Rialú sluaite ag imeachtaí poiblí in Éirinn

Réamhrá

Gach bliain bíonn go leor ceolchoirmeacha, féilte, cruinnithe poiblí agus imeachtaí móra ar siúl in Éirinn. Tugann Airteagal 40 de Bhunreacht na hÉireann ráthaíocht go bhfuil sé de cheart agat bailiú le chéile nó bualadh le chéile go síochánta agus gan airm.

Cuireann reachtaíocht srian leis an gceart seo chun ord poiblí agus moráltacht a chosaint. Cuireann an dlí a phléitear thíos cosc ar nó rialaíonn sé cruinnithe atá eagraithe nó deartha chun círéib nó briseadh síochána a chúiseamh. Tá níos mó faisnéise faoi cionta oird phoiblí ar fáil anseo.

Is é cuspóir an rialaithe sluaite ag imeachtaí poiblí síocháin phoiblí a chothabháil agus sábháilteacht na ndaoine uile atá bailithe ann a chinntiú. Tugann Cuid III den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 cumhachtaí dlíthiúla soiléire cuimsitheacha don Gharda Síochána déileáil le rialú sluaite.

Rochtain ar imeachtaí áirithe a rialú

De réir Alt 21 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 tá sé de chumhacht ag na Gardaí bacainní a chur ar bhóithre suas le míle amháin (1.6 km) ón áit ina bhfuil imeacht áirithe ag a bhfuil líon mór daoine ar siúl.

Ní mór do Gharda ar ghrád Ceannfoirt nó níos airde cinneadh a dhéanamh faoi cá háit a gcuirtear bacainní. Nuair a chuirtear bacainní i bhfeidhm féadfaidh na Gardaí cosc a chur ar dhaoine an bhacainn a thrasnú nó dul thart uirthi mura bhfuil ticéad ag an duine don imeacht. Féadann na Gardaí aon alcól nó soithigh dí indiúscartha nó aon ábhar ionsaithe a thógáil ag an mbacainn sula dtugann siad cead do dhuine dul ar aghaidh chuig an imeacht.

De réir Alt 21 tá cead ag daoine dul thar na bacainní má tá siad ag dul abhaile nó go dtí an áit an ina n-oibríonn siad. Féadann siad dul thar na bacainní freisin má tá siad ag dul chuig aon áit i gceantar na himeachta agus má tá cuspóir dleathach leis.

Beidh aon duine nach gcomhlíonann treoir tugtha ag Garda ag bacainn ciontach i gcion agus dlífear fíneáil aicme D a chur air/uirthi.

Imeachtaí i gcomharsanacht Thithe an Oireachtais

Ní féidir leat mórshiúl nó cruinniú a thionól laistigh de leathmhíle ó Thithe an Oireachtais nuair a chuireann príomhcheannfort nó Garda ardchéimiúil in iúl do na heagraithe go bhfuil cosc ar a leithéid d'imeacht nó nuair a iarrann aon Gharda laistigh den raon leathmhíle sin ort scaipeadh.

Cionta oird phoiblí agus cumhachtaí gabhála

Tá cumhachtaí ag na Gardaí daoine atá ciontach as na cionta seo a leanas a ghabháil gan bharántas faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994:

  • A bheith ar meisce in áit phoiblí (Alt 4)
  • Iompar bagrach nó maslach a dhéanamh in áit phoiblí (Alt 6)
  • Dáileadh nó taispeáint ábhar in áit phoiblí atá bagrach, maslach, tarcaisneach nó graosta (Alt 7)
  • Mainneachtain ordachán arna thabhairt ag Garda a chomhlíonadh (Alt 8)
  • Dul isteach i bhfoirgneamh, etc, le hintinn cion a dhéanamh (Alt 11)
  • Foghail ar fhoirgneamh nó ar a chúirtealáiste, ar mhodh ar dhóigh dó eagla a chur (Alt 13)
  • Círéib (Alt 14)
  • Gníomhartha mí-oird fhoréignigh a dhéanamh (Alt 15)
  • Gráscar a dhéanamh (foréigean nó bagairtí foréigneacha a úsáid idir beirt nó níos mó a bheadh ina chúis le heagla a chur ar dhuine a bheadh i láthair san áit sin, maidir lena shábháilteacht ) (Alt 16)
  • Dúmhál agus airgead a éileamh go bagrach (Alt 17)
  • Ionsaí le hintinn díobháil choirp nó cion indíotáilte a dhéanamh (Alt 18)
  • Ionsaí nó bac a chur ar ghairmí leighis ag ospidéal nó ar oifigeach síochána, amhail garda, oifigeach príosúin nó ball d’Óglaigh na hÉireann (Alt 19).

Tástáil an fhéachadóra

Maidir le círéib, mí-ord foréigneach nó gráscar, cuirtear tástáil an fhéachadóra i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo dá mbeadh fhéachadóir i láthair ag láthair na hócáide nó an chiona agus an cion á dhéanamh, go mbeadh eagla orthu as a sábháilteacht féin nó faoi shábháilteacht duine éigin eile. Ní gá d'aon duine a bheith i láthair le do ndéanfar an cion.

Áit phoiblí

Áirítear san Acht roinnt cionta nach mbeidh ina gcionta ach amháin má dhéantar iad in áit phoiblí. Mar shampla, tá cionta faoi Alt 4 go 9 den Acht teoranta d'áit phoiblí. Sainmhínítear áit phoiblí go ginearálta in Alt 3 den Acht. Áiríonn sé gach limistéar poiblí faoin aer, aon limistéar faoi dhíon ar féidir leis an bpobal a rochtain go dleathach, mar shampla siopa oscailte, bóithre poiblí agus iompar poiblí.

Tuilleadh eolais faoi chionta oird phoiblí. Is féidir leat léamh freisin faoi na cionta oird phoiblí a bhféadfaí déileáil leo faoin Scéim um Rabhadh Aosach.

Tabhairt suas agus gabháil deochanna meisciúla

Leagtar amach sna hAchtanna Deochanna Meisciúla na rialacha maidir le riar agus díol alcóil in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin dlí maidir le halcól.

Tugann Alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 an chumhacht do na Gardaí cuardach a dhéanamh ar dhuine ag dul chuig imeacht ina bhfuil bac curtha in airde. Má éilíonn an duine freastal ar an imeacht, féadfaidh na Gardaí deoch meisciúil nó aon soitheach indiúscartha nó aon ábhar eile a d'fhéadfaí a úsáid chun gortú a dhéanamh a ghabháil.

Tugann an dlí seo cead do Gharda diúltú cead a thabhairt do dhuine dul ar aghaidh chuig an imeacht má dhiúltaíonn siad deoch meisciúil, soitheach indiúscartha nó an t-ábhar eile i gceist a thabhairt suas. Féadfaidh na Gardaí éileamh ort freisin an ceantar a fhágáil ar bhealach ordúil agus síochánta.

Má mhainníonn tú éileamh dá leithéid ó Gharda a chomhlíonadh gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnta, ansin tá tú ciontach i gcion agus dlífear fíneáil aicme D a chur ort.

Tuilleadh eolais

Garda Síochána

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 HN3X
Éireann

Teil: 01 6660000; Garda Confidential: 1800 666 111
Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Márta 2022