má bhí do oll-ioncam (roimh cháin) de €75,000 nó níos lú agat sa mbliain dheireanach cánach, tá tú i dteideal.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 August 2009

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid