Fianaise Cur síos atá anseo ar na cineálacha fianaise gur féidir a
tharraingt anuas i dtriail sibhialta nó choiriúil in Éirinn.
Láithreacha Coireanna Tá rialacha i bhfeidhm in Éirinn ar conas láthair tromchoire a chosaint agus ar conas imscrúdú a dhéanamh uirthi. Tugtar faisnéis duit ar na rialacha seo agus ar na treoracha go gcaithfear a chomhlíonadh i gcás coire ar réadmhaoin phríobháideach nó in áiteanna poiblí.
Fíorfhianaise Tá cur síos sa cháipéis seo ar fhíorfhianaise, sin í
fianaise ábharach, inláimhsithe mar shampla rud, taifead caiséid, asphrionta
ríomhaire nó grianghraf.
Rudaí ábharacha Déantar plé sa cháipéis seo ar a bhfuil i gceist le
hábhair i gcomhthéasc trialach.
Fianaise Fhótagrafach Tá rialacha éagsúla tábhachtacha a bhaineann le húsáid
grianghrafanna mar fhianaise i dtrial i gcúirteanna na hÉireann.
Fianaise Dlí-eolaíochta Ábhar nó loirg ábhair a bhfuil anailís déanta orthu i
saotharlann dlí-eolaíochta í fianaise dlí-eolaíochta.
Fianaise DNA Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha
le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid
as an bhfianaise seo.
Fianaise dhoiciméadach Is fianaise scríofa é rud ar bith a bhfuil scríobh air. Cé
na rudaí a bheadh san áireamh anseo agus cén chaoi a ndéantar fianaise mar seo
a cheadú sa chúirt?
Fianaise aitheantais Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.
Fianaise imthoisceach Tugtar fianaise imthoisceach ar fhianaise a bhaineann le
fíricí gur féidir conclúidí nó tuairimí a bhaint astu.
Fianaise amhrastúil Fianaise atá ceadaithe sa chúirt ach atá amhrastúil í
fianaise amhrastúil, sin le rá gur fianaise í seo a bhíonn bréagach nó mícheart
go minic sa deireadh.
Fianaise Chlostráchta Céard í fianaise chlostráchta? Cén fáth nach féidir go
hiondúil an fhianaise seo a tharraingt anuas sa chúirt agus céard iad na
heisceachtaí inár féidir fianaise chlostráchta a cheadú?
Fianaise faighte go neamhdhleathach Ní cheadaítear fianaise a fritheadh ar bhealach a sháraigh
d'aonturas agus go fiosach do chearta bunreachtúla a úsáid i gcúirteanna na
hÉireann.
Fianaise Phribhléide Tá cúinsí ann ina bhféadfadh tú diúltú cáipéisí a chur ar
fáil don chúirt nó ceisteanna faoi leith a fhreagairt sa
chúirt.