Alcól agus an dlí

Réamhrá

Réamhrá

Díoltar deochanna meisciúla de réir rialaithe dlí, agus ní ceadmhach ach do ghnólachtaí ceadúnaithe amháin alcól a thabhairt amach ná a dhíol. Is cion é alcól a dhíol le haon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus ní mór do thithe tábhairne, d’óstáin agus do bhialanna a chuireann alcól ar fáil é sin a dhéanamh le linn na n-uaireanta oscailte atá leagtha síos.

Cuireann an cháipéis seo síos ar an dlí in Éirinn mar a bhaineann sé le halcól, leis na pionóis má bhristear na dlíthe sin agus cumhachtaí an Gharda Síochána chun iad a chur i bhfeidhm.

Tá eolas anseo freisin maidir le

Ceadúnais agus uaireanta oscailte

Ní féidir alcól a dhíol ar áitreabh ceadúnaithe ach amháin le linn uaireanta atá leagtha síos. Is iad seo na huaireanta do thithe tábhairne a chuireann alcól ar fáil ar an áitreabh:

  • Luan go Déardaoin ó 10:30am go dtí 11:30pm
  • Aoine agus Satharn ó 10:30am go dtí 12:30am
  • Domhnach ó 12:30pm go dtí 11:00pm

I siopaí eischeadúnais (lena n-áirítear ollmhargaí), is féidir alcól a dhíol idir na huaireanta seo:

  • Luan go Satharn ó 10:30am go dtí 10:00pm
  • Domhnach agus Lá Fhéile Pádraig ó 12:30pm go dtí 10:00 pm

Cineál ceadúnas alcóil

Tá roinnt ceadúnas ann a bhfuil coinníollacha difriúla ag gabháil leo.

Ar-Ghnáthcheadúnas Tábhairneora Leis an gceadúnas seo, ceadaítear don sealbhóir deochanna meisciúla a dhíol ar an áitreabh le linn na ngnáthuaireanta oscailte. Ní mór athnuachan a dhéanamh ar an iarratas seo leis an Cúirt Chuarda.

Ordú Díolúine Speisialta ceadaítear don sealbhóir deochanna meisciúla a riar taobh amuigh de na gnáthuaireanta oscailte. Is é 2:30am an uair is déanaí ar féidir alcól a riar chun é a ol ar an áitreabh. Ní mór iarratas ar an díolúine seo a dhéanamh sa Cúirt Dúiche áitiúil.

Ceadúnas Ceoil agus Amhránaíochta Poiblí agus/nó Ceadúnas Damhsa Poiblí tá gá leis an gceadúnas seo má ta ceol beo ar siúl nó má tá an t-ionad ag feidhmiú mar chlub oíche nó mar dioscó. Is í an Chúirt Dúiche áitiúil a bhronnann an ceadúnas seo.

Deimhniú Bialainne ceadaítear do thithe tábhairne a chuireann béile substaintiúil ar fáil (béile a chosnaíonn níos mó ná €9) alcól a riar ar feadh uair an chloig tar éis do na gnáthuaireanta oscailte a bheith thart má tá sé á ól leis an mbéile sin. Le Deimhniú Bialainne Teoranta bronntar an díolúine chéanna ar chuid de theach tábhairne.

Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona bronntar an ceadúnas seo ar ‘thithe úrúcháin’ agus

féadfaidh an sealbhóir seiris, fíon den chéad rogha agus deochanna meisciúla coipthe a dhíol a bhfuil toirt níos lú ná 23% ann.

Ceadúnas Ócáide úsáidtear é seo le haghaidh ócáidí a reachtáltar in ionaid nó in áitreabh nach gnách dóibh alcól a riar. Ní féidir é a bhronnadh ach ar sealbhóir a bhfuil ceadúnas aige nó aici cheana féin. Cuirtear iarratas isteach ar an gceadúnas seo sa Chúirt Dúiche áitiúil.

Daoine óga agus an t-alcól

Ní mór duit bheith 18 nó os a chionn in Éirinn. Is cion é:

  • Alcól a riar do dhuine atá faoi bhun 18
  • Ligean ort go bhfuil 18 sáraithe agat chun alcól a cheannach
  • Alcól a cheannach do dhuine atá faoi bhun 18

Is cion é freisin alcól a thabhairt do dhuine ata faoi bhun 18, ach amháin sa chás go bhfuil sé seo ag tarlú i dteach duine, agus go bhfuil cead tugtha ag tuismitheoirí an linbh sin.

Aoischárta an Gharda

Má tá tú 18 nó os a cionn, is féidir cur isteach ar Aoischárta an Gharda mar chruthúnas ar d’aois. Ní cárta aitheantais í seo agus is í an t-aon chuspóir atá aicí ná chun a chruthú go bhfuil 18 slánaithe ag an sealbhóir ionas gur féidir leis/léi alcól a cheannach. Faightear Aoischárta an Gharda ar bhonn deonach agus cosnaíonn sí €10. Is féidir leat cur isteach uirthi ar líne.

Leanaí i dtithe tábhairne

Is féidir leat do leanbh (faoi 18) a thabhairt leat isteach i dteach tábhairne ach tá srianta áirithe i gceist leis seo:

Ní mór do leanaí faoi bhun 15 a bheith faoi mhaoirseacht i gcónaí

Ní cheadaítear do leanaí faoi 15 a bheith san áitreabh ach amháin idir 10:30 am agus 9:00 pm (10:00 pm ó Bhealtaine go Meán Fómhair)

Ceadaítear do leanaí atá 15 agus os a chionn a bheith san áitreabh tar éis 9:00 (10:00 pm ó Bhealtaine go Meán Fómhair) má tá siad ag freastal ar ócáid phríobháideach ina dtugtar béile substaintiúil dóibh.

Tá sé de cheart freisin ag sealbhóir an cheadúnais (de ghnáth úinéir an tí tábhairne) cead isteach a dhiúltiú do leanbh nó do leanaí má mheasann siad go mbeadh sé díobhálach do shláinte, do shábháilteacht nó do leas an linbh sin.

Alcól a dhíol ar phraghas laghdaithe agus ‘uair an tsonais’

Tá sé mídhleathach alcól a dhíol ar phragas laghdaithe ag amanna faoi leith i rith an lae. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 'uair an tsonais' i gcoinne an dlí in Éirinn.

Beidh promóisin agus tairiscintí speisialta eile mídhleathach ó Eanáir 2021, lena n-áirítear:

  • Cláir chártaí dhílseachta a thugann luaíocht do chustaiméirí as alcól a cheannach
  • Promóisin ina ndíoltar deochanna meisciúla ar phragas laghdaithe nó tugtar amach saor in aisce iad nuair a cheannaítear iad le táirgí áirithe eile
  • Promóisin ghearrthéarmacha ina laghdaítear praghas na ndeochanna alcóil ar feadh tréimhse atá níos lú ná 3 lá

Ag ól in áit phoiblí

Go ginearálta, ní chuirtear cosc ar dhaoine a bheith ag ól in áit phoiblí. Tá fodhlíthe, áfach, ag mórán comhairlí cathrach agus contae a chuireann cosc ar alcól a ól i roinnt áiteanna poiblí nó i ngach áit phoiblí.

Tá an chumhacht ag na Gardaí alcól a ghabháil sa chás go bhfuil tú ag ól in áit phoiblí agus á d’iompar ar bhealach a d’fhéadfadh cúis imní a chruthú i leith sábháilteachta. Tá an chumhacht acu freisin alcól atá á ól ag leanbh faoi bhun 18 a ghabháil, nó má chreideann siad le réasún, go n-ólfaidh leanbh faoi bhun 18 an t-alcól sin.

Is cion é alcól a ól, a ceannaíodh i ngabhdán dúnta (i.e. i mbuidéal nó i gcanna) laistigh de 100 méadar den siopa eischeadúnais inar díoladh é. Ní chuireann an dlí cosc ar dheochanna a sheacadadh go dtí tithe príobháideacha ó thithe tábhairne, agus tá cead ag daoine deochanna a thabhairt abhaile leo.

Is cion é freisin bheith chomh dona sin ar meisce in áit phoiblí gur féidir a mheas le réasún, go bhféadfá díobháil a dhéanamh duit nó do dhuine ar bith mórthimpeall ort.

Iompar agus daoine ar meisce

Faoin Acht Deochanna Meisciúla 2003, duine atá ar meisce a mhéid sin go bhféadfaidís díobháil a dhéanamh dóibh féin nó do dhaoine eile is ea ‘duine ar meisce’.

Is cion é alcól a sholáthar do dhuine atá ar meisce. Is cion é freisin páirt a ghlacadh in iompar mí-ordúil in aitreabh ceadúnaithe. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat tú féin a iompar ar bhealach a chruthaíonn baol do shláinte, do shábháilteacht nó do leas aon duine eile atá san áitreabh. Má iarrann sealbhóir an cheadúnais nó baill den Gharda Síochána ort an áitreabh a fhágáil, ní mór duit amhlaidh a dhéanamh nó d’fhéadfá a bheith ciontach i gcion. Anuas air sin, d’fhéadfaí thú a ghabháil.

Bearta an Rialtais chun ól an alcóil a laghdú

Tá bearta tugtha isteach ag an Rialtas chun daoine a spreagadh chun go n-ólfaidís níos lú. Áirítear leis seo rialacha a bhaineann le promóisean deochanna agus ‘uair an tsonais’ (féach thuas).

Fógraíocht alcóil

Tá rialacha dochta ann maidir le fógraíocht a dhéanamh faoin alcól in Éirinn. Tá sé mídhleathach alcól a fhógairt:

  • Ar fheithiclí seirbhíse poiblí nó istigh iontu, ag stadanna nó stáisiúin iompar poiblí agus laistigh de 200 méadar amach ó scoil, crèche nó clós súgartha de chuid an údarás áitiúil
  • I bpictiúrlann seachas má tá rangú 18 ag an scannán atá á taispeáint nó in áitreabh ceadúnaithe laistigh de phictiúrlann
  • Ar éadaí leanaí

Íosphraghsáil aonaid

De réir na hÍosphraghsála Aonaid (MUP), ní mór an t-íosphraghas, ar a laghad, atá leagtha síos don mhéid alcóil atá sa deoch, a ghearradh ar an deoch meisciúil sin. San Acht um Shláinte Phoiblí (Alcól) 2018 tá sé pleanáilte MUP a thabhairt isteach in Éirinn, ach níor cuireadh tús fós leis an alt sin den Acht ina leagtar síos an dlí maidir le MUP.

Fíneálacha agus pionóis

Sa tábla seo déantar achoimre ar roinnt de na pionóis atá ann má bhristear dlíthe in Éirinn a bhaineann le halcól. Ní liosta iomlán é de na dlíthe agus na pionóis go léir a bhaineann le halcól. Anuas air sin, tá eolas anseo maidir le cionta a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil.

Reachtaíocht

Is í seo a leanas an reachtaíocht a bhaineann le halcól a chur ar fáil in aitreabh ceadúnaithe, alcól a dhíol i siopaí eischeadúnais agus alcól a ól in áiteanna poiblí:

Tuilleadh Eolais

Má tá tú buartha faoi méid atá á ól agat nó faoi dhuine éigin eile, tá cabhair le fáil:

  • Is féidir leat glaoch a chur ar líne chabhrach FSS Drugaí agus Alcól ar 1800 459 459.
  • liosta de sheirbhísí tacaíochta maidir le halcól ag FSS
  • Tá eolas do dhaoine óga le fáil ag SpunOut dóibh siúd atá buartha faoin méid atá á ól acu
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Aibreán 2022