Is tionónta tú má bhíonn tú ag íoc cíosa as do bhailese do thiarna talún. Nuair a íocann tú cíos do thiarna talún, bíonn conradh nó comhaontú agat leis an duine sin. Glaoitear léas nó tionóntacht ar an gcomhaontú seo idir tiarna talún agus tionónta. Ní chaitheann tionóntacht a bheith scríofa síos.
Tá cineálacha éagsúla tionóntachtaí ann in Éirinn. Is iad na cinn is coitianta ná
Ní mhaireann tionóntacht thréimhsiúil ar feadh mhéid seasta ama. Féadann an tréimhse tionóntachta a bheith seachtainiúil nó míosúil ag brath ar cathain a íocann tú an cíos. Is gnách gur comhaontuithe béil neamhfhoirmiúla iad na tionóntachtaí tréimhsiúla ach bíonn siad i bhfoirm scríbhinne ó am go chéile.
Is comhaontú a chlúdaíonn méid ama sonrach í tionóntacht téarma seasta. Breactar síos an comhaontú i scríbhinn go ginearálta. Tugtar léas ar an gconradh scríofa seo. D’fhéadfadh tréimhse ar bith a bheith le léas, ach bíonn raon aige ó chomh gairid le sé mhí suas go bliain amháin nó níos mó. Cuirfidh an léas in iúl an méid cíosa a chaitheann tú a íoc, cé chomh minic agus a chaitheann tú é a íoc agus coinníollacha eile nach iad. Moltar go láidir duit déanamh cinnte de go dtuigeann tú téarmaí an léis sula síníonn tú é. Is conradh ceangailteach léas idir tú féin agus an tiarna talún agus bíonn faisnéis thábhachtach ann um théarmaí do thionóntachta. (Ba cheart eolas a bheith ann go sonrach faoina dtarlóidh má bhriseann ceachtar agaibh téarmaí an chomhaontaithe).
Ní féidir téarmaí a bheith i léas a bhréagnaíonn cearta dlíthiúla na dtionóntaí agus na dtiarnaí talún, ámh. Má tharlaíonn seo, cuirtear do chearta dlíthiúla mar thiarna talún nó mar thionónta in ionad théarmaí an léis. Mar shampla, ní féidir le tiarnaí talún dul isteach sa mhaoin ag am ar bith gan do chead a lorg. Bíonn an cás seo amhlaidh fiú mar a sloinntear a gceart chun dul isteach sa mhaoin ag am ar bith i do léas-sa.
Má bhíonn an cíos bliantúil don léas ar chóiríocht chónaitheach os cionn €30,000, bíonn an tionónta freagrach as dleacht stampa ar an gcíos bliantúil. Is í d’fhreagracht mar thionónta é seo a íoc, agus ba chóir é a íoc chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Má shíníonn tú léas i dteannta le daoine eile, (is é sin, go mbíonn tú ag comhroinnt na cóiríochta agus an chíosa le daoine eile) glacann gach duine agaibh le freagracht as an gcíos go léir. Mar sin, mura féidir le do chomhthionóntaí íoc as a gcion den chíos, féadann tú a bheith faoi dhliteanas dlíthiúil as an méid iomlán. Má shíníonn tú léas ar son na dtionóntaí eile, is tusa a ghlacann freagracht as an gcíos uile.
Tá na difríochtaí idir an dá chineál tionóntachta tar éis éirí níos neamhthábhachtaí ó tháinig an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 i bhfeidhm. Bíonn i bhfad níos mó slándála ag tionóntaí faoin reachtaíocht seo ná mar a bhíodh acu. Bíonn an ceart agat chun fanacht i gcóiríocht ar cíos d’fhuílleach na tréimhse cheithre bliana, tar éis thréimhse tosaigh promhaidh shé mhí. Tugtar tionóntacht Chuid 4 ar an gcineál seo tionóntachta.
Is féidir le do thiarna talún tionóntacht a chríochnú gan fáth a thabhairt i rith na chéad sé mhí den tionóntacht. Ní féidir leo an tionóntacht a chríochnú tar éis don tionóntacht maireachtáil ar feadh shé mhí, ach amháin ar fhorais sonraithe sna trí bliana go leith ina dhiaidh sin. Léigh tuilleadh faoi anseo má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh tú. Tar éis 4 bliana de do thionóntacht a bheith caite is ea a thosaíonn tionóntacht úr. Féadann an timthriall 4 bliana céanna tosú in athuair, as a n-eascróidh tionóntacht Chuid 4. Is 'tionóntacht Chuid 4' dá réir aon tionóntacht atá tar éis maireachtáil ar feadh níos mó ná sé mhí, nó is 'tionóntacht bhreise Chuid 4' í. Is féidir le tionóntaí an tionóntacht a chríochnú ag am ar bith gan fáth a thabhairt, faoi réir na rialacha do thabhairt fógra (Féach 'Rialacha' thíos).
Ní chaitheann na buntionóntaí fanacht sa teach le go bhfeidhmeoidh an chosaint Chuid 4 do thionóntaí a bhíonn ann níos déanaí. Ritheann an timthriall Chuid 4 ón tionónta is luaithe ámh, agus maireann an chosaint níos lú ná ceithre bliana dá réir sin do thionóntaí a thagann lena bheith ina gcónaí sa teach ag tráth éigin níos déanaí. Má shanntar an tionóntacht go tionónta úr (ciallaíonn sin aistriú le comhthoil an tiarna talún féin), is amhlaidh go dtosaíonn timthriall tionóntachta úr (mura fo-thionónta iad an sannaí cheana féin). Má fho-ligtear tionóntacht (ciallaíonn sin go mbíonn an buntionónta ina dtiarna talún d'fho-thionónta nua le comhthoil an tiarna talún), is iad na rialacha céanna a rialaíonn an fho-thionóntacht agus a rialaigh an bhuntionóntacht .i. thosaigh sí ar an dáta céanna agus chríochnaigh sí ar an dáta céanna. Scoirtear an tionóntacht mura mbíonn tionónta ina gcónaí ann ag aon phointe, a gclúdaíonn tionóntacht Chuid 4 iad.
Ní foláir fógra a thabhairt do thionóntaí ag deireadh tionóntachta, beag beann ar an bhfáth leis. Braitheann fad an fhógra ar fhad na tionóntachta.
| Fad na tionóntachta | Fógra ón tiarna talún |
| Níos lú ná 6 mhí | 4 seachtaine (28 lá) |
| Ó 6 mhí go bliain | 5 seachtaine (35 lá) |
| 1 – 2 bhliain | 6 seachtaine (42 lá) |
| 2 – 3 bliana | 8 seachtaine (56 lá) |
| 3 – 4 bliana | 12 seachtaine (84 lá) |
| 4 bliana nó níos mó | 16 seachtaine (112 lá) |
Féadtar fógra níos giorra a thabhairt mura mbíonn na tionóntaí ag cloí lena n-oibleagáidí (28 lá) nó má bhíonn iompar frith-shóisialta tromchúiseach ann (7 lá). Is féidir díospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí faoi fhógra a tharchur chuig an Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.
Is féidir le tionóntaí tionóntacht a fhoirceannadh gan fáth a thabhairt ach ní foláir dóibh fógra a thabhairt.
| Fad na tionóntachta | Fógra ag an tionónta |
| Níos lú ná 6 mhí | 4 seachtaine (28 lá) |
| Ó 6 mhí go bliain | 5 seachtaine (35 lá) |
| 1 – 2 bhliain | 6 seachtaine (42 lá) |
| 2 bhliain nó níos mó | 8 seachtaine (56 lá) |
Má tá comhaontú téarma seasta nó léas ag tionóntaí, tagann siad faoi réir théarmaí an chomhaontaithe sin freisin. Ciallaíonn seo go bhféadfaidís a n-éarlais a chailliúint má fhágann siad roimh an téarma a shloinntear sa léas, fiú má thugann siad an méid ceart fógra.
Ní féidir le tiarnaí talún cíos a ghearradh os cionn ráta an mhargaidh. Féadann tiarnaí talún athbhreithniú cíosa a lorg i ndiaidh na chéad dhá mhí dhéag de thionóntacht. Féadann tionóntaí athbhreithniú a lorg go bliantúil. Ní féidir athbhreithnithe a reáchtáil níos minice ná ar bhonn bliantúil mura raibh athrú suntasach ann i nádúr na cóíríochta i rith na tréimhse sin. Má bhíonn tú ag fáil íocaíocht leasa shóísialaigh, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal fhorlíonadh cíosa chun cabhrú leis an gcíos duit
Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
8 Cé an Athair Maitiú
Corcaigh
Éire
Teil:(021) 427 8848
Facs:(021) 480 5111
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advicecork@threshold.ie
3 Plás Victoria
Bóthar na gCeannaithe
Gaillimh
Éire
Teil:(091) 563 080
Facs:(091) 569 273
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: thresholdgalway@eircom.net