Ról an bhreithimh

Réamhrá

De ghnáth i seomra cúirte in Éirinn, suíonn an breitheamh ar ardán ardaithe ag barr na cúirte agus coiléar bán agus róba dubh air/uirthi.

San am a chuaigh thart, tugadh “a Thiarna” ar bhreithiúna. Anois, tugtar “a Bhreithimh” orthu, agus tagraítear dóibh mar “an Chúirt”. Is é an t-aon eisceacht dó seo ná i gcás an Phríomh-Bhreithimh agus Uachtaráin na gcúirteanna íochtaracha éagsúla, a dtugtar a gcuid teidil orthu.

Breithiúnais agus giúiréithe

Mura bhfuil giúiré sa chúirt

Mura bhfuil giúiré i gcás, is é an breitheamh a chinneann toradh an cháis, i.e. cé acu páirtí a bhuann agus a chailleann an cás.

Éisteann an breitheamh leis an bhfianaise ón dá pháirtí agus le haighneachtaí na n-abhcóidí (nó na n-aturnaetha). Féadfaidh an breitheamh ceisteanna a chur ar fhinné nó ar abhcóide (nó aturnae) ar bith.

Féadfaidh an breitheamh an breithiúnas a thabhairt sa chás ag deireadh na trialach nó féadfaidh sé/sí an breithiúnas a “fhorchoimeád”. Nuair a fhorchoimeádtar breithiúnas, tógfaidh an breitheamh am chun an cás a bhreithniú agus ansin, ag tráth éigin níos déanaí, tugtar an breithiúnas.

Má tá giúiré sa chúirt

Má bhíonn giúiré sa chás, de ghnáth is é an giúiré a chinneann toradh an cháis.

Tugann an breitheamh treoir don ghiúiré agus cinntíonn sé/sí go reáchtáiltear an triail i gceart. Tá an fheidhm fhíorthábhachtach ag giúiré i dtriail choiriúil cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil an duine atá cúisithe sa choir ciontach nó neamhchiontach.

Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoi ról an ghiúiré sa seomra cúirte.

Breithiúna a cheapadh

Is é/í an tUachtarán a cheapann breithiúna in Éirinn, ag gníomhú de réir chomhairle an Rialtais.

I bhformhór na gcásanna, cinneann an Rialtas cé a cheapfar mar bhreitheamh tar éis dó comhairle a fháil ón mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha. Déanann an Bord seo an Rialtas a chur ar an eolas faoi abhcóidí agus aturnaetha oiriúnacha atá tar éis isteach ar an bpost.

Bunaíodh an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha le dlí faoi Alt 13 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995.

Is é seo a leanas ballraíocht an Bhoird um Cheapacháin Bhreithiúnacha:

  • An Príomh-Bhreitheamh
  • Uachtarán na Cúirte Achomhairc
  • Uachtarán na hArd-Chúirte
  • Uachtarán na Cúirte Cuarda
  • Uachtarán na Cúirte Dúiche
  • An tArd-Aighne
  • Abhcóide agus aturnae cleachtacha, agus 3 cheapachán arna ndéanamh ag an Aire

An Bille fán gCoimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2022

Déanfaidh an Bille fán gCoimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2022 leasú ar an gcaoi a gceapfar breithiúna. Nuair a bheidh an bille ina dhlí, cuirfear comhlacht nua, an Coimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, in ionad an Bhoird Chomhairligh um Cheapacháin Bhreithiúnacha.

Taithí ag teastáil chun a bheith ceapadh mar bhreitheamh

Ní mór taithí 10 mbliana ar a laghad mar abhcóide nó aturnae a bheith ag breithiúna sula gceaptar chuig an gCúirt Dúiche iad agus ar a laghad 12 bliain de thaithí sula gceaptar chuig an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc nó an Chúirt Uachtarach iad. De ghnáth, bíonn go leor blianta eile de thaithí acu sula gceaptar iad.

Bille na gCúirteanna, 2023

Dréachtaíodh Bille na gCúirteanna 2023 ionas go bhféadfaí níos mó breithiúna a cheapadh chuig cúirteanna in Éirinn. Nuair a bheidh an bille sínithe ina dhlí, ceadóidh sé le 44 breitheamh breise a cheapadh faoi dheireadh na bliana 2024, a luaithe a chuirtear athchóirithe chun feidhme maidir le conas a oibríonn na cúirteanna.Cuirfear an bille faoi bhráid Uachtarán na hÉireann lena shíniú ina dhlí.

Gearáin faoi bhreithiúna

Mura bhfuil tú sásta le toradh nó breithiúnas ar thriail choiriúil nó caingean sibhialta, ba cheart comhairle dlí a fháil. B’fhéidir go mbeifeá in ann achomharc a dhéanamh i gcoinne bhreithiúnais chuig cúirt níos airde.

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Is féidir gearáin faoi iompar breithimh a dhéanamh leis an gComhairle Bhreithiúnach. Ní féidir gearán a dhéanamh leis an gComhairle Bhreithiúnach faoi thoradh do cháis.

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gComhairle Bhreithiúnach sna cásanna seo a leanas:

  • Chuir an mí-iompar líomhnaithe isteach go díreach ort
  • Chonaic tú an mí-iompar líomhnaithe

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi iompar breithimh thar ceann na ndaoine seo a leanas:

  • Leanbh, más tuismitheoir nó caomhnóir thú
  • Duine faoi éagumas, má tá údarú dlíthiúil agat

Is féidir le hoifigeach údaraithe de chuid Chomhairle Barra na hÉireann gearán a dhéanamh thar ceann abhcóide, agus is féidir le hoifigeach údaraithe de chuid Dlí-Chumann na hÉireann gearán a dhéanamh thar ceann aturnae.

Teorainneacha ama le haghaidh gearán

Ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 mhí de dháta na heachtra. Féadfar an teorainn ama a fhadú má chinneann an Chomhairle Bhreithiúnach go bhfuil cúiseanna maithe leis sin a dhéanamh.

Conas gearán a dhéanamh

Is féidir gearán a dhéanamh ar líne ar an bhfoirm ghearáin ar líne ar shuíomh gréasáin na Comhairle Bhreithiúnach.

Is féidir freisin foirm ghearáin (pdf) a chomhlánú agus é a chur sa phost chuig an gCláraitheoir don Choiste um Iompar Breithiúnach (féach 'Teagmhálacha' thíos).

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas a láimhseáiltear gearáin agus na cineálacha torthaí ar féidir a bheith ag súil leo ar shuíomh gréasáin na Comhairle Breithiúnaí.

Cúntóir breithiúnach

I gcás breithiúna a cheaptar i ndiaidh 2011 sannadh cúntóir breithiúnach dóibh, seachas giolla cúirte nó bolscaire.

Sanntar roinnt cúntóirí breithiúnacha don obair go díreach le breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda.

Cabhraíonn cúntóirí a shanntar do bhreithiúna ar leith leis an obair seo a leanas:

  • Taighde
  • Ullmhúcháin do chásanna
  • Léamh profaí
  • Cumarsáid a dhéanamh leis na páirtithe a bhaineann le cásanna ar leith

Chomh maith leis sin, déanann iad ról an chúntóra bhreithiúnaigh in éineacht le ról an ghiolla cúirte nó an bholscaire traidisiúnta.

Tá líon beag giollaí cúirte fós ann a oibríonn de ghnáth le breithiúna a ceapadh suas go dtí 2011.

An Oifig um Thaighde Breithiúnach

Sanntar cúntóirí breithiúnacha eile don Oifig um Thaighde Breithiúnach, áit a gcuirtear ar fáil iad do bhreithiúna gan cúntóir breithiúnach ainmnithe.

Déanann an Oifig um Thaighde Breithiúnach taighde, chomh maith le hábhar a ullmhú lena fhoilsiú, lámhleabhair a thiomsú, agus breithiúnais agus doiciméid eile a phrofáil do bhreithiúna ar fud gach dlínse.

Contacts

Comhairle na mBreithiúna

The Courthouse
Sráid Na Faiche
D07 W568

Teil: 01 888 6261
Téigh i dteagmháil linn: https://judicialcouncil.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Lúnasa 2023