Náisiúnaigh Neamh-LEE a Chlárú

Réamhrá

Mura saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE), an Ríocht Aontaithe nó an Eilvéis thú, tá ort cead a fháil Éire a iontráil. Más mian leat fanacht ar feadh níos faide ná trí mhí, is gá cead chun fanacht a bheith agat agus do láithreacht in Éirinn a chlárú le Seachadadh Seirbhísí Inimirce (SSI). Seo conas a fhaigheann tú Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ).

Má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, caithfidh tú coinne a dhéanamh dul go dtí an oifig clárúcháin i gCé an Bhúrcaigh. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, téann tú go dtí d’oifig clárúcháin inimirce áitiúil.

Cé ar gá dó/di clárú lehinimirce?

Tá ort clárú le SSI má bheartaíonn tú fanacht in Éirinn ar feadh breis agus 3 mhí agus:

  • Má tá tú 16 bliana d’aois nó níos sine
  • Más saoránach thú de thír atá lasmuigh den LEE (is é seo an AE agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), an Eilvéis agus an RA
  • Fuair tú cead chun fanacht in Éirinn

Má tá tú ag cónaí in Éirinn cheana féin agus má tá tú ar tí 16 bliana d’aois a bhaint amach, caithfidh tú clárú le SSI.

Daoine a tháinig le déanaí ón Úcráin

Tá tús curtha ag an Roinn Dlí agus Cirt ag eisiúint cártaí Cead Cónaitheach Éireannach (IRP) do thairbhithe Threoir an AE um Chosaint Shealadach.

Is féidir leat léamh faoi theacht go hÉirinn ón Úcráin.

Cead chun fanacht

B’fhéidir go ndearna tú iarratas cheana féin ar SSI ar chead chun fanacht sa Stát agus go bhfuair tú litir a dheonaíonn do chead. D’fhéadfadh seo a bheith mar gheall go bhfuil an méid seo a leanas agat:

  • Stádas dídeanaí nó cosanta coimhdí, i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta
  • Cead chun fanacht, i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta
  • Cead chun fanacht in Éirinn mar dhuine muinteartha le náisiúnach an LEE
  • Cead chun fanacht in Éirinn mar dhuine muinteartha le saoránach Éireannach
  • Cead chun fanacht mar thuismitheoir linbh ar saoránach Éireannaigh é/í
  • Aon chead eile chun fanacht a rinneadh trí iarratas fad a bhí tú in Éirinn

Ba cheart duit an litir a fuair tú ó SSI a thabhairt leat nuair a théann tú chun clárú.

Sealbhóirí víosa ‘D’ nó fadchuairte

Má tháinig tú go hÉirinn le déanaí agus víosa a ‘D’ (fadchuairte) agat, nó más saoránach thú de thír nach dteastaíonn víosa iontrála inti (ní theastaíonn víosa), is féidir leat clárú le SSI gan iarratas scríofa a dhéanamh roimh ré. D’fhéadfadh seo a bheith mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • Tá an tír á hiontráil agat chun cónaí le duine muinteartha a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á soláthar dóibh in Éirinn (athaontú teaghlaigh)
  • Tá Éire á hiontráil agat nó tá tú ag bogadh go hÉirinn chun cónaí le do chéile Éireannach nó le duine muinteartha Éireannach leat
  • Tá Éire á hiontráil agat nó tá tú ag bogadh go hÉirinn le do dhuine muinteartha Éireannach cleithiúnach
  • Is mac léinn idirnáisiúnta thú
  • Tá víosa saoire oibre agat
  • Tá tú ag bogadh go hÉirinn le cead fostaíochta

Conas iarratas a dhéanamh ar CheadCónaithe Éireannach

Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar d’oifig clárúcháin inimirce áitiúil a luaithe agus is féidir i ndiaidh duit teacht go hÉirinn chun clárú. Má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, is é seo Oifig Clárúcháin Ché an Bhúrcaigh agus caithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig burghquayregoffice@justice.ie chun cuairt a thabhairt air.

Cad ba cheart dom a thabhairt liom?

Caithfidh tú do phas (murach go bhfuil stádas dídeanaí nó cosanta coimhdí agat) a thabhairt leat. Ba cheart duit an méid seo a leanas a thabhairt leat, chomh maith:

  • Cruthúnas seolta
  • Cruthúnas i leith d’fhostaíochta, má tá tú ag oibriú

Ba cheart duit eolas a thabhairt leat freisin faoi do chás in Éirinn. Mar shampla, má tá tú pósta le saoránach Éireannach, ba cheart duit do dheimhniú pósta agus cruthúnas go bhfuil tú ag cónaí le do céile a thabhairt leat. Más mac léinn idirnáisiúnta thú, ba cheart duit cruthúnas a thabhairt leat gur íoc tú do tháillí coláiste agus go bhfuil árachas sláinte príobháideach agat.

Cé mhéid a chosnaíonn sé?

Tá ort táille €300 a íoc do do Chead Cónaithe Éireannach (CCÉ). Tá do CCÉ saor in aisce sna cásanna seo a leanas:

  • Tá stádas dídeanaí agat
  • Tá stádas cosanta coimhdí agat
  • Tá cead agat fanacht faoi Alt 49 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015
  • Tá tú níos óige ná 18 mbliana d’aois
  • Is cónaitheoir thú bunaithe ar do phósadh le saoránach Éireannach
  • Duine muinteartha thú le saoránach an AE

Conas do Chead Cónaithe Éireannacha athnuachan

Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar d’oifig clárúcháin inimirce áitiúil sula n-éagfaidh do Chead Cónaithe Éireannach (CCÉ) chun é a athnuachan má chónaíonn tú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Beidh ort do phas, do chárta reatha agus fianaise chun tacú le do chead cónaithe, cosúil le cead fostaíochta a thabhairt leat.

Athnuachaintí ar líne i mBaile Átha Cliath

Má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, is féidir leat do CCÉ a athnuachan ar líne, mura bhfuil pas nua agat. Má tá pas nua agat, caithfidh tú coinne a chur in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig burghquayregoffice@justice.ie.

Chun do CCÉ a athnuachan ar líne, ba cheart duit:

  • An fhoirm chlárúcháin ar líne a líonadh
  • Do cháipéisí a scanadh agus a uaslódáil
  • An táille a íoc
  • Uimhir thagartha a fháil (ar ríomhphost)
  • Cáipéisí bunúla a sheoladh sa phost cláraithe

Is féidir leat treoir ar conas an fhoirm ar líne a líonadh a léamh.

Tá ort na cáipéisí seo a leanas a scanadh agus a uaslódáil nuair a dhéanann tú iarratas:

  • Leathanach bithmhéadrach de do phas reatha (leathanach an ghrianghraif)
  • Tosach agus cúl do CCÉ reatha

Ba cheart duit cáipéisí a uaslódáil freisin a thaispeánann go bhfuil do choinníollacha inimirce á sásamh agat. Braitheann seo ar do chás, agus féadtar an méid seo a leanas a áireamh leis.

  • Fianaise go bhfuil tú ag tacú le do leanbh ar saoránach Éireannach é/í
  • Cruthúnas gur íoc tú do tháillí coláiste, gur shásaigh tú na riachtanais freastail agus go bhfuil tú cláraithe i gcúrsa coláiste
  • Cruthúnas go bhfuil tú ag cónaí le do céile nó páirtnéir (má tá iarratas á dhéanamh agat bunaithe ar do chaidreamh leo)
  • Do chead fostaíocht

Is féidir leat liosta iomlán doiciméad a léamh ar shuíomh Gréasáin an ISD.

Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom clárú?

I ndiaidh go gcláraítear le hoifigigh inimirce thú, eiseofar Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) sa phost duit.

Caithfidh tú do chárta a iompar leat ag gach tráth agus é a thaispeáint d’oifigeach inimirce oifigeach nó don Gharda Síochána, má iarrtar ort.

Má thagann athrú ar do sheoladh, nó má athraíonn tú d’ainm, ba cheart duit ríomhphost a sheoladh chuig immigrationsupport@justice.ie.

Pasanna nua

Chun do IRP a athnuachan toisc go bhfuil pas nua agat, is féidir leat an córas ISD ar líne a úsáid má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath.

Stampaí inimirce

Anuas ar do Chead Cónaithe Éireannach (CCÉ), gheobhaidh tú stampa i do phas, ina sonraítear fad agus coinníollacha do cheada chun fanacht in Éirinn. Má tá athnuachan á déanamh ar líne agat i mBaile Átha Cliath, ní bhfaighidh tú stampa i do pas.

Liostaítear sa tábla seo a leanas na saghsanna éagsúla stampa a eisítear do náisiúnaigh neamh-LEE:

 
Uimhir an stampa

0

Eisithe do:

Daoine a bhfuil cead acu fanacht in Éirinn ar chuspóir sonrach, sealadach agus teoranta, mar shampla, acadóirí ar cuairt; daoine ar scor a bhfuil maoin neamhspleách acu.

 

1 Daoine a fuair cead fostaíochta, údarú do shaoire oibre nó cead chun gnólacht a oscailt
1A Cuntasóirí faoi oiliúint
1G Céimithe a cheadaítear fanacht faoin Scéim Céimithe Tríú Leibhéal (pdf), agus céilí agus páirtnéirí le sealbhóirí Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla
2 Mic léinn atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha aitheanta a mhaireann ar a laghad bliain amháin. Ceadaítear dóibh oibriú ar feadh 20 uair an chloig sa tseachtain i rith am téarma agus go lánaimseartha i rith saoirí.
2A Mic léinn atá ag freastal ar chúrsa nach bhfuil ar an liosta cúrsaí incháilithe do víosa mic léinn (meánscoileanna príobháideacha san áireamh). Ní cheadaítear dóibh oibriú.
3 Daoine nach gceadaítear dóibh oibriú. Áirítear leis seo cuairteoirí; ministrí creidimh agus baill d’oird rialta; céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe le sealbhóirí áirithe cead fostaíochta.
4 Áirítear leis seo céilí agus páirtnéirí le náisiúnaigh Éireannacha; daoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh (stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach); tuismitheoirí linbh ar saoránach Éireannach é/í ar deonaíodh cead chun fanacht dóibh ar an mbonn sin; daoine ar deonaíodh cónaitheacht fhadtéarmach dóibh, daoine a bhfuil Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla acu ar feadh 2 bhliain. Ní theastaíonn cead fostaíochta uathu chun oibriú.
4S Daoine a fuair cead chun fanacht mar ‘mic léinn éagtha’. Dúnadh an scéim seo in Eanáir 2019
4 (EU FAM) Daoine muinteartha le náisiúnaigh an AE a chleachtaigh a gceart bogadh go hÉirinn agus cónaí ann.Ní theastaíonn cead fostaíochta ná cead gnó uathu chun oibriú.
5 Daoine a bhfuil cead acu fanacht gan aon choinníollacha ama a bheith i gceist.
6 Daoine ar déshaoránaigh iad agus a iarrann ar fhormhuiniú ina bpas neamh-Éireannach

Teagmhálaithe

Má tá tú ag cónaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, déan teagmháil le d’oifig clárúcháin réigiúnach nó Ceanncheathrú Cheantar áitiúil an Gharda Síochána.

Má tá tú i do chónaí i gcathair nó i gcontae Bhaile Átha Cliath, déan teagmháil le:

Oifig Clárúcháin Ché an Bhúrcaigh

Seachadadh Seirbhíse Inimirce

An Roinn Dlí agus Cirt

13/14 Cé an Bhúrcaigh

Baile Átha Cliath 2

D02 XK70

Éire

Uaireanta Oscailte: Ó Luan go Déardaoin idir 8am agus 9pm, Dé hAoine idir 8am agus 6pm

Ríomhphost: burghquayregoffice@justice.ie

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce

13/14 Cé an Bhúrcaigh

Baile Átha Cliath 2

Éire

D02 XK70

Leathanach Baile: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=31

Ríomhphost: gnib_dv@garda.ie

Page edited: 18 December 2020

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Samhain 2023