Éire a fhágáil agus do theidlíochtaí leasa shóisialaigh

Cad is slándáil shóisialta ann?

Is féidir le córas leasa shóisialaigh tíre sochar nó íocaíocht a sholáthar duit, mar shampla, má tá tú breoite, dífhostaithe, má tá leanaí agat nó má théann tú ar scor.

Gach bliain, fágann saoránaigh Éireannacha chun obair, taisteal, staidéar nó dul ar scor thar lear. Fágann go leor daoine eile a bhí ina gcónaí, ag staidéar nó ag obair in Éirinn filleadh ar a dtíortha dúchais.

Má fhágann tú Éire chun chónaí nó chun obair a fháil i dtír eile, b'fhéidir go mbeidh tú in ann do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Éireannacha a úsáid chun cáiliú do shochair leasa shóisialaigh sa tír a bhfuil tú ag bogadh. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na socruithe slándála sóisialta atá ag Éirinn le tíortha eile.

Is féidir roinnt íocaíochtaí leas shóisialach Éireannacha a íoc thar lear freisin - faigh tuilleadh faisnéis faoi dhul thar lear agus faoi íocaíochtaí leas shóisialach.

RA agus sochair slándáil shóisialaigh

Shínigh an dá thír an Coinbhinsiún na hÉireann na Ríochta Aontaithe (RA) um Shlándáil Shóisialta (pdf) ar 1 Feabhra 2019. Faoi théarmaí an Choinbhinsiúin, coimeádfar socruithe atá ann cheana maidir le haitheantas agus rochtain ar theidlíochtaí árachais shóisialaigh sa dá dhlínse. Ciallaíonn sé seo go gcosnófar cearta shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí in Éirinn leas a bhaint as ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a dhéantar agus iad ag obair sa RA agus a mhalairt.

Tíortha atá clúdaithe ag Rialacháin an AE

Má bhogann tú chun cónaí nó oibriú i dtír atá clúdaithe ag Rialacháin an AE, tá tú i dteideal go gcaithfí leat ar an mbealach céanna le náisiúnaigh an bhallstáit AE/LEE sin le haghaidh sochair nó seirbhísí slándála sóisialta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú féin agus do theaghlach i dteideal iarratas a dhéanamh ar aon sochar nó cúnamh atá ar fáil sa tír sin.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar iocaíochtaí árachas- bhunaithe, is féidir ranníocaíochtaí árachais shóisialta a rinneadh i mballstáit eile den AE/LEE a chur san áireamh.

Taifead árachais shóisialaigh

Más gá duit sochar leasa shóisialaigh a éileamh agus tú i do chónaí thar lear, iarrfar ort faisnéis a sholáthar faoi do thaifead árachais shóisialaigh in Éirinn.

Teastaíonn foirmeacha U1 agus E104 agus tú ag éileamh sochair bhreoiteachta, mháithreachais nó dífhostaíochta thar lear.

Doiciméad iniompartha a thugtar ar an U1 agus tugann sé sonraí faoi do thaifead árachais shóisialaigh in Éirinn. Mura dtugann tú d'U1 leat déanfaidh an tír a bhog tú chuici teagmháil le húdaráis na hÉireann chun taifead a fháil de do ranníocaíochtaí árachais nuair a dhéanann tú iarratas orthu.

Ní fhéadfaidh ach an t-údarás i mballstát ábhartha an AE iarratais ar fhoirm E104 (a úsáidtear le haghaidh sochair a bhaineann le sláinte) a dhéanamh.

Tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) tús áite d'iarratas ó bhallstát eile den AE/LEE ar do thaifead árachais shóisialaigh ionas nach gcaillfidh tú amach ar aon sochar atá dlite duit agus tú thar lear.

Conas do thaifead árachais shóisialaigh Éireannach a fháil

Más mian leat do U1 a thabhairt leat, féadfaidh tú do thaifead árachais shóisialaigh Éireannach a iarraidh le haghaidh U1 (pdf) sula bhfágann tú. Tógfaidh sé roinnt ama chun d'iarratas a phróiseáil mar b'fhéidir go mbeidh ar an RSC teagmháil a dhéanamh le d'fhostóirí is déanaí sular féidir foirmeacha U1 a eisiúint.

Ba cheart duit d'fhoirm iarratais cholánaithe a sheoladh chuig Rannóg na dTaifead Idirnáisiúnta den Roinn Coimirce Sóisialaí.

Taifid Idirnáisiúnta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2023