Deisiúcháin, cothabháil agus íoschaighdeáin fisiciúla

Íoschaighdeáin

Tá dualgas dlíthiúil ar do thiarna talún, ar an údarás áitiúil nó ar chumann tithíochta a chinntiú go mbaineann do theach íoschaighdeáin fisiciúla áirithe amach.

Ón 1 Feabhra 2009, ní mór d’áitribh atá ar cíos íoschaighdeáin fisiciúla nua a bhaint amach, atá leagtha síos i Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008 (pdf).

Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin caighdeáin i gcóiríocht ar cíos a fheabhsú. Gheobhaidh siad réidh de réir a chéile leis an seomra beag amháin nó an ‘bedsit’ traidisiúnta agus beidh ar gach aonad ar cíos áiseanna leithris agus folcadán nó cith dá chuid féin a bheith ann. Ní bheidh tine oscailte sách maith níos mó mar fhoinse teasa as féin; beidh gá le téamh lárnach nó a leithéid.

Ní mór do theach nó árasán a ligtear ar cíos den chéad uair tar éis an 1 Feabhra 2009 cloí go hiomlán leis na Rialacháin. Ní bhainfidh cuid de na Rialacháin le tionóntachtaí atá ann cheana féin go dtí an 1 Feabhra 2013, áfach. Ciallaíonn sé seo, má ligeadh teach ar cíos idir an 1 Meán Fómhair 2004 agus an 31 Eanáir 2009, nach gá dó na híoschaighdeáin fisiciúla nua go léir a chomhlíonadh.

Áitribh nua ar cíos

Ón 1 Feabhra ní mór do thiarna talún:

  • A chinntiú go bhfuil an teach slán go bunúsach, le díon, urláir, síleálacha, ballaí agus staighrí atá deisithe go cuí agus nach bhfuil aon taise nó lobhadh tromchúiseach ag baint leo
  • Doirteal le huisce te agus fuar a chur ar fáil
  • Seomra ar leith le haerú a chur ar fáil ina bhfuil folcadán nó cith agus leithreas
  • Fearais théite a chur ar fáil do gach seomra a bhfuiltear ag maireachtáil ann
  • Áiseanna a chur ar fáil chun trealamh cócaireachta a shuiteáil agus áiseanna chun bia a stóráil go slán, mar shampla, 4 fháinne oighinn le bácús agus greille, cuisneoir-reoiteoir agus oigheann micreathonnach
  • Áiseanna níocháin éadaigh a chur ar fáil
  • Áiseanna triomaithe éadaigh a chur ar fáil mura bhfuil gairdín nó clós ann
  • Cinntiú go bhfuil soláthairtí leictreachais nó gáis deisithe mar is cóir agus go bhfuil siad sábháilte
  • Cinntiú go bhfuil dóthain aerú ag gach seomra chomh maith le solas nádúrtha agus saorga
  • Pluid dóiteáin agus aláraim dhóiteáin a chur ar fáil
  • Rochtain a chur ar fáil ar áiseanna stórála bruscair atá cosanta ó mhionainmhithe agus lotnaidí

Áitribh cíosa atá ann cheana féin

Má tá áitreabh ligthe ar cíos ag am ar bith idir 1 Meán Fómhair 2004 agus 31 Eanáir 2009 ní chaithfidh sé na caighdeáin nua maidir le háiseanna stórais, réiteach bia, níochán éadaigh, teasa agus sláinteachas a bhaint amach go dtí an 1 Feabhra 2013. Ní mór dó na caighdeáin eile uilig atá leagtha síos sna Rialacháin a chomhlíonadh, áfach.

Ciallaíonn sé seo gur féidir le háitreabh atá ar cíos faoi láthair leanúint ar aghaidh ag soláthar:

  • Leithreas agus folcadán/cith i gcomhair gach dhá árasán, mura bhfuil ceathrar atá singil ina gcónaí i gceithre sheomra bheaga nó “bedsit” aonair. Sa chás sin, is féidir leis an gceathrar leithreas agus folcadán/cith a roinnt.
  • Fearais théite a chur ar fáil, a bhféadfaidh tine oscailte a bheith ina measc.

Údaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta

Ní gá d’údaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta áirithe na Rialacháin nua maidir le háiseanna stórais, réiteach bia agus níochán éadaigh a chomhlíonadh. Beidh siad fós á rialú ag Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 1993 agus ní mór dóibh iad seo a leanas a chur ar fáil:

  • Áiseanna chun trealamh cócaireachta a shuiteáil.
  • Áiseanna chun bia a stóráil go slán.

Mura mbaineann do theach amach na híoschaighdeáin

Cuireann údaráis áitiúla na caighdeáin seo i bhfeidhm, mar sin, má cheapann tú nach gcloínn do theach leis na híoschaighdeáin seo, ba chóir duit gearán a dhéanamh leis an údarás áitiúil, bíodh is gur tionónta de chuid údarás áitiúil nó cumann tithíochta tú. Más tionónta príobháideach tú agus go gceapann tú nach gcloínn do chóiríocht leis na caighdeáin nó go ndiúltaíonn do thiarna talún deisiúcháin atá ar an liosta thuasluaite a dhéanamh, is féidir leat iarraidh ar an údarás áitiúil iallach a chur ar an tiarna talún cloí leis na caighdeáin seo.

Is féidir pionóis agus ionchúisimh a bheith mar thoradh ar theipeadh cloí leis na híoschaighdeáin.

Is féidir leis an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha idirghabháil a dhéanamh in aon díospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí san earnáil phríobháideach ina dhiaidh sin.

Deisiúcháin agus cothabháil

Leagfaidh do chomhaontú tionóntachta síos na deisiúcháin atá faoi chúram an údaráis áitiúil nó an chumainn tithíochta, agus cé acu a bhfuil an tionónta freagrach astu.

Go hiondúil, bíonn an tionónta freagrach as maisiú taobh istigh, fuinneoga agus feistis, agus bíonn an t-údarás áitiúil nó an cumann tithíochta freagrach as mórdheisiúcháin struchtúracha agus maisiú agus cothabháil taobh amuigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 February 2010

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid