Liúntas Cuardaitheora Poist

Cad is Liúntas Cuardaitheora Poist ann?

Is íocaíocht é Liúntas Cuardaitheora Poist a dhéantar do dhaoine dífhostaithe. Má tá tú dífhostaithe, is féidir iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist nó ar Shochar Cuardaitheora Poist.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist má bhí tú ar Shochar Cuardaitheora Poist agus tá deireadh curtha le d’íocaíocht. Is féidir iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist freisin mura bhfuil tú i dteideal ach ráta laghdaithe de Shochar Cuardaitheora Poist agus go mbeifeá níos fearr as ar Liúntas Cuardaitheora Poist (rud ar a dtugtar Liúntas Cuardaitheora Poist Roghnach.)

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Liúntas Cuardaitheora Poist, mar sin ní mór d’ioncam a bheith faoi bhun méid áirithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Más tuismitheoir aonair tú, is féidir iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist. Tugann sé seo tacaíocht do thuismitheoirí aonair a bhfuil leanaí óga idir 7 mbliana d’aois agus 13 bliana d’aois acu.

Conas cáiliú chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil

Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine agus faoi bhun 66 bliain d’aois. Chomh maith leis sin, caithfidh tú:

  • A bheith dífhostaithe go hiomlán (nó ag obair 3 lá sa tseachtain nó níos lú)
  • A bheith ar fáil chun obair lánaimseartha a dhéanamh agus a bheith dáiríre ar lorg oibre
  • A bheith in ann obair a dhéanamh
  • Tástáil acmhainne a chomhlíonadh
  • An coinníoll ghnáthchónaithe a chomhlíonadh

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo maidir leis na coinníollacha chun íocaíocht cuardaitheora poist a fháil agus seirbhísí fostaíochta do chuardaitheoirí poist.

Tá roinnt forálacha speisialta ann do chuardaitheoirí poist níos sine agus le haghaidh mná atá ag iompar clainne.

Liúntas Cuardaitheora Poist agus obair

Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, ní mór duit a bheith ag lorg obair lánaimseartha – agus caithfidh tú a bheith in ann cruthúnas air seo a thaispeáint don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Má tá tú ag obair 3 lá sa tseachtain nó níos lú, féadfaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil do na laethanta nach mbíonn tú ag obair. Mar sin féin, ní mór duit a thaispeáint go bhfuil tú fós ag iarraidh obair lánaimseartha a fháil.

Má laghdaíonn d’fhostóir do laethanta oibre go 3 lá sa tseachtain nó níos lú, féadfaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil do na laethanta eile.

Ní mór duit fós na coinníollacha eile a bhaineann le Liúntas Cuardaitheora Poist a chomhlíonadh, mar shampla an tástáil acmhainne a chomhlíonadh. Imreoidh an t-ioncam a fhaigheann tú ón obair tionchar ar an méid Liúntas Cuardaitheora Poist a gheobhaidh tú.

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist fadtéarmach á fháil agat (ar feadh níos mó ná 15 mhí nó os cionn 390 lá) agus má ghlacann tú le hobair pháirtaimseartha ar feadh níos lú ná 24 uair sa tseachtain, is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha (PTJI). Ligeann an scéim seo duit oibriú go páirtaimseartha agus liúntas seachtainiúil speisialta a fháil in ionad d’íocaíochta cuardaitheora poist.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi conas a dhéantar ioncam ó obair a mheas le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má tá leanaí agat agus má chuireann tú stop le d’éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist nuair a thosaíonn tú ag obair, is féidir iarratas a dhéanamh ar Dhíbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair.

Is féidir leas a bhaint as an Measúnóir ar Thairbhe na hOibre chun fáil amach faoin mbealach a rachaidh sé i bhfeidhm ar d’ioncam má thosaíonn tú ag obair. Ríomhann sé an méid iomlán a gheobhaidh tú má ghlacann tú le hobair lánaimseartha agus cuirtear é seo i gcomparáid le d’íocaíocht cuardaitheora poist.

Féinfhostaíocht agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Má tá tú féinfhostaithe, seans go bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist, ag brath ar d’ioncam ó do ghnó. Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad faoi fhéinfhostaíocht agus dífhostaíocht. Is féidir le feirmeoirí féinfhostaithe atá ar ioncam íseal iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Feirme.

Ealaíontóirí agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Más ealaíontóir gairmiúil tú ar Liúntas Cuardaitheora Poist, féadfaidh tú a bheith díolmhaithe ó ghníomhachtú sa mhargadh saothair don chéad bhliain atá tú as obair. Ciallaíonn sé seo nach gá duit a thaispeáint go bhfuil tú ag lorg oibre. Ligeann sé seo d’ealaíontóirí gairmiúla a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist díriú ar a gcuid oibre ealaíne. Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí liosta iomlán de na foirmeacha gairmiúla ealaíne a chumhdaítear (pdf).

Tástáil acmhainne

Caithfidh d’ioncam a bheith faoi bhun leibhéal áirithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Chun a fháil amach an bhfuil d’ioncam íseal go leor chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí tástáil acmhainne.

Féachann an tástáil acmhainne ar d’ioncam, coigilteas, infheistíochtaí agus réadmhaoin, ach ní chuirtear do theach cónaithe san áireamh. Cuirtear ioncam do chéile, do pháirtnéara sibhialta nó do chomhchónaitheora san áireamh. (Is éard atá i gceist le comhchónaitheoir ná duine a chónaíonn i ndlúthchaidreamh tiomanta le duine den ghnéas céanna nó den ghnéas eile gan a bheith mar chéile, páirtnéir sibhialta nó neasghaol don duine sin.) Ní chuirtear ioncam áirithe san áireamh sa tástáil acmhainne, áfach.

Chun teacht ar ráta do Liúntais Chuardaitheora Poist, asbhainfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí d’acmhainn iomlán ón íocaíocht uasta do do theaghlach.

Má oibríonn do pháirtí nó má tá sé/sí ag glacadh páirte sa Scéim Fostaíochta Pobail ar a dtugtar Tús, déantar measúnú ar a dtuilleamh ar an mbealach céanna le tuilleamh ó obair pháirtaimseartha nó obair ócáideach. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má chuir do pháirtnéir nó do chomhchónaitheoir tús le scéim Fostaíochta Pobail (FP) roimh an 1 Eanáir 2023, déantar measúnú ar a dtuilleamh ón scéim ar an mbealach céanna le tuilleamh ó obair pháirtaimseartha. Má thosaíonn siad FP in 2023, leathfar d'acmhainn, is féidir leat tuilleadh a fháil faoin gcaoi a ndéantar measúnú ar FP sa tástáil mhaoine le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist.

Tá teorainn i gceist a oibríonn mar seo a leanas: má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil ag do pháirtí, ní fhéadfaidh an méid iomlán a íoctar leat mar lánúin a bheith níos mó ná an t-uasmhéid do dhuine amháin (lena n-áirítear cleithiúnaithe) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an tástáil acmhainne do Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má tá tú 24 bliain d’aois nó faoina bhun agus i do chónaí le tuismitheoir (nó leastuismitheoir) in áras an teaghlaigh, déanfaidh an tástáil acmhainne do Liúntas Cuardaitheora Poist measúnú ar chuid d’ioncam do thuismitheoirí. Faigh tuilleadh eolais inár ndoiciméad faoi conas a dhéantar maireachtáil le tuismitheoirí a mheasúnú sa tástáil acmhainne.

Dícháiliú agus laghdú ar íocaíocht

B’fhéidir nach mbeidh tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist i gcásanna áirithe. Deirtear ansin go bhfuil tú dícháilithe. D’fhéadfaí tú a dhícháiliú ó Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil ar feadh suas le 9 seachtaine sna cásanna seo a leanas:

  • Má d’fhág tú obair go deonach agus gan cúis cheart
  • Má chaill tú do phost trí mhí-iompar
  • Má dhiúltaigh tú do thairiscint fostaíochta nó oiliúna oiriúnach agus tú ar ráta pionóis de Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh 21 lá ar a laghad

Is féidir d’íocaíocht a laghdú mura bhfreastalaíonn tú ar chruinnithe arna n-iarraidh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí nó mura nglacann tú páirt i scéim tacaíochta fostaíochta, taithí oibre nó oiliúint iomchuí (féach ‘Rátaí pionóis’ thíos freisin).

Tá tuilleadh eolais le fáil inár ndoiciméad faoi na smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm mura gcomhlíonann tú coinníollacha d’íocaíochta cuardaitheora poist.

Mic léinn

Má tá tú díreach tar éis an scoil a fhágáil, ní féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus a bheith as scoil ar feadh 3 mhí. Ní bhaineann an riail dícháilithe 3 mhí le rannpháirtithe Ógtheagmhála.

Más mac léinn tríú leibhéal tú atá ag staidéar go lánaimseartha, ní féidir leat an dól (Liúntas Cuardaitheora Poist ná Sochar Cuardaitheora Poist) a éileamh. Ní féidir leat síniú ar an mBeochlár lasmuigh d’am téarma, mar shampla le linn laethanta saoire an tsamhraidh (ach amháin más mac léinn lánfhásta tú). Ach, tar éis duit an coláiste a chríochnú go hiomlán, féadfaidh tú íocaíocht cuardaitheora poist a éileamh mura bhfuil tú in ann obair a aimsiú. Is amhlaidh an cás freisin má fhágann tú an coláiste gan do chúrsa a chríochnú.

Obair nó oiliúint ghearrthéarmach

Tá córas mear-rianaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí do dhaoine a chuireann deireadh lena Liúntas Cuardaitheora Poist chun dul i mbun oibre ar feadh tréimhse ghearr (suas le 12 seachtain) nó chun dul ar ghearrchúrsa oiliúna (suas le 12 seachtain).

Gheobhaidh tú d’íocaíocht arís gan mhoill.

Ní mór duit d’Ionad Intreo nó d’oifig bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas sula dtosaíonn tú ar obair nó ar oiliúint.

Is féidir d’ Fhorlíonadh Cíosa a chur ar fionraí ar feadh suas le 12 sheachtain freisin.

Ráta an Liúntais Cuardaitheora Poist

Rátaí an Liúntais Cuardaitheora Poist 2024

Aois

Uasráta pearsanta

Méadú do chleithiúnaí fásta

Méadú do leanbh cleithiúnach

25 bliain d'aois agus os a chionn

€232

€154

Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46 (ráta iomlán), €23 (leath-ráta)

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine

€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta)

18-24 bliain d’aois agus ag maireachtáil go neamhspleách*

€232

€154

18-24 bliana d'aois agus gan a bheith ina gcónaí go neamhspleách

€141.70

€141.70

Cáilíonn daoine idir 18-24 bliana d'aois a bhfuil leanaí acu don uasráta pearsanta €232

 

* Is ionann an Liúntas Cuardaitheora Poist do dhaoine faoi 25 bliana d’aois agus €232, ach amháin má tá an duine ag maireachtáil go neamhspleách agus ag fáil tacaíochta tithíochta stáit ar nós Forlíonadh Cíosa, Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS) nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT).

Is ionann an Liúntas Cuardaitheora Poist do dhaoine faoi 25 bliana d’aois agus €232, ach amháin má tá an duine ag maireachtáil go neamhspleách agus ag fáil tacaíochta tithíochta stáit ar nós Forlíonadh Cíosa, Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS) nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT).

I gcás daoine idir 18 mbliana d’aois agus 24 bliana d’aois a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist, ní bhaineann rátaí pearsanta laghdaithe ná rátaí d’aosaigh cáilithe laghdaithe sna cásanna seo a leanas:

  • Daoine a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu
  • Daoine atá ag aistriú ón Liúntas Míchumais go Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Daoine a bhí faoi chúram na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach le linn na 12 mhí sular shroich siad 18 mbliana d’aois.

Má bhí ráta laghdaithe den Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ar chúiseanna aoise agus má ghlacann tú páirt i gcúrsa oideachais, oiliúna nó scéim tacaíochta fostaíochta, beidh feidhm ag an ráta pearsanta íocaíochta iomchuí a bhaineann leis an gcúrsa nó leis an scéim sin fad is atá tú faoi 25 bliain d’aois. Nuair a chríochnóidh tú an cúrsa, rachaidh tú ar ais chuig an seanráta den Liúntas Cuardaitheora Poist a bhaineann le d’aois.

I gcás rannpháirtithe uile an Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas atá faoi bhun 25 bliain d’aois agus a bhí ag fáil íocaíocht laghdaithe ar chúiseanna aoise den Liúntas Cuardaitheora Poist, gheobhaidh siad uasráta den Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas arb ionann é agus €232 in aghaidh na seachtaine. Baintear acmhainn ar bith atá agat as an ráta seo.

Rátaí pionóis

Is féidir d’íocaíocht a laghdú mura bhfreastalaíonn tú ar chruinnithe nuair a iarrann an Roinn Coimirce Sóisialaí ort é sin a dhéanamh. Is féidir í a laghdú freisin mura nglacann tú páirt i scéim tacaíochta fostaíochta, taithí oibre nó oiliúint chuí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad faoi phionóis mura gcloítear le coinníollacha d’íocaíochta cuardaitheora poist.

Íocaíochtaí do chleithiúnaithe

Má cháilíonn tú do Liúntas Cuardaitheora Poist, gheobhaidh tú méid áirithe duit féin, ar a dtugtar an ráta pearsanta íocaíochta. Féadfaidh tú méadú a fháil ar d’íocaíocht le haghaidh cleithiúnaí fásta agus leanaí cleithiúnacha.

Leanaí cleithiúnacha

De ghnáth, is éard atá i leanbh cleithiúnach ná leanbh suas le 18 mbliana d’aois a chónaíonn leat. Tugtar Méadú i leith Leanbh Cáilithe ar an íocaíocht bhreise do leanbh cleithiúnach.

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat le 156 lá ar a laghad agus leanbh agat in oideachas lánaimseartha, íocfar Méadú i leith Leanbh Cáilithe suas go 22 bliain d’aois nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé nó sí 22 bliain d’aois.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat féin agus ag do pháirtí, gheobhaidh an bheirt agaibh Méadú i leith Leanbh Cáilithe ar leathráta.

D’fhéadfá Méadú i leith Aosaigh Cáilithe a fháil le haghaidh cleithiúnaí fásta (de ghnáth is é seo do chéile nó do pháirtí).

Féadfaidh tú méadú a éileamh ar son do pháirtí fad a bhíonn sé/sí ag glacadh páirte i Scéim Fostaíochta Pobail nó Tús. Sa tástáil mhaoine, déanfar measúnú ar a n-ioncam ón scéim ar an mbealach céanna le hioncam ó phost ina n-íocann siad ÁSPC.

Má chuir do pháirtnéir tús le scéim FP in 2023, ní fhéadtar d'íocaíocht a éileamh agus a mhéadú ina leith. Áireofar leis méaduithe ar ráta iomlán do do chleithiúnaithe linbh. Déanfar measúnú ar leath do chomhioncaim sa tástáil mhaoine.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ina c(h)eart féin (le roinnt eisceachtaí) nó má tá sé/sí ar chúrsa Breisoideachais agus Oiliúna nó Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais agus ag fáil liúntais, ní bhfaighidh tú Méadú i leith Aosach Cáilithe ach gheobhaidh tú méadú leathráta d’aon leanaí cáilithe atá agat.

Má tá cónaí ort le duine atá 16 bliana d’aois nó níos sine atá ag tabhairt aire do do leanbh cleithiúnaí, b’fhéidir go mbeifeá in ann Méadú i leith Aosach Cáilithe a fháil dóibh. Chun iarratas a dhéanamh ar an Méadú i leith Aosach Cáilithe seo, ní mór duit a bheith singil, i do bhaintreach, colscartha, scartha, i d’iarpháirtnéir sibhialta nó gan a bheith i do chónaí le do pháirtnéir sibhialta.

Íocaíocht a fháil

Is féidir d’íocaíocht Liúntas Cuardaitheora Poist a bhailiú gach seachtain ón oifig phoist is gaire duit. Caithfidh tú aitheantas fótagrafach bailí a thabhairt leat chun d’íocaíocht a bhailiú, e.g.

  • Cárta Seirbhísí Poiblí
  • Ceadúnas tiomána
  • Pas
  • Cárta um Chead Cónaithe in Éirinn
  • Cárta Aitheantais Náisiúnta (le haghaidh Shaoránaigh an AE/LEE)

Seans go mbeidh ort d’aitheantas fótagrafach a thaispeáint chun an íocaíocht a fháil.

Sochair eile

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, b’fhéidir go bhfaighidh tú:

  • Forlíonadh Cíosa - íocaíocht a chuidíonn le costas do chíosa.
  • Liúntas Breosla - íoctha idir mhí Dheireadh Fómhair agus mí Aibreáin chun cabhrú le costas breosla. Féadfaidh tú é a fháil má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat le 312 lá agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha. Cuirtear laethanta dífhostaíochta ar Shochar Cuardaitheora Poist san áireamh chun na 312 lá a shroicheadh má chuaigh tú díreach ó Shochar Cuardaitheora Poist go Sochar Cuardaitheora Poist gan sos.
  • Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil - chun cuidiú le costas éide agus bróga coisbhirt do leanaí atá ag freastal ar scoil
  • Cárta leighis - má tá d'ioncam faoi leibhéal áirithe

Ní cháilíonn tú le haghaidh an Phacáiste Sochair Teaghlaigh nó Saorthaisteal le Liúntas Cuardaitheora Poist.

Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist an chéad lá a thagann tú chun bheith dífhostaithe. Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh ar an gcéad lá a thagann tú chun bheith dífhostaithe mar ní bhfaighidh tú íocaíocht as an gcéad 3 lá de d’éileamh.

Má dhéanann tú éileamh déanach, féadfar é a shiardhátú má sholáthraíonn tú fianaise mhaith chun an mhoill a mhíniú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi shíniú ar an mBeochlár den chéad uair.

Má cheapann tú gur diúltaíodh Liúntas Cuardaitheora Poist duit go héagórach is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.

Iarratais ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar Liúntas Cuardaitheora Poist ar mywelfare.ie.

Tar éis duit logáil isteach, lorgófar roinnt faisnéise pearsanta agus airgeadais, chomh maith le sonraí faoi do stair fostaíochta, oiliúna agus oideachais. Iarrfar ort freisin na doiciméid tacaíochta atá ag teastáil a uaslódáil nó a chur isteach tríd an bpost.

Chun iarratas a dhéanamh ar líne, ní mór cuntas MyGovID a bheith agat.

Iarratas a dhéanamh ar fhoirm pháipéir

Is féidir foirm iarratais UP1 ar Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil i d’ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Má tá éileamh á dhéanamh agat an athuair (níos lú ná 6 mhí ó d’éileamh deiridh), ba cheart an fhoirm UP6 (pdf) a chomhlánú.

Féadfaidh tú cabhair a fháil chun d’fhoirm iarratais a chomhlánú i d’Ionad Intreo, i d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó i d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist:

Ba chóir iarratas a dhéanamh ar líne nó tríd an bpost nuair is féidir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Eanáir 2024