An tÚdarás Pinsean

Réamhrá

Tá an tÚdarás Pinsean freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar riar scéimeanna pinsin agus cearta pinsin a chosaint do dhaoine a chónaíonn in Éirinn.

Is é an tÚdarás an comhlacht rialála do scéimeanna pinsin gairme agus Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSPanna) agus Conarthaí Blianachta Scoir (CBSanna) áirithe. Tá ról aige freisin i bhforbairt beartas pinsin go ginearálta.

Cuireann an tÚdarás Pinsean eolas ar fáil do sholáthraithe pinsin agus don phobal i gcoitinne.

Cuireann Comhairle Pinsean ar leith comhairle ar an Aire Coimirce Sóisialaí ar cheisteanna a bhaineann le beartas ar phinsin agus leas tomhaltóirí a chosaint.

Cad a dhéanann an tÚdarásPinsean?

Is iad príomhfheidhmeanna an Údaráis Phinsean:

  • Eolas agus treoir a sholáthar do bhaill agus d'iontaobhaithe scéimeanna pinsin
  • Daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh i scéimeanna pinsin agus soláthar a dhéanamh do scor
  • Maoirseacht a dhéanamh ar scéimeanna pinsin chun go gcomhlíonfar an dlí agus imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha an Achta
  • Monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna sochair shainithe chun a chinntiú go bhfuil dóthain airgid ar fáil chun freastal ar riachtanais na mball
  • PRSAanna a fhaomhadh leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • Clár poiblí de CCSPanna agus a gcuid soláthraithe a choinneáil
  • Monatóireacht a dhéanamh ar oibriú na reachtaíochta pinsean agus forbairtí pinsean go ginearálta
  • Treoirlínte a eisiúint maidir le dualgais agus freagrachtaí na n-iontaobhaithe
  • Comhairle a thabhairt don Aire Coimirce Sóisialaí maidir le cúrsaí pinsin

Seirbhísí eolais phinsean

Cuirtear eolas ar do phinsean a thuiscint ar fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis Phinsean, pensionsauthority.ie. Cuirtear acmhainní áisiúla, áireamhán pinsin, pleanálaí buiséid, próifíl riosca infheistíochta agus gluais téarmaí pinsin san áireamh. Is féidir leat roghanna a roghnú bunaithe ar do chúinsí ginearálta le heolas a fháil do do chás.

Gearán a dhéanamh faoi sholáthraí nó scéim pinsin

Is féidir leis an Údarás Pinsean cabhrú leat má tá imní ort faoi fheidhmiú do CCSP nó do scéime pinsean gairme.

Má tá gearán agat faoi do phinsean nach bhfuil tú in ann a réiteach le do sholáthraí CCSP (nó, i gcás pinsin cheirde le d'fhostóir, riarthóir pinsean nó iontaobhaithe), ansin is féidir leat dul i dteagmháil leis an Údarás Pinsean le comhairle agus cúnamh a fháil.

Is féidir leis an Údarás Pinsean:

  • Gníomhú ar son baill scéim pinsean agus ranníocóirí CCSP atá buartha faoina bpinsean nó a CCSP
  • Fiosrú a dhéanamh ar stádas agus stiúradh scéim pinsean ceirde
  • Ionchúiseamh a dhéanamh de bharr sháruithe ar Achtanna na bPinsean
  • Caingean chúirte a ghlacadh in aghaidh iontaobhaithe chun baill agus a gcearta a chosaint.

Cuireann an tÚdarás Pinsean eolas ar fáil ar ghearán a dhéanamh faoi phinsin.

An tÚdarás Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 613 1900
Lóghlao: 1890 656 565
Facs: +353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: https://www.pensionsauthority.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Iúil 2022