Seirbhísí tacaíochta do náisiúnaigh choigríche in Éirinn

Eolas

Tá raon de thacaíochtaí do náisiúnaigh choigríche in Éirinn agus tugann an doiciméad seo léargas ginearálta ar chuid de na tacaíochtaí poiblí agus deonacha atá ar fáil. Tagann daoine go hÉirinn ó thíortha eile ar chúiseanna éagsúla; mar shampla, mar thurasóirí nó mar chuairteoirí gearrthéarmacha. Tá a lán náisiúnaigh choigríche ag obairag staidéar anseo agus tá cuid eile acu scortha go hÉirinn. Is dócha go bhfuil roinnt daoine ar lorg cosanta agus go bhfuil sé ar intinn acu cur isteach ar stádas dídeanaí nó ar chosaint eile. Ma tá tú ar tí bogadh go hÉirinn caithfidh tú eolas a fháil faoi chúrsaí maireachtála anseo lena n-áirítear tithíocht, cónaitheacht, seirbhísí sláinte agus fostaíocht.

Oifig an Gharda Síochána um Chiníochas agus Ilchultúrachas

Tá Oifig an Gharda Síochána um Chiníochas agus Ilchultúrachas freagrach as gníomhaíocht an Gharda a chomhairliú, a fhaireachán agus a chomhordú maidir le héagsúlacht chiníoch, eitneach, reiligiúnach agus cultúrtha. Tá meicníocht thaifeadta á forbairt faoi láthair ag an oifig a dhéanfaidh sonraí a ghabháil maidir le teagmhais a spreagtar ag ciníochas a tharlaíonn áit ar bith in Éirinn. Cuirfear na sonraí seo ar fáil do gach stáisiún Garda ionas go ndéanfar gach teagmhas a logáil agus tuairiscí agus gearáin a lorg. Bunaíodh naisc fosta le seirbhísí a sholáthraíonn tacaíocht d’íospartaigh na coireachta maidir le saincheisteanna ciníochais. Tá sé beartaithe go gcuirfear íospartaigh na coireachta a spreagtar ag ciníochas i dteagmháil leis an tseirbhís seo. Is é tionscnamh atá á iniúchadh ag an Oifig um Chiníochas agus Ilchultúrachas faoi láthair ná líonra ionadaithe (nó daoine teagmhála) a fhorbairt laistigh de phobail na mionlach eitneach in Éirinn. Cuimsíonn gníomhaíochtaí leanúnacha eile táirgeadh ráithiúil nuachtlitreach de chuid na hOifige um Chiníochas agus Ilchultúrachas, chomh maith le feachtais spreagtha feasachta ar shaincheisteanna ciníocha agus eitneacha a fhorbairt.

Seirbhís Chúnaimh do Thurasóirí na hÉireann

Is féidir leat gan bheith i d'íospartach na coireachta agus réamhchúraim bhunúsacha a ghlacadh agat. Ach má bhí tú i d'íospartach na coireachta, áfach, is féidir le Seirbhís Chúnaimh do Thurasóirí na hÉireann (SCTÉ) cuidiú leat. Is seirbhís shaor ar fud na tíre í SCTÉ a sholáthraíonn tacaíocht agus cúnamh do thurasóirí ar a ndéantar íospairt agus iad ar chuairt go hÉirinn. Is féidir leis idirchaidreamh a dhéanamh le hambasáidí nó consalachtaí, cuidiú le deachrachtaí teanga, déileáil le riachtanais mhíochaine, lóistín nó béilte a eagrú agus cuidiú le ticéid taistil goidte a athsholáthar. Coinnigh cuimhne, áfach, nach solathraíonn SCTÉ cúnamh airgeadais d'íospartaigh na coireachta, nach ndéanann sí míreanna caillte nó goidte a athsholáthar nó nach dtáirgeann sí comhairle dhlíthiúil nó árachais.

Ambasáidí/consalachtaí coigríche

Tá roinnt ambasáidí agus consalachtaí coigríche in Éirinn a sholáthraíonn seirbhísí consalachta do náisiúnaigh a dtíre. Cuimsíonn na seirbhísí seo comhairle agus cúnamh praiticiúil le doiciméadú taistil. Má chailleann tú do phas nó doiciméadú taistil agus tusa inÉirinn, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó consalacht do thíre. Is féidir leo doiciméid thaistil sealadacha a eisiúint duit. Is féidir le d'ambasáid nó consalacht cuidiú leat i gcás éigeandála míochaine. Is féidir leo gaolta nó cairde a chomhairliú maidir le timpistí nó tinnis, gníomhú mar theagmháil le hospidéil agus dochtúirí agus seirbhísí ateangaireachta a eagrú, más gá. Má tharlaíonn gur íospartach na coireachta tú agus tusa in Éirinn, is féidir le d'ambasáid nó consalacht idirchaidreamh a dhéanamh leis na póilíní áitiúla agus a chur in iúl do do chairde agus do do theaghlach faoi do chás. Ar an chaoi céanna, má gabhadh tú nó má cuireadh i bpriosún tú, is féidir le d'ambasáid nó consalacht tú a chur i dteagmháil le hionadaíocht dhlíthiúil chuí, a chinntiú go dtugtar meas ar do chearta agus comhairle a thabhairt duit faoi do theidlíochtaí. Má fhaigheann ball do theaghlaigh bás le linn dó/di bheith thar lear, is féidir le d'ambasáid nó consalacht cuidiú leat déileáil leis na foirmiúlachtaí, mar theastais bháis agus tuarascálacha póilíní.

Comhairle Inimirceach na hÉireann

Is eagraíocht neamhspleách náisiúnta í Comhairle Inimirceach na hÉireann a thacaíonn le hinimircigh a thagann go hÉireann ar chuspóirí oibre, staidéir, athaontaithe teaghlaigh, féinfhostaíochta nó ar chuairt. Soláthraíonn CIÉ seirbhís eolais agus seirbhís dhlíthiúil teoranta d'inimircigh. Soláthraíonn sí seirbhís oiliúna fosta, eagraíonn sí imeachtaí poiblí agus táirgeann sí foilseacháin ar shaincheisteanna inimirce mar shaoránacht agus cónaitheacht, víosaí, ceadanna fostaíochta, athaontú teaghlaigh agus filleadh toilteanach. Oibríonn an CIÉ le grúpaí inimirceacha le cuidiú le polasaí rialtais a fheabhsú maidir le saincheisteanna a bhaineann le himircigh agus le dul i mbun feachtais ar son chearta na n-imnimirceach. Tháirg sí eolaire d'eagraíochtaí bunaithe ar eitneachas atá ina acmhainn do dhaoine a bhíonn ar lorg teagmhálacha laistigh de na pobail imirceacha, leis na meáin, le soláthraithe seirbhíse nó le gnólachtaí.

Lárionad Chearta na n-Imirceach

Is eagraíocht náisiúnta é Lárionad Chearta na n-Imirceach (LCI) a sholáthraíonn tacaíocht d'oibrithe imirceacha agus a dteaghlaigh. Díríonn sé ar theaghlaigh atá i staideanna leochaileacha agus tugann sé iarracht a ndálaí sóisialta agus eacnamaíocha a fheabhsú. Oibríonn an LCI ionad buail isteach a sholáthraíonn eolas, comhairle agus cúnamh. Spreagann sé imircigh fosta chun baint a bheith acu ina bpobal féin agus chun páirt a ghlacadh i ngach leibhéal na sochaí.

Tionscadal Imircigh Crosscare

Soláthraíonn Tionscadal Imircigh Crosscare (ar tugadh Comhairle Eisimircigh air roimhe seo) faisnéis, tacaíocht agus abhcóideacht d'imircigh. Soláthraíonn a sheirbhís fhaisnéise agus atreoraithe d'inimircigh agus do bhaill phobail nua atá ina gcónaí in Éirinn, chomh maith le heisimircigh atá ar intinn, láithreach nó ag teacht ar ais. Is a shuíomh gréasáin livinginireland.ie é treoir do gach gné chónaithe in Éirinn agus tá sé ar fáil i mBéarla, Portaingéilis na Brasaíle, Araibis, Rúisis agus Sínis.

An Lárionad Imeasctha

Soláthraíonn an Lárionad Measctha - Ag Nascadh Pobail, Ag Dul chun Cinn Meascadh (an tSeirbhís Eolais na nDídeanaithe agus Ag Meascadh Éireann roimhe sin) seirbhísí faisnéise, comhairle agus oiliúna maidir le cearta agus teidlíochtaí inimirceach do dhaoine agus theaghlaigh chomh maith le heagraíochtaí. Tá sé tiomnaithe do mheascadh agus chuimsiú daoine ó chúlraí inimirceacha in Éirinn. Tá sé ag sainfheidhmiú i bpleanáil monatóireacht agus abhcóideacht mheasctha ag leibhéil áitiúil, náisiúnach agus idirnáisiúnta agus déanann sé taighde bunaithe ar fhianaise chun tionchar a chur ar athrú dearfach reachtaíochta, polasaí agus cleachtaidh.

An Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh

Tá an Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh (GFI) freagrach as soláthar seirbhísí a chomhordú do lucht iarrtha tearmainn agus d'imircigh araon in Éirinn. Pléann sí le polasaí imeasctha d'imircigh uile agus do dhaoine a dtugadh cead dóibh fanacht sa Stát. Socraíonn sí lóistín agus oibríonn sí le gníomhaireachtaí reachtúla agus neamhreachtúla chun soláthar seirbhísí eile a chomhordú (lena n-áirítear sláinte, seirbhísí sóisialta, leas agus oideachas) do lucht iarrtha tearmainn agus d'imircigh. Tá an GFI freagrach fosta as freagairt le cásanna géarchéime ar a mbíonn líonta móra dídeanaithe ag teacht chun na hÉireann laistigh de ghearrthréimhse mar thoradh.

Scéim Aisdúichithe

Oibríonn an Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí le tacú le haisdúichiú náisiúnach ó Bhallstáit nua an AE. Tá an scéim infheidhme le daoine ar theip orthu maidir le coinníoll na gnáthchónaitheachta atá nasctha le híocaíochtaí cúnaimh sóisialta. Is féidir le haon saoránach ó iarstát aontachais an AE, agus náisiúnaigh áirithe eile an AE atá in 'imthosc speisialta', atá i mbochtaineacht le linn a seala in Éirinn iarratas a dhéanamh ar aisdúiciú. Chun iarratas a dhéanamh ar an scéim seo, téigh i dteagmháil leis an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo) i d'ionad sláinte áitiúil.

Scéim um fhilleadh toilteanach cuidithe

Más iarrthóir tearmainn tú nó imirceach neamhrialta ó thír neamh-LEE ar mhian leat filleadh go toilteanach go do thír thionscnaimh ach níl na hacmhainní agat sin a dhéanamh, féadtar go mbeidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII) in ann cuidiú leat filleadh abhaile. Is eagraíocht idirnáisiúnta neamhspleách í an EII a oibríonn i réimse na himirce - féach 'Áit le hiarratas a dhéanamh' thíos. Is féidir leis an Scéim um Fhilleadh Deonach Cuidithe agus Athimeascadh cuidiú leat le doiciméid thaistil cuí agus cúnamh trasdula agus sroichte a eagrú más riachtanach. Nuair a thaistealaíonn tú leis an EII, taistealaíonn tú go neamhspleách agus gan duine coimhdeachta. Fanann cúiseanna do sheala in Éirinn rúnda agus ní roinntear le haon duine taobh amuigh den phróiseas um fhilleadh toilteanach iad. Má fhilleann tú go toilteanach agus mura bhfuil aon imeacht de chuid na cúirte coiriúla amuigh ort, is féidir leat iarraidh ar athiontráil go hÉirinn go dlíthiúil ar chúiseanna oibre, staidéir srl.

Eolas do Shaoránaigh

Is foinse eolais cuimsitheach an laithreán gréasáin seo (citizensinformation.ie) maidir le seirbhísí poiblí in Éirinn. Tá eolas ar fáil ar shaincheisteanna mar chearta cónaitheachta, cearta fostaíochta, seirbhísí sláinte, tithíocht, teidlíochtaí leasa sóisialta agus eolas ginearálta maidir le bogadh go hÉirinn. Tá eolas ar fáil do shaoránaigh fosta ar theileafón tríd an tSeirbhís Theileafóin um Eolas do Shaoránaigh nó go pearsanta trí chuairt ar Ionad Eolais do Shaoránaigh (IES) gar duit. Déantar Eolas do Shaoránaigh a mhaoiniú agus a thacú ag Bord um Eolas do Shaoránaigh atá mar an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as tacaíocht a thabhairt do sholáthar eolais, comhairle agus abhcóideachta don phobal ar raon leathan de sheirbhísí sóisialta agus sibhialta.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhíonn tú i do ghnáthchónaí in Éirinn tá tú i dteideal seirbhísí sláinte poiblí ar an bhonn céanna agus atá náisiúnaigh na hÉireann. Tá a thuilleadh eolais ar sheirbhísí sláinte ar fáil ó do Oifig Sláinte Áitiúil.

Má tá tú i dteideal íocaíochta leasa sóisialta in Éirinn, beidh ort cuairt a thabhairt ar d' oifig leasa sóisialta áitiúil.
Má tá tú gan dídean, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d'údarás áitiúil le haghaidh eolais faoi lóistín. Is eagraíocht dheonach é Threshold a thugann comhairle agus tacaíocht do náisiúnaigh neamh-Éireannacha atá gan dídean nó i mbaol easpa dídine. Is féidir leat freisin comhairle a fháil faoi do staid ón Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh is deise duit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Le tuilleadh eolais ar thacaíochtaí do náisiúnaigh coigríche in Éirinn déan teagmháil le:

Do Ionad Eolais do Shaoránaigh áitiúil nó le Seirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

An Chomhairle Inimirce na hÉireann

2 Sráid San Aindrias
Baile Átha Cliath 2
ZZZ
Ireland

Teil:+353 (0)1 674 0200
Facs:+353 (0)1 645 8031
Láithreán Gréasáin: http://www.immigrantcouncil.ie/
R-phost: info@immigrantcouncil.ie

Migrants Rights Centre Ireland

55 Parnell Square West
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 1 889 7570
Facs:+353 1 889 7579
Láithreán Gréasáin: http://www.mrci.ie
R-phost: info@mrci.ie

Tionscadal Imircigh Crosscare

1a Sráid na hArdeaglaise
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 873 2844
Facs:+353 (0)1 873 7003
Láithreán Gréasáin: http://www.migrantproject.ie/
R-phost: migrantproject@crosscare.ie

An Lárionad Imeasctha

1 agus 2 Urlár
18 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 645 3070
Facs:+353 (0)1 677 0061
Láithreán Gréasáin: http://www.integrationcentre.ie
R-phost: info@integrationcentre.ie

Oifig Chiníoch agus Idirchultúrtha

An Garda Síochána
An Rannóg Caidrimh Poiblí
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6663150
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=154

Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce

116 Sráid Bhagóid Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 676 0655
Lóghlao:Freephone: 1800 406 406
Facs:+353 (0)1 676 0656
Láithreán Gréasáin: http://www.ireland.iom.int
R-phost: iomdublin@iom.int

Seirbhís Cabhrach do Thurasóirí

1a Sráid na Canálach Móire Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 661 0562
Lóghlao:1890 365 700
Facs:+353 (0)1 661 0462
Láithreán Gréasáin: http://www.itas.ie
R-phost: info@itas.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 October 2011

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid