Réamhrá
Tá an tír roinnte ina hocht gcuaird ar mhaithe leis an gCúirt Chuarda.
Is éard atá sa Chúirt Chuarda ná Uachtarán na Cúirte agus 37
gnáthbhreitheamh.
Tá Breitheamh Cuarda ainmnithe le haghaidh gach cuaird, ach amháin le
haghaidh Bhaile Átha Cliath agus Chorcaigh. Is féidir le deichniúr
breitheamh a bheith ainmnithe don chuaird i mBaile Átha Cliath agus triúr don
chuaird i gCorcaigh.
Tá dualgas ar Uachtarán na Cúirte Cuarda, atá ina b(h)reitheamh breise
san Ard-Chúirt, a chinntiú go ndáiltear obair na Cúirte Cuarda go cothrom
ar na breithimh chomh maith le cinntiú go bpléitear leis go pras.
Is cúirt áitiúil agus le húdarás srianta é an Chúirt Chuarda. Tá sí
srianta ó thaobh na gcásanna ar féidir léi cinneadh a dhéanamh i gcúinsí
sibhialta agus coiriúla.
Cúinsí sibhialta
Údarás Áitiúil
Ní féidir le Cúirt Chuarda éisteacht le cás nár thosaíodh sa Chontae
ceart.
Ní mór an cás a thógáil, éisteacht leis agus cinneadh a dhéanamh air
sa Chontae.
- i ngnáthaimh bunaithe ar thort (m.sh., gnáthaimh i leith dochar
pearsanta), ina n-éilítear gur tharla an tort nó san áit ina bhfuil
cónaí ar an gcosantóir nó duine de na cosantóirí de ghnáth nó san
áit ina bhfuil siad ag obair, ina bhfuil gnó nó fostaíocht acu;
- i ngnáthaimh bunaithe ar chonradh, san áit inar rinneadh an conradh nó
san áit ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó duine de na cosantóirí
de ghnáth nó san áit ina bhfuil siad ag obair, ina bhfuil gnó nó
fostaíocht acu;
- i ngnáthaimh chun duine a íobairt ó thailte nó ó mhaoin, san áit
ina bhfuil na tailte nó an mhaoin atá i gceist lonnaithe;
- i ngnáthaimh chlainne, san áit ina bhfuil cónaí ar an
iarratasóir;
- faoin údarás probháide agus chun seilbh daoine éagtha a riar, san
áit ina raibh áit chónaithe bhuan ag an tiomnóir nó díthiomnach nuair
a fuair sé/sí bás;
- faoin údarás gealtachais, san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an
duine nach bhfuil nó a líomhnaítear nach bhfuil ceart ó thaobh na
hintinne de.
Údarás Teoranta
Éisteann breitheamh a shuíonn gan ghiúiré le cásanna sibhialta sa
Chúirt Chuarda.
Tá srian ar an gCúirt Chuarda maidir le héisteacht le cásanna ina
dtéann na damáistí nó an cúiteamh atá á n-éileamh thar méid
áirithe.
Tá údarás ag an gCúirt Chuarda, m.sh. is féidir léi cinntí a
dhéanamh:
- i gcásanna conartha agus torta nuair nach dtéann an t-éileamh thar
€38,092.14 (Ó Eanáir 2010, cásanna clúmhillte nuair nach dtéann an
t-éileamh thar €50,000)
- i gcásanna probháide agus agraí dlí maidir le riar eastát, nuair
nach dtéann an luacháil inrátaithe den fhíor-eastát thar €252.95
- in eagraí dlí cothroime, nuair nach dtéann an luacháil inrátaithe de
thalamh thar €252.95
- i gcásanna eisiachtana nó iarratais ar thionóntachtaí nua (cíos a
dhaingniú, srl.) nuair nach dtéann an luacháil inrátaithe den mhaoin
thar €252.95
- i gcásanna bunaithe ar chomhaontuithe fruilcheannaigh agus díolacháin
creidmheasa, nuair nach dtéann praghas ceannaigh na n-earraí nó méid an
éilimh thar €38,092.14
- i gcásanna dlí teaghlaigh, (lena n-áirítear scaradh breithiúnach,
colscaradh, neamhbhrí agus achomhairc ón gCúirt Dhúiche). Nuair a
théann an luacháil inrátaithe den mhaoin thar €252.92, is féidir leis
na páirtithe cinneadh a dhéanamh an cás a athrú chuig an
Ard-Chúirt.
- i ngach cás ina ndéantar iarratas ar cheadúnas liocáire nua (m.sh.
ceadúnais do dhíol liocáire le hól ar an bhfód) agus tá údarás
achomhairc aici ó chinntí eadránaithe i ndíospóidí maidir le
Cíosanna Talún faoin reachtaíocht Thiarnaí Talún agus Tionóntaí
- maidir le hiarratais faoin Iarchód um Chúiteamh d’Oibrithe, m.sh. i
gcásanna inar dtáinig teidlíocht ar chúiteamh chun cinn roimh an 1
Bealtaine 1967
- in achomhairc ón gCúirt Dhúiche i gcásanna sibhialta agus coiriúla.
Is éard atá ann don achomhairc ná ath-éisteacht agus is é cinneadh na
Cúirte Cuarda an cinneadh críochnúil agus ní féidir iarratas a
dhéanamh ar achomharc.
Cásanna coiriúla
I gcásanna coiriúla, suíonn Breitheamh na Cúirte Cuarda le giúiré de
dháréag. Ní gá go mbeadh fíorasc comhaontach i gcás nach bhfuil níos lú
ná aon ghiúróir déag má aontaíonn deichniúr acu ar fhíorasc tar éis
dóibh machnamh a dhéanamh ar feadh tréimhse réasúnta (ní féidir leis an
tréimhse a bheith níos lú ná dhá uair an chloig).
Údarás Áitiúil
Tá an t-údarás coiriúil curtha i bhfeidhm ag breitheamh na Cuarda ina
- rinneadh an choir nó
- bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ina ndéanann sé/sí a g(h)nó
nó
- ngabhadh an cosantóir,
Ach, is féidir le Breitheamh Cuarda triail choiriúil a aistriú ó chuid
amháin dá C(h)uaird go ceann eile.
Ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an cúisí, is
féidir leis an mBreitheamh Cuarda, má tá sé sásta go mbeadh sé éagórach
go follasach gan é a dhéanamh, an triail a aistriú ón gCúirt Chuarda atá
ag suí taobh amuigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath go dtí Cúirt Chuarda
Bhaile Átha Cliath.
Údarás Teoranta
Sainíonn an Bhunreacht gur cheart go mbeadh triail le giúiré i gceist le
gach coir nach mionchoir é, go ginearálta.
Éistear le gach mionchoir choiriúil sa Chúirt Dhúiche go hachomair
(m.sh. gan ghiúiré). Tá an t-údarás ag an gCúirt Chuarda éisteacht le
gach coir nach mionchoir iad, ach amháin dúnmharú, éigniú, tromionsaí
gnéasach, tréastúireacht, píoráideacht agus coireanna gaolmhara.