Is éard atá san árachas ná slí chun tú féin a chosaint ó aon chostais a fhéadann a bheith bainteach le dochar do do mhaoin nó do do shláinte. Feidhmíonn an t-árachas nuair a aontaíonn tú priacal a aistriú trí shuimeanna sainithe airgid, ar a dtugtar préimheanna, a íoc. Is éard atá sna préimheanna seo ná an tsuim airgid a íocann tomhaltóir le cuideachta árachais chun polasaí árachais a fháil. Cruthaíonn na préimheanna seo ciste a ráthaíonn go gcúiteofar na daoine rannpháirteacha i gcomhair caillteanais a tharlaíonn mar thoradh ar theagmhais ar nós dóiteáin, timpiste, tinnis nó báis. Déanann cuideachtaí árachais cinneadh maidir leis an riosca a bhaineann le polasaí áirithe agus gearrann siad an phréimh chuí dá réir. Is féidir préimh a íoc go míosúil nó go bliantúil.
Is é an t-aon bhealach chun a chinntiú go bhfaigheann tú luach ar do chuid airgid ná cuardach thart. Déantar polasaithe a athnuachan ar bhonn bliantúil go hiondúil, agus ba chóir duit breathnú thart ag an bpointe seo le féachaint an bhfuil tú ag fáil luacha ar do chuid airgid. Tá raon Treoracha Neamhspleácha do Thomhaltóirí curtha le chéile ag Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí a mhíníonn conas mar a oibríonn cineálacha éagsúla árachais. Tá réimse Suirbhéanna Costais Árachais curtha le chéile freisin ag an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí a chabhróidh leat cuardach thart i gcomhair an árachais is fearr luacha.
Tá téarmaí agus coinníollacha éagsúla ag baint le polasaithe éagsúla, agus ní mór duit a chinntiú go bhfuil na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le do pholasaí ar eolas agat. Is minic nach dtagann fadhbanna le polasaithe chun solais ach amháin nuair a bhítear ró-dhéanach chun iad a leigheas. Tá sé tábhachtach mar sin go dtuigeann tú go díreach an méid a chlúdaíonn do pholasaí árachais nuair a cheannaíonn tú é.
Is iondúil go n-íocann Árachas Baile i gcomhair aon damáiste a dhéantar do do bhaile trí thimpiste nó de bharr drochaimsire. Ba chóir go mbeadh árachas ar do bhaile i gcomhair damáiste dá inneachar agus do struchtúr an tí. Ní aon iallach ort faoin dlí árachas a fháil do do bhailese, ach má tá morgáiste agat, éilíonn formhór iasachtóirí go mbíonn árachas cuí ar do theach. Is féidir leat polasaí a fháil ag an am céanna is a fhaigheann tú morgáiste i gcomhair do thí. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gá duit úsáid a bhaint as an árachas a thairgeann d’iasachtóir duit, agus is féidir leat d’árachas féin a lorg más mian leat. Má tá tú ar lorg an luacha is fearr maidir le polasaí árachais tí, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí cabhrú leat.
Is cion coiriúil é in Éirinn do thiománaithe tiomáint ar bhóithre poiblí gan árachas a bheith acu. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi árachas mótair a fháil. Is féidir leis an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí cabhrú leat chun costais i gcomparáid a chur tríd a suirbhéireacht costais árachais mótair ar líne a úsáid.
Úsáidtear árachas sláinte i gcomhair cúraim phríobháidigh in ospidéil nó ó ghairmithe sláinte ina gcleachtais. Tá roinnt árachóirí sláinte ann in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin árachas sláinte in Éirinn anseo.
Is féidir le hárachas taistil tú a chumhdach i gcás tinnis nó timpiste agus tú ar saoire nó ag taisteal. Má bhíonn tú ag taisteal laistigh den AE, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil Cárta Eorpach Árachas Sláinte agat. Ba chóir do d'Árachas Taistil cur leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil duit má bhíonn Cárta Eorpach Árachas Sláinte agat. Is féidir leat léamh anseo faoin árachas taistil agus ceisteanna eile a bhaineann le sláinte agus tú ag taisteal thar lear.
Cuireann polasaí árachais saoil airgead ar fáil do do chleithiúnaithe i gcás do bháis. Bíonn polasaithe árachais saoil tábhachtach má bhíonn cleithiúnaithe agat, mar shampla páirtí nó clann. Má bhíonn iasachtaí agat - cuir i gcás morgáiste - cinnteoidh polasaí árachais saoil gur féidir do chuid iasachtaí a íoc i gcás do bháis.
Má bhíonn aon fhadhb agat le hárachóir, ba chóir duit í sin a phlé ar an gcéad dul síos leis an rannóg um sheirbhís do chustaiméirí atá ag an árachóir féin. Mura bhfaigheann tú sásamh ón árachóir tar éis do ghearán a thabhairt chuig an lucht bainistíochta sa chuideachta árachais, is féidir leat do ghearán a thabhairt chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais. Soláthraíonn Cónaidhm Árachais na hÉireann Seirbhís Eolais um Árachas áit ar féidir leat eolas agus comhairle a fháil ar gach gné a bhaineann le hárachas. Déanfaidh an tseirbhís seo iniúchadh freisin ar aon ghearáin a bhíonn lasmuigh de scóip an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais. Cuirfidh an Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí comhairle ort maidir leis na cearta atá agat.
Insurance Information Service
Cónaidhm Árachais na hÉireann
Teach Árachas
39 Sráid Theach Laighean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 676 1914 or (01) 676 1820
Facs:(01) 676 1943
Láithreán Gréasáin: http://www.iif.ie
R-phost: iis@iif.ie
3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 662 0899
Lóghlao:1890 882 090
Facs:(01) 662 0890
Láithreán Gréasáin: http://www.financialombudsman.ie/
R-phost: enquiries@financialombudsman.ie
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/