Cás-staidéar: Gearradh cánach ar Shochar Máithreachais

Réamhrá

Léiríonn an cás-staidéar seo conas a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim creidmheasanna agus bandaí cánach a choigeartú le haghaidh Sochar Máithreachais. Tabhair faoi deara nach dtagraíonn na samplaí seo do dhaoine ar a ndéantar comh-mheasúnú lena gcéile nó lena bpáirtnéir sibhialta.

Tá fostaithe i dteideal creidmheas pearsanta cánach (€1,875 in 2024) mar aon le Creidmheas Cánach d'Fhostaithe (€1,875 in 2024) a fháil. Is ionann a scoithphointe ráta chaighdeánaigh agus méid a mbanda phearsanta chaighdeánaigh cánach. Le haghaidh gach tréimhse phá, íocann siad cáin ar an ráta caighdeánach (20%) a mhéid lena scoithphointe ráta chaighdeánaigh. Gearrtar an ráta níos airde cánach (40%) ar aon ioncam os cionn an scoithphointe chaighdeánaigh. Nuair a bhíonn an méid iomlán cánach ríofa, baintear a gcreidmheasanna cánach ón bhfigiúr seo leis an méid iomlán cánach atá le híoc a dheimhniú.

Nuair a ghabhann bean ar shaoire mháithreachais, féadfaidh sí cáiliú le haghaidh Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtain. Is é an méid de Shochar Máithreachais €274 gach seachtain, mar sin, íocfar le bean a cháilítear le haghaidh na híocaíochta €7,124 de Shochar Máithreachais ar an iomlán. Laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim a cuid creidmheasanna cánach agus a scoithphointe caighdeánach seachtainiúil chun an cáin atá iníoctha ar a Sochar Máithreachais a chur san áireamh.

Bainfear an cháin atá le híoc ar an Sochar Máithreachais seachtainiúil (€274 x 20% = €52.40) óna creidmheasanna seachtainiúla cánach agus bainfear an méid iomlán de Shochar Máithreachais óna scoithphointe seachtainiúil. Mura ndéanann a fostóir a Sochar Máithreachais a bhreisiú, d’fhéadfadh aisíocaíocht cánach bheith i gceist, agus is féidir an aisíocaíocht seo a ríomh nuair a fhilleann sí ar an obair (féach Sampla 2 thíos).

Creidmheas cánach athbhreithnithe agus ríomhanna scoithphointe seachtainiúla
Creidmheas Cánach Duine Shingil €1,875 gach bliain
Creidmheas Cánach Fostaí (ÍMAT) €1,875 gach bliain
Creidmheas Cánach Seachtainiúil €72.12
Asbhaint Sochar Máithreachais lúide €54.80
Creidmheas cánach leasaithe €17.32
Scoithphointe caighdeánach seachtainiúil (gearrtar cáin 20% ar an ioncam) €807.69 (€42,000 gach bliain)
Scoithphointe seachtainiúil leasaithe (an scoithphointe caighdeánach lúide Sochar Máithreachais €274) €533.69

Sampla 1: Íoctar a tuarastal iomlán leh Áine fad a bhíonn sí ar saoire mháithreachais

Tá Áine ar saoire mháithreachais. Leanann sí lena gnáth-olltuarastal €550 sa tseachtain a fháil agus íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) Sochar Máithreachais €274 sa tseachtain go díreach le fostóir Áine.

Gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim na sonraí faoi Shochar Máithreachais go díreach ón RCS, déanfaidh siad creidmheasanna bliantúla cánach agus banda ráta Áine a laghdú faoi mhéid an tSochair Mháithreachais (féach thuas lena fheiceáil conas a dhéantar seo), agus seolfaidh siad deimhniú leasaithe creidmheas cánach chuig a fostóir. Is ionann a bheidh banda ráta leasaithe Áine agus €533.69 agus is ionann a bheidh a creidmheasanna seachtainiúla cánach agus €17.32.

Is éard atá i dtuarastal seachtainiúil Áine fad a bhíonn sí ar saoire mháithreachais:

Sochar Máithreachais: €274

Tuarastal na Cuideachta: €550

Iomlán: €824

Déanann an fostóir cáin, MSU agus ÁSPC a asbhaint ó chomhréir thuarastal na cuideachta (€550). Bailítear an cháin atá le híoc ar chomhréir an tSochair Mháithreachais (€274) tríd an laghdú ar chreidmheasanna cánach agus banda ráta Áine. Ní féidir MSU nó ÁSPC a ghearradh ar Shochar Mháithreachais.

Seo a leanas conas a ríomhtar an cháin atá le híoc ag Áine ar chomhréir thuarastal na cuideachta (€550)

Cáin iníoctha ar €533.69 @ 20%

€106.74

Cáin iníoctha ar €16.31 @ 40%

€6.52

Cáin iomlán

€112.86
Glanmhéid cánach

Is é an cháin iomlán €112.86 – lúide creidmheas cánach €17.32

Is é an glanmhéid cánach atá iníoctha €95.54

An Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ar €550

€8.63

ÁSPC ar €550 @ 4%

€22

Asbhaintí iomlána

€126.17

Sampla 2: Ní íocann fostóir Sallyaon bhreisiú fad atá sí ar saoire mháithreachais Íoctar a Sochar Máithreachais léi go díreach fad atá sí ar an tsaoire.

Ní íocann fostóir Sally í fad atá sí ar saoire mháithreachais, agus ar an ábhar sin, cuirtear an méid a leanas i bhfeidhm. Thuill Sally €710 sa tseachtain (€36,920 sa bhliain). D’íoc sí cáin, ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch gach seachtain. Asbhaineadh a cáin agus a Muirear Sóisialta Uilíoch ag glacadh leis go leanfadh sí leis an méid céanna a thuilleamh don chuid eile den bhliain.

Nuair a théann sí ar saoire mháithreachais agus nuair a thosaíonn sí le Sochar Máithreachais a fháil, níl sí faoi dhliteanas a thuilleadh an Muirear Sóisialta Uilíoch nó ÁSPC a íoc (mar gheall nach ngearrtar iad ar Shochar Máithreachais). Féadfaidh sí aisíocaíocht an Mhuirir Shóisialta Uilíoch a fháil. Nuair a fhilleann sí ar an obair, is dócha go dtabharfar di aisíocaíocht cánach, chomh maith, mar gheall gur mó a creidmheasanna cánach fad atá sí ar saoire mháithreachais ná an méid cánach atá le híoc ar a Sochar Máithreachais agus d’fhéadfadh gur íoc sí cáin bhreise ar a tuarastal sula ndeachaigh sí ar saoire mháithreachais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2024