Cineál dlíodóra is ea aturnae. Chun bheith i do dhlíodóir ní mór duit printíseacht dhá bhliain ar a laghad a dhéanamh agus ní mór duit éirí leat i scrúdaithe an Ollchumainn Dlí i bPlás Blackhall i mBaile Átha Cliath.
Tá réimse an leathan feidhmeanna an ag aturnaetha:
Murab ionann agus abhcóidí is féidir le aturnaetha teacht le chéile chun comhpháirtíochtaí nó comhlachtaí a chur ar siúl agus is féidir leo a gcuid seirbhísí a fhógairt.
Níl ar aturnaetha aon éadach speisialta a chaitheamh sa chúirt. Má tá abhcóide páirteach sa chás, is iondúil go mbeidh an aturnae ina shuí os comhair an abhcóide sa bhinse faoin mbreitheamh. Má theastaíonn ón abhcóide go ndéanfaí ábhar a shoiléiriú is féidir leis/léi claonadh chun tosaigh le ceist a chur ar an aturnae.
Leagann an Cumann Dlí síos rialacha agus rialacháin faoin slí ina stiúraíonn aturnaetha a gcuid gnó. Tá Binse Smachta ann, arb fhéidir leis aon líomhaintí mí-iompair a dhéantar i gcoinne aturnae a fhiosrú. San am atá thart, níorbh fhéidir gearán a dhéanamh faoi aturnae nó abhcóide in Éirinn a raibh baint aige/aici le cásanna dlí teaghlaigh mar gheall ar an riail ‘in camera’. (Chuir an riail ‘in camera’ bac ar aon duine seachas iad siúd a raibh baint díreach acu leis an gcás dlí teaghlaigh a bheith i láthair sa Chúirt. Ina theannta sin, chuir an riail ‘in camera’ cosc ar fhoilsiú aon ábhair a pléadh ansin, toradh an cháis san áireamh.)
I mí Iúil 2005 rinneadh leasú ar Alt 40 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004 (pdf) , agus tá gearáin i gcoinne aturnaetha agus abhcóidí i gcásanna dlí teaghlaigh inghlactha anois. Léigh tuilleadh faoi ghearán a dhéanamh i gcoinne aturnae in Éirinn anseo.
Ba chóir gearáin maidir le aturnaetha ar fáil ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a dhéanamh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
Tá difríochtaí móra sna rátaí agus táillí a iarrann aturnaetha . Tá sé d'oibleagáid ar do aturnae a mhíniú duit cén táille a bheidh ort a íoc sula ligeann tú dó/di feidhmiú ar do shon.
Glacann cuid mhaith aturnaetha le cásanna ar an mbunús nach gcaitear iad a íoc muna n-éiríonn leis an gcás. Ciallaíonn seo nach mbeidh ort táille a íoc le do aturnae muna n-éiríonn leat sa chás. Is nós an-choitianta seo i gcásanna diobhála pearsanta, is é sin le rá nuair a gortaíodh tú i dtimpiste.