Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile

Réamhrá

Is é Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile creidmheas cánach a fhaigheann leanúnacha pósta nó pártithe sibhialta (a ndéantar measúnú cánach orthu mar aonad) nuair a thugann páirtnéir sibhialta nó céile amháin sa teach aire do dhuine cleithiúnach sa bhaile.

Ríomhtar do Cháin Ioncaim mar chéadtadán d’ioncaim. Baintear creidmheas cánach ón bhfigiúr seo chun an méid cánach a gcaithfear a íoc a bhaint amach. Bíonn toradh ar an gcreidmheas cánach go n-íslítear do cháin iníoctha méid an chreidmheasa cánach.

Léigh anseo tuilleadh eolais faoin gcaoi a ríomhtar do cháin.

Rialacha

Is féidir do chreidmheas cánach baile a éileamh nuair:

  • A mheasann na coimisinéirí ioncaim lánúin phósta nó páirtithe sibhialta mar aonad
  • A bhfuil céile nó páirtnéir sibhialta ag obair sa bhaile ag tabhairt aire do chleithiúnaí nó cleithiúnaithe
  • Atá ioncam an chúramóra baile faoi €7,200. Téann creidmheas cánach I bhfeidhm nuair atá ioncam an chúramóra idir €7,200 agus €10,800 (€10,600 in 2023).

Ní chuirtear liúntas an chúramórasochar an chúramóra san áireamh nuair a mheastar ioncam an cúramóra baile ach is foinsí ioncaim incháinithe iad. Ciallaíonn sé seo má éilíonn tú liúntas an chúramóra nó sochar an chúramóra, beidh na híocaíocaíochtaí sin ina gcuid den chomhioncam iomlán a mheastar.

Cad is cleithiúnaí ann?

Is é/í cleithiúnaí –

  • Paiste a bhfuil sochar leanaí iníoctha dó/di
  • Daoine os cionn 65 bliain d’aois
  • Duine faoi mhíchumas a dteastaíonn cúram uaidh/uaithi

Ní hionann cleithiúnaí agus céile nó pairtnéir sibhialta. Féadtar a bheith duine muinteartha a bhfuil gaol cleamhnais agat leis/léi, nó duine a bhfuil tú I do chaomhnóir dlíthiúil leis nó léi.

An gcaithfidh an duine muinteartha a bheith ina c(h)ónaí chun a bheith cleithiúnaí

De ghnáth caithfidh an duine muinteartha a bheith ina c(h)ónaí leat sa bhliain chánach chun an Creidmheas cánach do chúramóir a fháil

Is féidir aire a thabhairt do chleithiúnaí arb gaol é/í as baile. Sa chás nach bhfuil an té ina c(h)ónaí leat, caithfidh sé a bheith ina c(h)ónaí in áit chónaithe an cheantair, nó ar an talamh céanna nó laistigh de 2 cilimhéadar ó d’áit chónaithe. Anuas air sin, caithfear nasc cumarsáide díreach a bheith idir tú féin agus an cleithiúnaí (mar shampla líne teileafóin nó córas alairm)

Rataí

Is é €1,800 an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile (€1,700 in 2023).

Má shaothraíonn an cúramóir baile níos lú ná €7,200, féadtar an creidmheas cánach iomlán a éileamh.

Creidmheas cánach íslithe

Má bhíonn ioncam an chúramóra os cionn €7,200, ríomhtar an difríocht idir d'ioncam iarbhír agus €7,200 agus déantar leath de ansin. Laghdaítear leis an tsuim sin ansin an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile. Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas den chaoi a ríomhtar an creidmheas cánach le haghaidh leibhéil ioncaim difriúla in 2024.

Má bhíonn ioncam an chúramóra os cionn €10,800, ní fhéadtar an creidmheas cánach a éileamh.

 
Ioncam Cúramóra Baile, € Creidmheas cánach, € Laghdú ar chreidmheas cánach, €
7,200 1,800 Nialas – Tá an creidmheas cánach iomlán dlite
7,450 1,675 7,450 - 7,200 = 250 ÷ 2 = 125
7,700 1,550 7,700 - 7,200 = 500 ÷ 2 = 250
7,950 1,425 7,950 - 7,200 = 750 ÷ 2 = 375
8,200 1,300 8,200 - 7,200 = 1,000 ÷ 2 = 500
8,450 1,175 8,450 - 7,200 = 1,250 ÷ 2 = 625
8,700 1,050 8,700 - 7,200 = 1,500 ÷ 2 = 750
8,950 925 8,950 - 7,200 = 1,750 ÷ 2 = 875
9,200 800 9,200 - 7,200 = 2,000 ÷ 2 = 1,000
9,450 675 9,450 - 7,200 = 2,250 ÷ 2 = 1,125
9,700 550 9,700 - 7,200 = 2,500 ÷ 2 = 1,250
9,950 425 9,950 -7,200 = 2,750 ÷ 2 = 1375
10,200 300 10,200 - 7,200 = 3,000 ÷ 2 = 1,500
10,400 200 10,400 - 7,200 = 3,200 ÷ 2 = 1,600
10,800 Nil 10,800 – 7,200 = 3,600 ÷ 2 = 1,800

Ní fhéadfaidh tú an Ráta caighdeánach méadaithe ag an Scoithphointe a éileamh le haghaidh lánúnacha dhá ioncam agus an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile. Cabhróidh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leat fáil amach cé acu is fearr a oirfidh duitse.

Conas an iarratas a chur isteach

Féadtar an creidmheas cánach do Chúramóir Baile a éileamh trí Revenue.ie. Féadtar an fhoirm éilimh don gCreidmheas Cánach do Chúramóir Baile a chomhlíonadh.

Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, is féidir leat an creidmheas a éileamh tríd an gcuid Cúramóir Baile ar do thuairisceán cánach bliantúil a chomhlánú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Eanáir 2024