Víosaí do dhaoine ag teacht go hÉirinn le haghaidh gnó

Cé a dteastaíonn víosa gnó gearrchuairte uathu d’Éirinn?

Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt ar Éirinn, ba cheart duit a sheiceáil an dteastaíonn víosa uait.

Cuirtear eolas ar fáil ar an leathanach seo ar conas iarratas a dhéanamh ar víosa gnó gearrchuairte. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar víosa gnó má tá sé ar intinn agat teacht go hÉirinn ar feadh a fhaide le ná 90 lá chun na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Freastal ar chruinnithe
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh ar chonarthaí nó iad a shíniú
  • Oibriú ar feadh a fhaide le 14 lá

Má bheartaíonn tú oibriú ar feadh a fhaide le 14 lá, caithfidh d’obair tosú agus críochnú laistigh den aon tréimhse amháin 14 lá. Más mian leat oibriú ar feadh níos faide ná 14 lá nó má éagfaidh níos faide ná 14 lá idir do chéad lá oibre agus an lá deireanach oibre, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an Scéim Oibre Neamhthipiciúla.

Mura saoránach an AE, an LEE, na hEilvéise nó an RA thú agus mura dteastaíonn víosa uait chun teacht go hÉirinn, tá ort cáipéisí a bheith leat fós féin leis an gcúis atá le do chuairt a thaispeáint. Caithfidh tú teacht i láthair ag inimirce nuair a iontrálann tú Éire.

Ní chinntíonn víosa a bheith agat go gceadófar duit Éire a iontráil.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosa gnó gearrchuairte

Déanann tú iarratas ar víosa ar líne. Líonann tú iarratas ar leith do gach duine atá ag taisteal, leanaí san áireamh. I ndiaidh gur sheol tú an fhoirm víosa ar aghaidh, tugtar 30 lá duit leis na cáipéisí tacaíochta a sheoladh. Smaoineamh maith é do cháipéisí a ullmhú sula líonann tú an fhoirm.

Íocann tú táille €60 ar gach iarratas. Cosnaíonn víosa iliontrála €100.

Nuair a sheol tú an fhoirm ar aghaidh, gheobhaidh tú achoimre ar d’iarratas. Áirítear leis seo:

  • Uimhir idirbhirt d’iarratais ar víosa
  • Bileog achoimre d’iarratais
  • Sonraí faoin oifig iarratais ar cheart duit do cháipéisí a sheoladh chuici

Seolann tú an bhileog achoimre shínithe ar aghaidh le do cháipéisí.

Cáipéisí le seoladh ar aghaidh do víosa gnó gearrchuairte

Caithfidh tú cáipéisí a sheoladh chun tacú le d’iarratas. Cuirtear eolas ar fáil sa mhír seo ar na príomhcháipéisí is gá duit a sheoladh. Is féidir leat eolas breise a fháil faoi cháipéisíocht ar láithreán gréasáin Sholáthar Inimirce Éireann.

Caithfidh tú buncháipéisí a sheoladh ar aghaidh (ní ghlactar le fótachóipeanna). Mura bhfuil do cháipéisí i mBéarla, caithfidh tú aistriúchán deimhnithe agus an bhuncháipéis a sheoladh ar aghaidh.

Seolfar teastais bhreithe, deimhnithe pósta agus báis ar ais chugat. Más mian leat go seolfar leathanaigh eile ar ais chugat, ba cheart duit nóta a chur san áireamh le d’iarratas a chuireann seo in iúl. Seol fótachóip (anuas ar an mbunchóip) den leathanach is mian leat go seolfar ar ais chugat.

Má cheadaítear do víosa, caithfidh tú árachas taistil a fháil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn.

Litir iarratais

Caithfidh tú litir a scríobh a mhíníonn an fáth gur mhaith leat teacht go hÉirinn. Ba cheart duit na sonraí faoi do thuras, na dátaí a bheartaíonn tú a bheith anseo, cá bhfanfaidh tú agus conas a íocfaidh tú as rudaí fad a bhíonn tú anseo san áireamh, a thabhairt.

Ba cheart ainmneacha agus seoltaí aon daoine de do theaghlach a chur san áireamh freisin a chónaíonn in Éirinn nó i dtír eile sa LEE nó san Eilvéis, fiú má mura mbeartaíonn tú cuairt a thabhairt orthu.

Caithfidh tú a lua i do litir go ndéanfaidh tú na rudaí seo a leanas:

  • Cloífidh tú le coinníollacha do víosa ina n-iomláine
  • Fágfaidh tú Éire sula n-éagfaidh do víosa
  • Ní bhraithfidh tú ar sheirbhísí ná ní bheidh tú i d’ualach ar an Stát

Litir chuiridh

Ba cheart duit litir chuiridh a sheoladh chuig an ngnólacht nó an chuideachta a dhéanfaidh thú a óstáil. Ba cheart go mbeadh eolas sa litir faoi na dátaí a bheidh cuairt á tabhairt agat orthu agus an fáth go bhfuil cuireadh á thabhairt acu duit teacht go hÉirinn.

Ba cheart go mbeadh fianaise ann go bhfuil caidreamh ann cheana féin idir tú féin agus d’óstach. D’fhéadfadh cóipeanna de ríomhphoist, mar shampla, a bheith i gceist leis seo. Ba cheart do d’óstach a lua freisin an méid a ranníocfaidh siad (má ranníocfaidh siad rud ar bith) le costas do chuairte.

Má tá cuairt á tabhairt agat ar bhreis agus óstach amháin, teastaíonn litir chuiridh uait ó gach óstach.

Eolas faoin áit a bhfanfaidh tú

Caithfidh tú na sonraí faoin áit a bhfanfaidh tú a chur san áireamh Ba cheart duit asphriontaí de do dheimhnithe áirithinte a chur san áireamh. Má bheidh tú ag fanacht le d’óstach, ba cheart duit litir a chur san áireamh ón óstach ina luaitear a n-ainm, a seoladh, na dátaí a fhanfaidh tú leo agus eolas faoi cé mhéid a ranníocfaidh siad le costas do chuairte. Ba cheart duit cruthúnas a chur san áireamh freisin i dtaobh sheoladh d’óstaigh.

Pas

Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil an t-airgead agat a theastaíonn uait do do thuras. Má tá duine eile ag íoc as do chuairt (mar shampla, d’óstach), ba cheart duit litir a sheoladh ar aghaidh uathu ina bhfuil sonraí faoi cad a n-íocfaidh siad as.

Cruthúnas airgeadais

Caithfidh tú a thaispeáint, go bhfuil an t-airgead agat a theastaíonn uait do do thuras. Má tá duine eile ag íoc as do chuairt (mar shampla, duine muinteartha), ba cheart duit cáipéisí a sheoladh ar aghaidh lena thaispeáint gur féidir leo íoc asat.

Ní gá duit méid ar leith nó socraithe airgid a bheith agat chun cáiliú do víosa gearrchuairte.

Grianghraif phas

Cuir 2 ghrianghraf pas san áireamh. Caithfidh tú d’ainm a shíniú agus uimhir idirbhirt d’iarratais ar víosa a scríobh ar chúl gach grianghraif.

A thabhairt le fios gur gá duit filleadh abhaile

Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil ceangail láidre agat le do thír dhúchais agus gur gá duit filleadh abhaile. D’fhéadfadh freagrachtaí teaghlaigh, obair, oideachas nó rud éigin eile a bheith i gceist leis seo. Ba cheart duit cruthúnas na bhfreagrachtaí seo a sheoladh. Mar shampla, má tá tú ag oibriú, ba cheart duit litir ó d’fhostóir agus duillíní pá a eisíodh le déanaí a sheoladh ar aghaidh.

Is féidir leat sonraí breise a léamh faoi na cáipéisí a theastaíonn uait ar láithreán gréasáin Sholáthar Seirbhíse Inimirce.

Cinntí agus achomhairc

Má sheol tú d’iarratas go Baile Átha Cliath, is féidir leat cinntí agus tréimhsí feithimh víosa a sheiceáil. Má sheol tú d’iarratas áit éigin eile, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid nó leis an gconsalacht ar sheol tú do cháipéisí chucu chun nuashonruithe a fháil ar d’iarratas. Glacann iarratais thart ar 8 seachtaine, ach d’fhéadfaidís níos faide a ghlacadh.

Má éiríonn le d’iarratas ar víosa, seolfaidh an oifig víosaí do phas ar ais sa phost chugat agus an víosa ceangailte leis. Beidh an víosa bailí ar feadh tréimhse ar leith. Ní chinntíonn víosa a bheith agat go gceadófar duit Éire a iontráil.

Diúltú

Gheobhaidh tú litir ina luaitear an fáth gur diúltaíodh d’iarratas ar víosa. Is féidir leat an cinneadh seo a achomharc laistigh de 2 mhí.

An féidir liom fanacht níos faide ná 3 mhí?

Bíonn súil leis go bhfágann tú an Stát ar an dáta nó roimh an dáta a stampáil an tOifigeach Inimirce ar do phas nuair a d’iontráil tú.

Ní féidir leat do víosa a shíneadh ach má thagann athrú gan choinne ar do chúinsí ó d’iontráil tú Éire.

Ní féidir leat síneadh a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Ní thagann aon athrú ar chúinsí ón am a d’iontráil tú Éire
  • Ní thagann aon athrú ar chúinsí ón am a deonaíodh víosa taistil duit
  • Tá tú in Éirinn le cóir leighis a lorg
  • Tá cead á lorg agat pósadh in Éirinn
  • Tá tú in Éirinn le saoráidí cúraim leanaí a sholáthar
  • Is mian leat cónaí in Éirinn go lánaimseartha

Táillí víosa

Ní gá do roinnt daoine an táille víosa a íoc.

Cosnaíonn víosa:

Víosa turais singil: €60

Víosa ilturais: €100

Eolas breise

Má theastaíonn víosa uait chun cuairt a thabhairt ar Éirinn, caithfidh tú d’iarratas a dhéanamh ar líne.

Ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit

Oifig na Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Eanáir 2023