Ag filleadh ar Éirinn agus leanbh a thabhairt ar an saol

Réamhrá

Má tá tú féin nó do pháirtnéir torrach, teastaíonn uait eolas a bheith agat ar an gcóras cúraim máithreachais in Éirinn agus ar na sochair agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit.

Má tá naíonán agat nuair a fhilleann tú chun cónaí in Éirinn, is féidir leat teacht ar chúram máithreachais tríd an gcóras sláinte poiblí.

B’fhéidir go bhfuil sé ar intinn agat seirbhísí sláinte príobháideacha a úsáid le haghaidh cúram máithreachais. Má bheartaíonn tú árachas sláinte príobháideach a fháil chun cabhrú le híoc as na costais, ba cheart gurb eol duit go bhfuil tréimhse feithimh 52 seachtain tréimhse ann ar éilimh a bhaineann le máithreachas. Is féidir leat níos mó a léamh in Ag Filleadh ar Éirinn agus árachas sláinte príobháideach a cheannach.

Tugtar cuntas ar an leathanach seo ar an méid is gá a bheith ar eolas agat faoi naíonán a thabhairt ar an saol in Éirinn agus treoraítear thú chuig eolas breise.

An féidir liom teacht ar chúram máithreachais sa chóras sláinte poiblí?

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn le cónaí ann agus má tá sé ar intinn agat naíonán a thabhairt ar an saol anseo, beidh tú i dteideal cúram máithreachais sláinte poiblí a fháil faoin Scéim Cúraim Máithreachais agus Naíonán. Is amhlaidh seo mar gheall go mbunaítear do theidlíocht do sheirbhísí sláinte poiblí a úsáid ar do chónaitheacht. Níl sé nasctha le d’ioncam ná le d’íocaíocht cánach nó árachais shóisialaigh.

Cuireann an Scéim Cúraim Máithreachais agus Naíonán clár cúraim ar fáil do gach máthair atá ag súil le naíonán ar a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn. Tá gnáthchónaí ort má bhí cónaí ort in Éirinn ar feadh bliain amháin, ar a laghad, nó má bheartaíonn tú cónaí anseo ar feadh bliain amháin, ar a laghad.

Faoin Scéim, tá tú i dteideal cuairteanna saor in aisce a thabhairt ar do dhochtúir ginearálta (DG) agus ar an ospidéal a bhaineann le do thoircheas agus le breith do naíonáin. Cuireann do rogha dochtúir teaghlaigh (DG) agus obstatraí ospidéil an tseirbhís seo ar fáil. Tá tú i dteideal an tseirbhís saor in aisce seo a fháil fiú mura bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte DG agat.

Ní chumhdaítear cúram do bhreoiteacht nach mbaineann le do thoircheas ag an Scéim. Ciallaíonn seo, má theastaíonn uait do DG a fheiceáil faoi bhreoiteacht nach mbaineann le toircheas (cosúil le plúchadh), go ngearrfar na gnáth-tháillí DG (mura bhfuil cárta leighis, nó cárta cuairte DG agat).

Is féidir teacht ar níos mó eolais ar ár leathanach, seirbhísí cúraim máithreachais agus cúraim naíonáin.

An féidir liom saoire mháithreachais íoctha ón obair a fháil?

Má bhíonn tú torrach fad a bhíonn tú fostaithe, tá tú i dteideal saoire mháithreachais a fháil. Is féidir leat saoire mháithreachais a fháil ón obair gan aird ar cé chomh fada a bhí tú ag oibriú do chuideachta nó ar an líon uaireanta an chloig sa tseachtain a oibríodh. Áirítear oibrithe ócáideacha leis.

Is féidir leat a mhéid le 42 seachtain de shaoire a ghlacadh saor ón obair i gcás saoire mháithreachais. Is gnách go mbíonn saoire íoctha 26 seachtain (má tá tú incháilithe) agus saoire neamhíoctha bhreise 16 seachtaine i gceist leis seo. Níl ort an tsaoire neamhíoctha a ghlacadh.

B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Sochar Máithreachais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí fad a bhíonn tú ar shaoire mháithreachais.

Íocaíocht is ea Sochar Máithreachais a dhéantar le mná atá ar shaoire mháithreachais ón obair a bhfuil dóthain ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu.

Íoctar Sochar Máithreachais ar ráta seachtainiúil caighdeánach €262 ar feadh 26 seachtain.

Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ó d’fhostaíocht in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh tú in ann ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a íocadh i dtír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE agus na Ríochta Aontaithe (an RA) a úsáid. Caithfidh go bhfuil tú i bhfostaíocht inárachais in Éirinn agus caithfidh gur íoc tú do ranníocaíocht ÁSPC is déanaí in Éirinn.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi cháiliú do Shochar Máithreachais agus conas iarratas a dhéanamh.

Níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire mháithreachais. B’fhéidir go gcuirfidh roinnt fostóirí saoire mháithreachais íoctha ar tairiscint duit agus ba cheart duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil féachaint cad a bhaineann leat. Má íocann d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar shaoire mháithreachais, b’fhéidir go mbeidh ort íocaíocht do Shochair Mháithreachais a aistriú chuig d’fhostóir.

An féidir liom saoire atharthachta íoctha ón obair a fháil?

Tá tuismitheoirí nua (seachas máthair an linbh) i dteideal saoire atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh breith nó uchtáil linbh.

Is féidir leat tosú le saoire atharthachta a ghlacadh ag aon tráth laistigh de na chéad 6 mhí i ndiaidh na breithe nó an tsocrúcháin uchtála.

Íoctar Sochar Atharthachta ar ráta seachtainiúil caighdeánach €262 in 2023.

Is féidir leat teacht ar níos mó eolais faoi cháiliú do Shochar Atharthachta agus conas iarratas a dhéanamh.

Níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire atharthachta. B’fhéidir go gcuirfidh roinnt fostóirí saoire atharthachta íoctha ar tairiscint duit agus ba cheart duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil féachaint cad a bhaineann leat. Má íocann d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar shaoire atharthachta, b’fhéidir go mbeidh ort íocaíocht do Shochair Atharthachta a aistriú chuig d’fhostóir.

An féidir liom saoire thuismitheoireachta a fháil?

Tá tú i dteideal saoire thuismitheoireachta neamhíoctha 26 seachtain oibre a ghlacadh in aghaidh an linbh. Caithfear í a ghlacadh sula mbaineann do leanbh 12 bhliain d’aois amach.

Bíonn teidlíocht chothrom ar leith ag an mbeirt tuismitheoirí do shaoire thuismitheoireachta do gach leanbh.

Go ginearálta, caithfidh go raibh tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh bliana le bheith i dteideal saoire thuismitheoireachta a fháil – cé go gcuireann roinnt fostóirí rogha na saoire tuismitheoireachta ar fáil láithreach.

Ní fhoráiltear sa reachtaíocht do shaoire thuismitheoireachta ach don teidlíocht íosta. B’fhéidir go mbronntar níos mó saoire nó teidlíochtaí eile i do chonradh fostaíochta. Is féidir teacht ar níos mó eolais inár gcáipéis faoi shaoire thuismitheoireachta. Is féidir leat cás-staidéar ar shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh a léamh freisin.

Saoire Thuismitheora agus Sochar Tuismitheora

Bronnann saoire thuismitheora ar gach tuismitheoir saoire 7 seachtaine a ghlacadh i rith chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh. Íoctar Sochar Tuismitheora fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora ón obair má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC).

Tar éis gur rugadh ar do naíonán

Ba cheart duit breith do linbh a chlárú tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis a mbreithe. Ceanglas dlíthiúil é breith a chlárú in Éirinn, ach beidh teastas breithe ag teastáil uait freisin chun do leanbh a chlárú i scoil, chun iarratas a dhéanamh ar phas, agus ar go leor cuspóirí eile. Is féidir níos mó a léamh faoi Bhreith do naíonáin a chlárú.

Má chláraíonn tú breith naíonáin a rugadh in Éire laistigh de 3 mhí tar éis na breithe, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil go huathoibríoch leat faoi Shochar Linbh. Má chláraíonn tú i ndiaidh 3 mhí, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh.

Is féidir níos mó a léamh faoi na tacaíochtaí atá ar fáil duit tar éis gur rugadh ar do naíonán.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Iúil 2023