Mionnscríbhinní

Réamhrá

Is éard is mionnscríbhinn ann ráiteas scríofa faoi mhionn ó fhinné i gcás. Is doiciméad é a leagann amach an fhianaise atá an finné ag iarraidh a thabhairt. Teisteoir a thugtar ar an bhfinne a mhionnaínn mionnscríbhinn.

Uaireanta scríobhann agus ullmhaíonn aturnaeabhcóide mionnscríbhinní tar éis dóibh an fhaisnéis riachtanach ar fad a fháil ón bhfinné.

Is féidir mionnscríbhinní a mhionnú le húsáid sa Chúirt Chuarda, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc nó sa Chúirt Uachtarach trí físchomhdháil (féach 'Mionnú trí físchomhdháil' thíos).

Cásanna gan éisteacht ó bhéal

Ní bhíonn éisteacht ó bhéal i gceist i gcásanna áirithe le finnéithe ag tabhairt fianaise sa chúirt. Ina áit sin, ní dhéileáiltear leis na cásanna seo ach le mionnscríbhinní.

Mar shampla, má eisíonn an gearánaí (an duine a thionscnaíonn an cás) toghairm achomhair, beidh mionnscríbhinn ag gabháil leis ina leagfar amach fíricí an cháis. Is féidir leis an gcosantóir freagra a thabhairt ansin trína mionnscríbhinn féin a mhionnú.

Féadfaidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh ar an gcás trí na mionnscríbhinní a léamh, nós imeachta atá níos gasta agus níos mionnscríbhinní a léamh, nós imeachta atá níos gasta agus níos saoire.

Cad ba cheart a áireamh i mionnscríbhinn?

Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith i mionnscríbhinn:

  • Teideal an cháis
  • Céannacht an duine a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn
  • Gairm agus seoladh an duine a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn
  • Ráiteas go bhfuil an finné os cionn 18 bliana d'aois nó, mura bhfuil siad os cionn 18, aois an fhinné
  • Ní mó go mbeadh an fhianaise, go hiondúil ina fíricí gur féidir leis an bhfinné a chruthú óna chuid eolais féin, agus ní mór a lua freisin conas a fuair sé an t-eolas seo
  • Síniú an fhinné agus an dáta ar shínigh siad é
  • Jurat, ar alt é ar an mionnscríbhinn ina bhfíoraíonn agus a síníonn an Coimisinéir Mionnaí nó aturnae cleachtach gur mionnóidh an mhionnscríbhinn

Ní mór an fhianaise a thugann an finné a leagan amach go soiléir i míreanna uimhrithe. Is féidir leis an teanga a bheith níos neamhfhoirmiúla ná an teanga a úsáidtear i bpléadálacha foirmiúla.

Tá na rialacha maidir le mionnscríbhinní leagtha amach sna rialacha cúirte do na Cúirteanna Uachtaracha, Cuarda agus Dúiche.

Mionnscríbhinn a mhionnú

Nuair a bheidh do mhionnscríbhinn réidh, ba chóir duit dul chuig Coimisinéir Mionnaí neamhspleách nó chuig aturnae cleachtach a fhíoródh an mhionnscríbhinn.

Sula dtabharfaidh tú an mionn, seiceálfaidh siad go bhfuil an mhionnscríbhinn léite agat agus go dtuigeann tú go hiomlán clár na hábhar a bhfuil ann.

Iarrfar ort téacs reiligiúnach cuí a chur le do chreidimh, mar an Bíobla, agus focail na mionn a athrá. Mura mian leat mionn a thabhairt ar an mBíobla, is féidir leat dearbhú a dhéanamh. Síneann tú an mhionscríbhinn ansin.

Fíoróidh an Coimisinéir Mionnaí gur mionnaíodh an mhionnscríbhinn i gceart trí jurat ar an mionnscíbhinn a chomhlánú agus a shíniú.

An mhionnscríbhinn a chur faoi bhráid na cúirte

Nuair a bheidh an mhionnscríbhinn curtha faoi mhionn, is féidir ansin í a chur faoi bhráid na cúirte mar fhianaise.

Chun seo a dhéanamh, lóisteálann tú an mhionnscríbhinn leis an oifig chúirte chuí agus íocann tú an táille ábhartha (féach 'Táillí Mionnscríbhinne' thíos). Ansin cuireann tú cóip dhubhlach den mhionnscríbhinn chuig an bpáirtí eile sa chás.

Mionn ag físchomhdháil

Is féidir mionnscríbhinní a mhionnú le húsáid sa Chúirt Chuarda, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc nó sa Chúirt Uachtarach trí fhíschomhdháil nuair nach féidir leis an bhfinné freastal go pearsanta leis an gCoimisinéir Mionnaí nó leis an aturnae cleachtach atá chun an mhionnscíbhinn a fhíorú.

D'fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta mar shampla mar gheall ar shaincheisteanna sláinte, a chuireann isteach ar an gcumas bualadh go pearsanta. Ní mór an chúis leis an neamhábaltacht chun freastal a leagan amach sa mhionnscríbhinn.

Agus mionnscríbhinn á mionnú trí fhíschomhdháil:

  • Ní mór cóip den mhionnscríbhinn féin a bheith ag an gCoimisinéir Mionnaí nó ag an aturnae cleachtach, mar aon le doiciméid ar bith atá ceangailte léi (foilseán), agus doiciméad aitheantais don fhinné
  • Caithfidh an finné agus an Coimisinéir Mionnaí nó an t-aturnae cleachta a bheith in ann a chéile a fheiceáil agus a chloisteáil
  • Ní mó don Choimisinéir Mionn nó aturnae cleachtach a dhearbhú go bhfuil téacs reiligiúnach cuí ar fáil don fhinné
  • Ní mór don fhinné dul trí gach leathanach le bheith san áireamh sa mhionnscríbhinn agus an mionn riachtanach a thabhairt
  • Luafaidh an jurat gur trí fhíschomhdháil a rinneadh an mhionnscríbhinn

Seoltar an mhionnscíbhinn ansin chuig an gCoimisinéir Mionnaí nó chuig an aturnae cleachtach a dheimhníonn comhlíonadh agus a chomhshíníonn an mhionnscríbhinn.

Nuair a bhíonn mionnscríbhinn á mionnú go pearsanta nó trí fhíschomhdháil, ba cheart don Chomisinéir Mionn nó d'aturnae cleachta na céimeanna atá i gceist a mhíniú duit.

Táillí mionnscríbhinne

Ní mór duit táille a íoc chun mionnscríbhinn a thaisceadh leis an oifig chúirte ábhartha.

Is iad na táillí:

  • €15 don Chúirt Dúiche agus don Chúirt Chuarda
  • €20 don Ard-Chúirt agus don Chúirt Uachtarach

Gearrfaidh d'aturnae agus d'abhcóide táillí freisin as a gcuid seirbhísí faoi mar a ghearrfaidh an t-aturnae nó an Coimisinéir Mionnaí a fhíoraíonn an mhionnscríbhinn.

Tuilleadh faisnéise

Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Eanáir 2024