An dlí agus íospartaigh choireanna

Réamhrá

Tá roinnt dlíthe ann a bhaineann le cearta íospartaigh na coireachta in Éirinn. Ar an leathanach seo, is féidir léamh faoi chuid de na dlíthe seo. Déantar iad a ghrúpáil le chéile de réir ábhair.

Finnéithe

An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992

Leis an Acht seo, tá sé níos éasca d’fhinnéithe fianaise a thabhairt i gcásanna mí-úsáide coirp nó gnéasach trí nasc teilifíse beo leis an gcúirt a cheadú. I gcásanna áirithe, cuireann an tAcht seo iallach ar chéile an chúisí fianaise a thabhairt don ionchúiseamh.

Déanann an tAcht níos éasca é do leanaí fianaise a thabhairt thrí dheireadh a chur leis na nithe seo a leanas:

  • An gá atá le fianaise a thabhairt faoi mhionn
  • An gá a bhí le comhthacaíocht (roimhe seo, bhí gá le fianaise bhreise ag deimhniú an fhianaise a thug an leanbh)
  • Peiriúic agus gúnaí ar abhcóidí nuair a bhíonn fianaise á tabhairt trí nasc físe

An tAcht Breithiúnais Choiriúla, 1999

Déileálann an tAcht seo le cosaint finnéithe, lena n-áirítear íospartaigh, a bhféadfadh go mbeadh orthu fianaise a thabhairt sa chúirt.

Ligeann sé d’fhinnéithe atá faoi eagla nó faoi imeaglú fianaise a thabhairt trí nasc físe beo.

Leis an Acht, is cion é freisin imeaglú a dhéanamh ar fhinné, ar bhall den ghiúiré nó ar aon duine a chuidíonn leis na Gardaí le himscrúdú coiriúil. Baineann pionós suas le 15 bliana príosúnachta leis.

Íospartaigh coireanna foréigneacha

An tAcht Breithiúnais Choiriúla, 1993

Cuireann an tAcht seo iallach ar an gcúirt breithniú a dhéanamh ar éifeacht ciona foréigneach nó gnéasach ar an íospartach agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an bpianbhreith.

Más íospartach ciona foréigneach nó gnéis thú, tá tú i dteideal fianaise a thabhairt sa chúirt freisin faoin tionchar a d’imir an choir ort.

Ligeann an tAcht don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh i gcoinne pianbhreitheanna trócaireacha. Tugann sé an chumhacht freisin don chúirt iallach a chur ar an gciontóir cúiteamh a íoc leis an íospartach mar thoradh ar aon ghortú nó caillteanas pearsanta a bhain dóibh.

An tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995

Faoin Acht seo, soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil cúnamh dlíthiúil nó comhairle do ghearánach i gcásanna coiriúla áirithe a bhaineann le hionchúiseamh i leith raon cionta gnéis, lena n-áirítear éigniú, tromionsaí gnéasach agus ciorrú coil. Is é gearánach an duine a dhéanann an gearán.

Cuireann an Bord comhairle dlí maidir le cúrsaí coiriúla ar fáil freisin d’íospartaigh líomhnaithe na gáinneála ar dhaoine.

An tAcht um Fhoréigean Baile, 2018

Comhdhlúthaíonn an tAcht seo reachtaíocht um fhoréigean baile a bhí ann roimhe seo. Cuireann sé cosaint ar fáil nuair a bhíonn ball teaghlaigh foréigneach ann.

Is iad seo a leanas na príomhchineálacha cosanta atá ar fáil:

  • Orduithe sábháilteachta
  • Orduithe urchoisc

Cuireann ordú sábháilteachta cosc ar an duine foréigneach dul i mbun gníomhartha nó bagairtí foréigin arís. Ní chuireann sé de cheangal ar an duine áras an teaghlaigh a fhágáil. Mura gcónaíonn an duine leat, cuireann sé cosc orthu a bheith ag faire ar do theach nó a bheith in aice leis, nó cumarsáid a dhéanamh leat (cumarsáid leictreonach san áireamh).

Le hordú urchoisc, ceanglaítear ar an duine foréigneach áras an teaghlaigh a fhágáil. Cuireann an t-ordú cosc freisin ar an duine dul i mbun gníomhartha nó bagairtí foréigin arís, agus a bheith ag faire ar do theach nó a bheith in aice leis, nó cumarsáid a dhéanamh leat (cumarsáid leictreonach san áireamh).

Tá orduithe eile ann is féidir a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach.

Gáinneáil ar dhaoine

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008

Faoin Acht seo, is cion é gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine fásta nó ar leanaí chun críche dúshaothraithe gnéis nó saothair, nó chun a n-orgán a bhaint.

Is cion freisin é duine a dhíol nó a cheannach, nó tairiscint a dhéanamh duine a dhíol nó a cheannach, chun críche ar bith. Is cion freisin é duine ar a ndearnadh gáinneáil a lorg le haghaidh striapachais.

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) (Leasú), 2013

Leis an leasú seo ar an Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008 is cion é gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine fásta nó ar leanaí chun iallach a chur orthu dul i mbun na coiriúlachta, i mbun oibre ná daoirse, ná iad a chur ag iarraidh déirce.

Cearta íospartach

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017

Déanann an tAcht seo dlí de reachtaíocht an AE maidir le cearta íospartaigh na coireachta in Éirinn. Leagtar amach ann na cearta, tacaíochtaí agus cosaintí íosta d’íospartaigh na coireachta, lena n-áirítear:

  • An ceart faisnéis mhionsonraithe a fháil faoin gcóras ceartais choiriúil
  • An ceart eolas a fháil ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh
  • An ceart a bheith ar an eolas faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe agus faoi aon imeachtaí cúirte
  • An ceart go ndéanfaí measúnú ar riachtanais chosanta agus go gcuirfí bearta i bhfeidhm chun stop a chur le tuilleadh íospartha agus imeaglaithe
  • An ceart go n-inseofaí dó/di faoi chinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh agus an ceart athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh sin
  • An ceart faisnéis a fháil i dteanga shoiléir, agus rochtain a bheith acu ar sheirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin más gá

Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoi do chearta mar íospartach na coireachta.

Reachtaíocht ábhartha eile

An tAcht um Bannaí, 1997

Leis an Acht seo, d’éirigh an réimeas bannaí níos doichte. Is féidir le cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromchúiseach más dócha go bhféadfaidh an duine cion thromchúiseach eile a dhéanamh agus iad faoi bhannaí. Ina theannta sin, ceanglaíonn an tAcht ar an gcúirt pianbhreitheanna comhleanúnacha a ghearradh nuair a dhéantar cion faoi bhannaí.

Má cheapann an Garda Síochána go bhfuil duine tar éis nó ar tí bannaí a shárú, agus má chreideann siad go bhféadfadh an duine sin a bheith ina bhagairt d’íospartach nó d’fhinné atá bainteach leis an gcás, is féidir leis na Gardaí an duine sin a ghabháil gan bharántas.

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cosaint agus an Teaghais), 2011

Forálann an dlí seo go bhfuil daoine i dteideal forneart réasúnach a úsáid chun daoine agus maoin a chosaint má chreideann siad go ndeachaigh ionróir isteach ina theach cónaithe chun gníomh coiriúil a dhéanamh.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin reachtaíocht a bhaineann le híospartaigh na coireachta, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Dlí agus Cirt. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil freisin faoi do chearta agus do theidlíochtaí mar íospartach coireachta ar shuíomh gréasáin Chairt na nÍospartach.

An Roinn Dlí agus Cirt

94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 602 8202
Lóghlao: 1890 221 227
Facs: (01) 661 5461
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023