Síniú ar an mBeochlár

Cad é síniú ar an mBeochlár?

Má chailleann tú do phost, má dhéantar iomarcach thú, má dhéantar thú a leagan as nó má laghdaítear do chuid uaireanta oibre, d’fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist. Nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht chuardaitheora poist, tá tú ag dearbhú go bhfuil tú ar fáil don obair, inniúil chun obair a dhéanamh, ag lorg oibre ach nach féidir leat obair a aimsiú. Tugtar ag síniú air seo freisin.

An difríocht idir Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Caithfidh gur íoc tú dóthain ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC) le Sochar Cuardaitheora Poist Benefit (SCP) a fháil. Tá rátaí SCP bunaithe ar thuilleamh. Má dhéanann sé seo difear duit, b’fhéidir gur fearr duit Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh.

Le Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) a fháil, caithfidh tú pas a bhaint amach i dtástáil mhaoine. Is é is tástáil mhaoine ann ná tástáil ina ndéantar d’ioncam a ríomh chun a dheimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé faoi bhun leibhéal áirithe. Má tá sé faoi bhun leibhéal áirithe, beidh tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist.

Is do Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanfar measúnú ort ar dtús i gcónaí, ach amháin sa chás nach raibh tú fostaithe riamh. Nuair a dhéanann tú iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist, cuirtear ceist ort ar mhaith leat dul faoi mheasúnú do Liúntas Cuardaitheora Poist. Fágann sé sin nach mbeidh ort an dara hiarratas a dhéanamh ar mheasúnú do Liúntas Cuardaitheora Poist mura gcáilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist.

Má oibríonn tú ar feadh cuid den tseachtain, b’fhéidir go gcáileoidh tú le haghaidh íocaíocht chuardaitheora poist do na laethanta a bhíonn tú dífhostaithe.

Má fhágann tú obair go deonach nó mar thoradh ar mhí-iompar, ní féidir leat íocaíocht chuardaitheora poist a fháil ar feadh 9 seachtaine. Mar sin féin, má tá ‘cúis mhaith’ agat fágáil go deonach, mar shampla, tháinig athruithe ar dhálaí oibre cosúil le laghdú pá, ciapadh nó má bhain d’fhostóir mí-úsáid asat, d’fhéadfá d’íocaíocht a fháil. Déanfaidh an tOifigeach Breithiúnachta i d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil cinneadh an raibh cúis mhaith agat fágáil go deonach.

Má tá tú féinfhostaithe, d’fhéadfá íocaíocht chuardaitheora poist a fháil má dhún tú do ghnólacht nó má thagann laghdú suntasach ar an méid oibre atá á fháil agat. Is féidir eolas breise a fháil faoi dhaoine féinfhostaithe agus dífhostaíocht.

Intreo - an tseirbhís chomhtháite fostaíochta agus tacaíochta

Cuireann Intreo ionad ilfhreastail ar fáil do sheirbhísí fostaíochta agus tacaíochtaí ioncaim ag a bhfuil réimse tacaíochtaí pearsantaithe do chuardaitheoirí poist, an méid seo a leanas ina measc:

  • Eolas ar gach ceann de na tacaíochtaí ioncaim a thugann an Roinn Coimirce Sóisialaí, mar shampla, íocaíochtaí cuardaitheora poist, íocaíochtaí um fhilleadh ar an obair agus um fhilleadh ar an oideachas, íocaíochtaí teaghlaigh aontuismitheora agus pinsin
  • Cabhair agus comhairle ar fhostaíocht, oiliúint agus ar dheiseanna forbartha pearsanta
  • Tacaíocht phearsantaithe chun cabhrú leat dul isteach sa lucht saothair
  • Áiseanna féinseirbhíse, mar aon le heolas agus treoir maidir le deiseanna fostaíochta agus oiliúna
  • Eolas ar fholúntais phoist trí jobsireland.ie

Tá sonraí ar láithreacha Ionad Intreo foilsithe ar gov.ie.

Síniú den chéad uair

Tugtar síniú freisin ar iarratas a dhéanamh ar íocaíocht chuardaitheora poist.

Iarratais ar líne

Is féidir leat cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist ag MyWelfare.ie.

Nuair a logálann tú isteach, iarrfar ort roinnt eolas pearsanta agus airgeadais a sholáthar, anuas ar shonraí faoi do stair fostaíochta, oiliúna nó oideachais. Iarrfar ort chomh maith aon cháipéisí tacaíochta a theastaíonn a uaslódáil nó a sheoladh sa phost.

Caithfidh cuntas bunúsach MyGovID a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar líne.

Iarratais pháipéir

Is féidir leat cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist trí úsáid a bhaint as foirm iarratais UP 1.

Má tá athéileamh á dhéanamh agat (rinne tú d’éileamh deireanach laistigh den tréimhse 6 mhí anuas), ba cheart duit foirm UP 6 (pdf) a líonadh.

Is féidir eolas breise a fháil faoi fhoirm iarratais a iarraidh. Bíonn foirmeacha ar fáil, chomh maith, ó d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Beidh cáipéisí áirithe ag teastáil uait freisin nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht chuardaitheora poist. Mura bhfuil na cáipéisí seo ar láimh agat, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar aon chuma agus iad a sholáthar níos déanaí. Meabhraítear duit go bhféadfadh nach dtabharfaí do theidlíochtaí iomlána duit má bhíonn moill ar chur isteach ar íocaíocht chuardaitheora poist.

Is féidir leat cabhair a fháil le d’fhoirm iarratais a líonadh ag d’Ionad Intreo, d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó ag d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Tá ar gach cuardaitheoir poist clárú do Chárta Seirbhísí Poiblí murar eisíodh ceann dóibh cheana féin.

B’fhéidir go dtabharfar coinne duit do chruinniú breise le cásoifigeach an RCS, ag brath ar do phróifíl phearsanta. Pléifidh do chásoifigeach do roghanna leat ag an gcruinniú seo agus aontóidh sibh le do Phlean um Dhul chun Cinn Pearsanta le thú a ullmhú fostaíocht a aimsiú. Gheobhaidh tú comhairle agus tacaíocht leanúnach chun cabhrú leat na spriocanna i do Phlean um Dhul chun Cinn Pearsanta a bhaint.

Mura sásaíonn tú coinníollacha d’íocaíochta cuardaitheora poist, is féidir d’íocaíocht a laghdú agus stop iomlán a chur léi ar deireadh thiar.

Tabhair cuairt ar welfare.ie le Ceisteanna Coitianta faoi Intreo agus do Bhealach chun Oibre a léamh.

Íocaíocht a fháil

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí d’íocaíocht chuardaitheora poist gach seachtain.

Bailíonn cuardaitheoir poist a n-íocaíocht sheachtainiúil ag a nOifig Phoist áitiúil.

Is féidir d’íocaíocht cuardaitheora poist a íoc isteach i do chuntas bainc nó in institiúid airgeadais eile má tá tú ag obair go páirtaimseartha nó gearr-ama nó ar bhonn ócáideach freisin.

Má tá tú os cionn 62, féadfaidh tú d’íocaíocht a bhailiú ag d’Oifig Phoist áitiúil nó íoctha isteach i do chuntas bainc nó in institiúid airgeadais eile.

Is féidir leat d’íocaíocht chuardaitheora poist a bhailiú gach seachtain ón oifig poist is gaire duit. Ní mór duit aitheantas grianghrafadóireachta bailí (aitheantas grianghraif) nó do Chárta Seirbhísí Poiblí a thabhairt leat chun d’íocaíocht a bhailiú. Áirítear le haitheantas grianghraif bailí ceadúnas tiomána, pas nó cárta cead cónaithe.

Ag síniú gach mí

Caithfidh tú dearbhú a shíniú, gach mí, de ghnáth, lena dheimhniú go bhfuil tú fós dífhostaithe agus ag cuardach oibre nuair a fhaigheann tú d’íocaíocht chuardaitheora poist. Is féidir iarraidh ort síniú níos minice nó gan síniú chomh minic céanna.

Cuirfidh d’ionad Intreo ar an eolas thú ar cé chomh minic is gá duit síniú. Tabharfar áit, dáta agus am duit le síniú.

Mura síníonn tú ar an lá a socraíodh duit nó faoi dheireadh an lae dar gcionn, cuirtear d’íocaíocht ar fionraí. Mura síníonn tú, is féidir stop a chur le d’íocaíocht.

Sochair eile

Soláthraíonn Liúntas Leasa Forlíontach bunliúntas seachtainiúil do dhaoine incháilithe atá ar bheagán ioncaim nó nach bhfuil aon ioncam acu. Má tá d’ioncam seachtainiúil faoi bhun an ráta Liúntais Leasa Fhorlíontaigh i dtaobh mhéid do theaghlaigh, is féidir íocaíocht a dhéanamh chun d’ioncam a mhéadú aníos chuig an ráta cuí de Liúntas Leasa Forlíontach.

Má d’éiligh tú aon íocaíocht leasa shóisialaigh, ach murar íocadh go fóill é agus mura bhfuil aon ioncam eile agat, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Leasa Forlíontach fad a bhíonn tú ag feitheamh le d’íocaíocht.

Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Leasa Forlíontach, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal leas sóisialach agus sochair sláinte eile a fháil.

Má tá d’ioncam faoi bhun méid áirithe, is féidir leat cárta leighis nó cárta cuairte DG a fháil.

Is féidir leat cabhair le do chíos a íoc a fháil. Má tá tú i dtithíocht údaráis áitiúil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil agus iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar do chíos.

Is féidir leat cabhair a fháil le híoc as an gcostas atá ar éidí agus ar choisbheart do do leanaí. Oibrítear Scéim an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.

Má tá riachtanas eisceachtúil nó práinneach agat, mar shampla, cabhair le bille sochraide, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar réimse íocaíochtaí lánroghnacha ó ionadaí an RCS (tugadh an tOifigeach Leasa Pobail orthu roimhe seo). Tabhair cuairt ar welfare.ie chun teacht ar shonraí teagmhála.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Déanann tú iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist le d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Márta 2023