Tá liúntas de suas le 11,427.64 euro iníoctha thar tréimhse cúig bhliana le tionóntaí an údaráis áitiúil nó tionóntaí atá ag ceannacht ón údarás. Tá an liúntas ar fáil freisin do thionóntaí Chumainn Tithíochta a chónaíonn i dtithe atá curtha ar fáil faoin Scéim Fordheontas Cíosa atá ag ceannach nó ag tógáil tí le morgáiste.
Íoctar an liúntas díreach leis an údarás iasachta agus laghdaítear na haisíocaíochtaí atá le déanamh agat mar is cuí don chéad chúig bhliana den mhorgáiste. Is féidir leat do mhorgáiste a fháil ó údarás tráchtála iasachta nó ó údarás áitiúil.
Ní mór de mhorgáiste de ar a laghad 38,092.14 euro a bheith agat.
Más ag ceannacht tí thú faoin Scéim Comhúinéireachta, níl tú intofa don Scéim Liúntas Morgáiste.
Ní mór don teach a bheith feiliúnach do do riachtanais, bunchaighdeáin a shásamh agus ní mór don údarás áitiúil a bheith sásta leis.
D'fhéadfá a bheith i dteideal an liúntais:
Déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil le tuilleadh eolais a fháil.