Sceim Sochair Coireala

Cad is Sochar Cóireála ann?

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a reáchtálann an Scéim Sochair Cóireála chun ranníocaíocht teoranta airgeadais a sholáthar i leith seirbhísí fiaclóireachta, seirbhísí optúla agus seirbhísí na gcluas.

Tá an Scéim Sochair Cóireála ar fáil d’oibrithe árachaithe, daoine féinfhostaithe agus daoine atá ar scor a bhfuil an méid riachtanach ranníocaíochtaí ÁSPC acu.

Faoin Scéim Sochair Cóireála, d’fhéadfá a bheith i dteideal:

  • Sochar fiaclóireachta
  • Sochar súl
  • Áiseanna éisteachta
  • Bréagfholt

Sula dtugann tú faoi chóireáil ar bith, ba cheart teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí cóireála chun do cháilitheacht a sheiceáil.

Sochar Cóireála san AE

Má roghnaíonn tú cóireáil a fháil i mballstát eile den AE, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí méid atá comhionann leis an ráta a íoctar ar chóireálacha comhchosúla a rinneadh in Éirinn, nó an méid a íocadh as an gcóireáil i gceist - cibé acu is ísle. Fós, ní mór na ranníocaíochtaí ÁSPC cáilitheacha a bheith agat.

Sula dtaistealaíonn tú, déan teagmháil leis an Rannóg Sochair Chóireála (féach ‘Sonraí Teagmhála’ thíos) chun foirm iarratais agus sonraí faoi na suimeanna a íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí a fháil.

Sochar Fiaclóireachta

Faoin scéim seo, íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí an costas iomlán a bhaineann le scrúdú fiaclóireachta uair amháin sa bhliain féilire.

Tá íocaíocht €42 ar fáil i leith fiacla a sciúradh agus a shnasú nó - má tá gá cliniciúil leis - i leith cóireála pearódóntach freisin, uair amháin sa bhliain féilire. Má bhaineann costas níos mó ná €42 leis an nglanadh nó leis an gcóireáil phearódóntach, ní mór duit an difríocht a íoc - teoranta ag €15 le haghaidh fiacla a sciúradh agus a shnasú. Ní bhaineann teorainn leis an bhfuílleach i gcás cóireála pearódóntach.

Is fiaclóirí príobháideacha atá ar phainéal na Roinne Coimirce Sóisialaí a chuireann an chóireáil ar fáil. Tá liostaí de na fiaclóirí atá ar an bpainéal ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisaialaí. Tá an chuid is mó d’fhiaclóirí ar an bpainéal seo, agus mar sin ní dócha go mbeadh deacracht ar bith ag duine fiaclóir a fháil. Beidh an fiaclóir in ann d’incháilitheacht a chinntiú agus éileamh a dhéanamh thar do cheann. Beidh sonraí amhail d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) , do dháta breithe agus do shíniú ag teastáil ar an bhfoirm éileamh. Más céile nó páirtnéir sibhialta cleithiúnach tú, ba chóir duit UPSP an duine a bhfuil árachas aige/aici a thabhairt agus beidh orthu siúd an fhoirm éilimh a shíniú freisin.

Faoiseamh cánach

Is féidir faoiseamh cánach a fháil ar chóireálacha fiaclóireachta neamhghnáthaimh áirithe.

Sochar súl

Faoin Scéim Sochair Cóireála, tá tú i dteideal tástáil radhairc a fháil saor in aisce uair amháin gach re bliain féilire. Ní chumhdaítear tástálacha radhairc le haghaidh VDUanna agus ceadúnais tiomána faoin scéim.

Is féidir íocaíocht socraithe a fháil, uair amháin gach 2 bhliain, i leith péire amháin spéaclaí léitheoireachta agus spéaclaí fadraoin, péire amháin spéaclaí délionsa nó spéaclaí céimnitheacha nópéire amháin lionsaí tadhaill (lena n-áirítear lionsaí indiúscartha). Beidh costais dhifriúla i gceist, ag brath ar na frámaí a roghnóidh tú. Ní bhaineann costas ar bith le frámaí bunúsacha.

Is radharceolaithe, optaiméadraithe nó oftailmeolaithe a bhfuil conradh acu leis an Roinn Cosanta Sonraí a chuireann na tástálacha radhairc ar fáil.

Lionsaí míochaine

Má tá lionsaí tadhaill ag teastáil uait ar chúiseanna leighis, féadfaidh tú suas le €1,000 a fháil i dtreo an chostais a bhaineann le péire lionsaí tadhaill leighis (€500 i leith gach lionsa tadhaill) uair amháin gach dhá bhliain. Baineann sé seo le líon beag riochtaí súl a chuireann bac ar spéaclaí a chaitheamh. Is gá moladh dochtúra a bheith agat. Níl lionsaí tadhaill ar fáil ar chúiseanna cosmaideacha amháin. Tá lionsaí tadhaill chun críocha optúla ar fáil tríd an scéim Sochair Súl thuas.

Áiseanna éisteachta

Is féidir le soláthraithe a bhfuil conradh acu leis an Roinn Coimirce Sóisialaí áiseanna éisteachta a chur ar fáil. Íocann an Roinn an costas iomlán a bhaineann le háis éisteachta suas go huasmhéid €500 (€1,000 i leith péire) uair amháin gach 4 bliana. Íocann an Roinn costas iomlán deisiúcháin ar áiseanna freisin, suas go huasmhéid €100, uair amháin gach 4 bliana.

Bréagfholt agus a leithéid

Ón 28 Bealtaine 2022, is féidir suas le €500 a fháil le haghaidh earra athsholáthair gruaige amháin amhail bréagfholt nó píosa gruaige, i ngach bliain féilire. Ní chumhdaítear cóireálacha máinliachta nó cóireálacha logánta.

Is gá go mbaineann an caillteanas gruaige le galar nó le cóireáil ar ghalar amhail ailse nó alóipéice. Is iad seo a leanas na cineálacha alóipéice a chumhdaítear:

  • Alóipéice areata (lena n-áirítear alóipéice totalis nó universalis, alóipéice areata idirleata, alóipéice ophiasis)
  • Alóipéice coilm príomhúil
  • Alóipéice fiobróis tosaigh agus léicean planopilaris (alóipéice coilm)
  • Alóipéice spreagtha ag ceimiteiripe (anagen effluvium)
  • Alóipéice mar thoradh ar mháinliacht nó tráma e.g. dónna

Caithfidh tú an bréagfholt a cheannach ó sholáthraí a luaitear ar Liosta na Roinne de sholáthraithe ceadaithe.

Conas cáiliú chun Sochar Cóireála a fháil

Coinníollacha ranníocaíochta

Ní mór go bhfuil ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Aicme A, E, P, H nó S íoctha agat.

Braitheann an méid árachais shóisialaigh atá de dhíth ort ar d’aois.

Faoi bhun 21 bliain d’aois

Má tá tú faoi bhun 21 bliain d’aois, d’fhéadfá cáiliú má d’íoc tú 39 ranníocaíocht ar a laghad tráth ar bith.

Idir 21-28 bliain d’aois

Idir na haoiseanna seo féadfaidh tú cáiliú má tá 39 ranníocaíocht ar a laghad íoctha agat agus

  • Ar a laghad 39 ranníocaíocht íoctha nó curtha chun sochair agat sa bhliain ranníocaíochta rialaithe (is é 2021 an bhliain ranníocaíochta rialaithe le haghaidh éileamh a rinneadh in 2023) nó
  • 26 ranníocaíocht íoctha i ngach ceann den dara agus den tríú bliain ranníocaíochta is deireanaí. Maidir le héilimh a rinneadh in 2023, is é 2021an dara bliain ranníocaíochta is deireanaí agus is é 2020 an tríú bliain ranníocaíochta is deireanaí.

Idir 29-65 bliain d’aois

Ó 29 bliain d’aois ar aghaidh, caithfidh 260 ranníocaíocht íoctha ar a laghad a bheith agat agus

  • Ar a laghad 39 ranníocaíocht íoctha nó curtha chun sochair agat sa bhliain ranníocaíochta rialaithe (is é 2021 an bhliain ranníocaíochta rialaithe le haghaidh éileamh a rinneadh in 2023) nó
  • 26 ranníocaíocht íoctha i ngach ceann den dara agus den tríú bliain ranníocaíochta is deireanaí. Maidir le héilimh a rinneadh in 2023, is é 2021an dara bliain ranníocaíochta is deireanaí agus is é 2020 an tríú bliain ranníocaíochta is deireanaí.

(4) 66 bliana d'aois agus os a chionn

Tá rialacha speisialta ann do dhaoine atá 66 bliana d’aois agus níos sine. Chun cáiliú, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha tráth ar bith agus 39 ranníocaíocht íoctha nó creidiúnaithe sa bhliain chánach ábhartha nó sa bhliain díreach roimhe sin. Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán is deireanaí sular bhain tú 66 bliain d’aois amach. (Mar shampla, má bhí tú 66 in 2015, is í 2013 an bhliain chánach ábhartha.)

  • 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha tráth ar bith agus 26 ranníocaíocht íoctha sa bhliain chánach ábhartha agus sa bhliain díreach roimhe sin. Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán is deireanaí sular bhain tú 66 bliain d’aois amach. (Mar shampla, má bhí tú 66 in 2015, is í 2013 an bhliain chánach ábhartha.)

Baineann roinnt eisceachtaí leis an méid thuasluaite, áfach:

Má shroich tú 66 bliain d’aois idir an 1 Deireadh Fómhair 1987 agus an 6 Iúil 1992, beidh 208 ranníocaíocht íoctha ag teastáil uait.

Má tá Pinsean Stáit á fháil agat, tagann athrú ar na riachtanais ranníocaíochta ÁSPC de réir aoise, mar seo a leanas:

Má bhí tú: Ar a laghad, caithfidh:
66 bliain d’aois idir an 1 Deireadh Fómhair 1987 agus an 6 Iúil 1992 208 weeks PRSI paid since first starting work and 39 weeks paid or credited in the relevant tax year* or the year immediately before it.

Or

208 weeks PRSI paid since first starting work and 26 contributions paid in both the relevant tax year* and the year immediately before it.

208 seachtain ÁSPC a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh agus 39 seachtain íoctha nó curtha chun sochair sa bhliain chánach ábhartha* nó sa bhliain díreach roimhe sin. Nó 208 seachtain ÁSPC a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh agus 26 seachtain íoctha sa bhliain chánach ábhartha* agus sa bhliain díreach roimhe sin. 260 weeks PRSI paid since first starting work and either 39 weeks paid or credited in relevant tax year* or the year immediately before it.

Or

260 weeks PRSI paid since first starting work and 26 contributions paid in both the relevant tax year* and the year immediately before it.

* Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán is deireanaí sular bhain tú 66 bliain d’aois amach. (Mar shampla, má bhí tú 66 in 2015, is í 2013 an bhliain chánach ábhartha.)

Má chomhlíonann tú na coinníollacha seo nuair a shroicheann tú aois an phinsin, beidh tú cáilithe ar feadh an tsaoil.

Incháilithe ag 60 agus níos sine

Má cháilíonn tú le haghaidh sochair idir 60 agus 66 bliain d'aois, coinneoidh tú an teidlíocht sin an chuid eile de do shaol. Mar sin féin, má chuaigh tú ar scor mar gheall ar dhrochshláinte nó má mheastar go bhfuil tú dífhostaithe, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta nó ar Shochar Cuardaitheora Poist, faoi réir ag na coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh. B'fhéidir go mbronnfaí ranníocaíochtaí creidmheasa ort freisin mar ghealll go bhfuil tú i dteideal na sochar sin, agus féadfar iad sin a chur san áireamh chun an clúdach do shochair cóireála ar feadh tréimhsí breise amach anseo a leathnú.

Céile nó páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir,

Féadfaidh céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheora, cáiliú ina gceart féin, ar ndóigh, má bhíonn dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta acu.

Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, féadfaidh sé/sí fós cáiliú le haghaidh Sochair Cóireála ar do thaifead árachais shóisialaigh féin. Chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú bheith incháilithe le haghaidh Sochair Cóireála agus caithfidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir bheith i gcleithiúnas ort.

I gcás céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir chleithiúnaigh, ní mór go mbaineann na rudaí seo a leanas leo:

  • Ollioncam €100 nó níos lú a bheith aige/aici in aghaidh na seachtaine. Má tá ioncam níos mó ná €100 aige/aici in aghaidh na seachtaine, ní mór go raibh sé/sí ina c(h)leithiúnach ort sula thosaigh nó sular atosaigh sé/sí ag obair i bhfostaíocht inárachaithe (ag Aicme A, E, H, P nó S).
  • Gan a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Pinsean Míchumais, Liúntas Leasa Forlíontach, Sochar Cúramóra nó Sochar Leanaí) Má tá Liúntas Cúramóra nó Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil aige/aici, féadfaidh sé/sí cáiliú má bhí sé/sí ina c(h)leithiúnach ort díreach sula bhfuair sé/sí Liúntas nó Pinsean.

I gcás go bhfaigheann duine árachaithe bás agus go raibh an céile nó an páirtnéir sibhialta chleithiúnaigh i dteideal sochair ag am an bháis sin, coinníonn an céile teidlíocht fad is baintreach fir/baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach iad.

Rialacháin an AE agus Sochar Cóireála

Má bhí tú i bhfostaíocht inárachaithe roimhe seo i dtír atá clúdaithe ag Rialacháin an AE agus mura gcáilíonn tú ar do thaifead ÁSPC in Éirinn, féadfar do thaifead árachais shóisialta sa tír eile de chuid an AE a úsáid chun cuidiú leat cáiliú le haghaidh Sochar Cóireála. Caithfidh ar a laghad ranníocaíocht ÁSPC ináirithe amháin (Aicme A, E, H, P agus S) a bheith íoctha agat ó d’fhill tú ar Éirinn.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Cóireála

Déantar éilimh trí do sholáthraí (fiaclóir, radharceolaí/optaiméadraí/oftailmeolaí dáiliúcháin nó éisteolaí), ar féidir leo do theidlíocht a sheiceáil roimh an gcóireáil agus an íocaíocht a éileamh ina dhiaidh sin.

Beidh roinnt eolais de dhíth ar do sholáthraí chun tú a shainaithint, amhail do dháta breithe agus d’uimhir PSP. Roimh an gcóireáil, ní mór duit Foirm Toilithe a shíniú a thugann cead do do sholáthraí an fhaisnéis sin a bheith acu agus a thugann do chead an fhaisnéis sin a thabhairt don Roinn Coimirce Sóisialaí ionas gur féidir d’éileamh a íoc.

Má tá éileamh á dhéanamh agat mar chleithiúnach faoi thaifead ÁSPC do chéile, do pháirtí sibhialta nó do comhchónaitheora, beidh ort féin agus ar do chéile/pháirtí an Fhoirm Toilithe a shíniú.

I gcás cóireáil a fhaightear i mballstát eile de chuid an AE, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Sochar Cóireála ag an seoladh thíos chun d’incháilitheacht a chinntiú. Má tá tú incháilithe, seol d’admhálacha chuig an Rannóg Sochar Cóireála, mar aon le litir ina bhfuil do shonraí teagmhála agus sonraí do chuntas bainc (ainm, uimhir agus cód sórtála an chuntais) luaite agus íocfar an t-airgead isteach sa chuntas sin.

Sonraí teagmhála

An Rannóg Sochair Cóireála

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Naomh Oilibhéar Pluincéad
Leitir Ceanainn
Dún na nGall
ÉIRE

Teil: (074) 916 4480 or 0818 300 600
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023