Ag teacht go hÉirinn mar iarrthóir tearmainn nó mar dhídeanaí

Réamhrá

Mínítear ar an leathanach seo an chiall atá le roinnt de na téarmaí a úsáidtear in iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

Iarrthóir tearmainn

Duine é iarrthóir tearmainn a d’fhág a dtír agus a bhfuil cosaint á lorg acu i dtír eile. Tugtar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta freisin ar iarrthóirí tearmainn.

Ceart daonna é tearmann a iarraidh. Nuair a iarrann tú ar thearmann ag teorainn tíre, caithfidh údaráis na tíre sin scrúdú a dhéanamh ar d’iarratas. Má iarrann tú ar thearmann in Éirinn, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Fad a bhíonn tú ag feitheamh go ndéanfar cinneadh ar d’iarratas, tugann Stát na hÉireann cóiríocht, bia agus cúram leighis duit. Tá tú i dteideal cúnamh dlí a fháil chun cabhrú leat le d’iarratas agus achomhairc (más gá).

Nuair a próiseáladh d’iarratas, d’fhéadfaí:

  • A fhógairt gur dídeanaí thú
  • Stádas cosanta coimhdí a dheonú duit
  • Cead a thabhairt duit chun fanacht ar chúiseanna daonnúla
  • Cosaint idirnáisiúnta a dhiúltú duit

Is féidir leat diúltú a achomharc leis an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta.

Cad a chiallaíonn‘dídeanaí’?

Is éard is dídeanaí ann:

  • Duine a bhfuil eagla orthu, agus bunús maith leis, i ngeall ar a gcineál, reiligiún, náisiúntacht, tuairim pholaitiúil nó ballraíocht de ghrúpa ar leith sóisialta
  • Duine atá lasmuigh dá dtír féin agus nach féidir leo filleadh ar an tír sin nó nach bhfillfidh siad uirthi mar gheall an eagla atá orthu, agus bunús maith leis, roimh ghéarleanúint
  • Duine nach féidir a chosaint ina dtír féin

Eagla roimh ghéarleanúint agus bunús maith leis

Ciallaíonn eagla ‘a bhfuil bunús maith leis’ go mbunaítear an eagla ar an méid a bhraitheann an duine, agus ar fhianaise freisin i leith díobhála (nó bagairtí ar ghéarleanúint nó díobháil).

Níl aon sainmhíniú iomlán ann ar an méid is ciall le ‘géarleanúint’. Caithfidh gur sárú tromchúiseach atá sa ghéarleanúint ar chearta daonna duine, nó d’fhéadfadh roinnt sáruithe nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna a bheith i gceist leis, arb ionann iad, i dteannta a chéile, agus sárú tromchúiseach ar chearta daonna duine.

Áirítear le sáruithe tromchúiseacha gníomhartha foréigin in aghaidh an duine. Féadtar a áireamh leo freisin gníomhartha dlíthiúla, riaracháin nó breithiúnacha atá idirdhealaitheach.

Bunúis chosanta

Áirítear le cineál grúpa eitneach, agus ní chiallaíonn sé ‘dath craicinn’ amháin.

Áirítear le creideamh creideamh ar bith a bheith agat.

Áirítear le grúpa sóisialta ar leith inscne, gnéaschlaonadh, nó daoine a bhfuil ‘aitheantas ar leith’ éigin eile acu.

Lasmuigh de thír na náisiúntachta

Mura bhfuil aon saoránacht ag duine (tá siad gan stát), úsáidtear tír ‘an ghnáthchónaithe’. Is é seo an tír ina gcónaíonn an duine de ghnáth.

Nuair is saoránach le breis agus tír amháin é duine, is féidir leis na húdaráis a bhfuil an t-iarratas á scrúdú acu a mheas an féidir leis an iarratasóir cónaí in aon chinn de na tíortha ina bhfuil siad ina saoránach.

Dídeanaithe Cláir agus Dídeanaithe Coinbhinsiúin

Duine é dídeanaí cláir ar tugadh cuireadh dóibh teacht go hÉirinn faoi chinneadh Rialtais mar fhreagairt d’iarraidh dhaonnúil, de ghnáth ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), ar mhaithe le cosaint shealadach nó athlonnú.

Is duine é dídeanaí coinbhinsiúin a chomhlíonann riachtanais an tsainmhínithe ar dhídeanaí faoi théarmaí Choinbhinsiún na Ginéive (faoi mar a ndéantar cur síos thuas air) agus ar a mbronntar stádas dídeanaí.

Cosaint choimhdeach

Is saghas cosanta idirnáisiúnta í cosaint choimhdeach.

Mura gcáilíonn tú chun bheith i do dhídeanaí, is féidir cosaint choimhdeach a dheonú duit má tá baol ann go mbeifeá thíos le díobháil thromchúiseach dá bhfillfeá ar do thír féin.

Níl an baol roimh dhíobháil bunaithe ar cé thú féin, ach mar gheall go bhfuil baol ginearálta ann roimh dhíobháil sa tír. D’fhéadfadh gurb amhlaidh seo, mar shampla, mar gheall go bhfuil cogadh ar siúl sa tír.

Cead chun fanacht

Mura molann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta (an OCI) gur cheart go bhfógrófaí gur dídeanaí thú nó gur cheart cosaint choimhdeach a dheonú duit, is féidir leis an Aire Dlí agus Cirt cead chun fanacht a thabhairt duit.

Déanann an tAire an cinneadh bunaithe ar do chúinsí, an méid seo a leanas ina measc:

  • Do cheangal le hÉirinn
  • Breithnithe daonnúla
  • Do charachtar agus d’iompar in Éirinn agus thar lear

Déanann an tAire breithniú freisin ar shlándáil náisiúnta nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh.

Rialacháin Bhaile Átha Cliath

Roinneann tíortha AE eolas faoi chosaint idirnáisiúnta, méarloirg ina measc (trí chóras Eurodac).

Dlíthe AE iad Rialacháin Bhaile Átha Cliath III ina leagtar amach na critéir ba cheart do thír AE a úsáid le cinneadh a dhéanamh faoi cén tír ar cheart di ceannas a ghlacadh ar d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, iarrtar ort faoi do stair mar chuid de d’iarratas. Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i dtír eile an AE, nó má dhéanann an OCI an cinneadh gur cheart go mbeadh tír eile freagrach as d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, d’fhéadfaí thú a aistriú chuig an tír sin.

Tír shábháilte thionscnaimh

Faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, is féidir leis an Aire Dlí agus Cirt a dhearbhú gur tír shábháilte thionscnaimh í tír. Ciallaíonn seo gur dhearbhaigh an tAire nach ndéantar aon ghéarleanúint, aon chéasadh agus nach gcaitear le daoine ar bhealach mídhaonna nó táireach, agus nach bhfuil aon bhagairt i leith foréigin ann ó choimhlint faoi airm sa tír sin.

Dearbhaíodh gur tíortha sábháilte tionscnaimh na tíortha seo a leanas:

  • An Albáin
  • An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
  • An Mhacadóin Thuaidh
  • An tSeoirsia
  • An Chosaiv
  • Montainéagró
  • An tSeirbia
  • An Afraic Theas

Ón 31 Eanáir 2024, ainmnítear an Ailgéir agus an Bhotsuáin mar thíortha sábháilte tionscnaimh.

B’fhéidir gur féidir iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta go fóill más ó thír shábháilte thionscnaimh thú más féidir leat forais thromchúiseacha a léiriú nach bhfuil an tír sábháilte i dtaobh do chúinsí.

Toirmeasc in aghaidh refoulement

Tá sé in aghaidh dlí idirnáisiúnta duine a thabhairt ar ais go tír nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfar an duine a chéasadh nó go gcaithfear leis/léi ar bhealach eile mídhaonna nó táireach nó go ngearrfar pionós mídhaonna nó táireach air/uirthi. Tugtar prionsabal an non-refoulement air seo.

Tá an prionsabal seo dearbh, a chiallaíonn go mbíonn sé i gceist, gan aird ar stádas dlíthiúil, stair nó cúinsí an duine atá i gceist

I ndlí na hÉireann, leagtar amach an prionsabal in aghaidh non-refoulement in Alt 50 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015.

Cá háit a dhéanfaidh méiarratais?

Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath
D02 ND99
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9.30rn-1in, 2-4.30in
Teil: +353 1 602 8000
Facs: +353 1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.ipo.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Eanáir 2024