Bónas na Nollag

Cad é Bónas na Nollag?

Is íocaíocht bhreise é Bónas na Nollag do dhaoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh fadtéarmach, lena n-áirítear Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí nó níos mó.

I 2023, beidh Bónas na Nollag 100% de do ghnáthíocaíocht seachtainiúil (is é an íocaíocht íosta €20).

Íocfar an bónas le d’íocaíocht leasa shóisialaigh an tseachtain dar tosach 4 Nollaig 2023.

Má tá Liúntas Cúraim Baile á fháil agat, íocfar an bónas le d’íocaíocht mhíosúil i mí na Nollag 2023.

An féidir liom Bónas na Nollag afháil?

Gheobhaidh tú Bónas na Nollag, má tá tú ag fáil:

  • Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas - caithfidh go bhfuil an Liúntas á fháil ag daoine atá á n-aistriú ó íocaíochtaí cuardaitheora poist ar feadh ar a laghad 12 mhí (312 lá), ach b’fhéidir go mbeidh tú in ann an méid ama a chaith tú le d’íocaíocht chuardaitheora poist a fháil a úsáid chun cabhrú leat cáiliú.
  • Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair - caithfidh go bhfuil an Liúntas á fháil ag daoine atá á n-aistriú ó íocaíochtaí cuardaitheora poist ar feadh ar a laghad 12 mhí (312 lá), ach b’fhéidir go mbeidh tú in ann an méid ama a chaith tú le d’íocaíocht chuardaitheora poist a fháil a úsáid chun cabhrú leat cáiliú.
  • Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair
  • Íocaíocht sochair do dhaoine 65 bliain d’aois
  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Cúramóra agus Sochar Cúramóra (Liúntas Cúramóra ar leathráta san áireamh)
  • Fostaíocht Pobail
  • Liúntas agus Sochar Banchéile Thréigthe
  • Liúntas Costas Laethúil ar feadh 12 mhí, tugadh Liúntas Soláthair Dhírigh air roimhe seo
  • Liúntas Míchumais
  • Sochar Míchumais
  • Liúntas Cúram Baile
  • Cúnamh Feirme
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach agus (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí
  • Pinsean Easláine
  • Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh 12 mhí (312 lá)
  • Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist
  • Íocaíocht Neachtlann Magdalene
  • Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
  • Sochar Cumais Pháirtigh
  • Scéim Shóisialta Tuaithe
  • Pinsean Stáit (Ranníocach) agus (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Leasa Forlíontach Fadtéarmach ar feadh 12 mhí
  • Tús
  • Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) nó (Neamh-Ranníocach)

Cé mhéad atá Bónas na Nollag?

In 2023, is ionann a bheidh Bónas na Nollag agus 100% de do ghnáthíocaíocht sheachtainiúil (Méadú do Mhaireachtáil Aonair, Liúntas Oileáin agus an Méadú do Dhaoine os cionn 80 bliain d’aois ina measc). Ní áirítear le Bónas na Nollag Liúntas Breosla. Is í íocaíocht íosta Bhónas na Nollag €20.

Má íoctar Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe go díreach le do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir cleithiúnach, íocfar Bónas na Nollag go díreach leo chomh maith.

Má tá dhá íocaíocht incháilithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat (mar shampla, Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora agus an Liúntas Cúram Baile nó Liúntas Cúramóra Leathráta anuas ar do phríomhíocaíocht, gheobhaidh tú Bónas na Nollag maidir leis an dá íocaíocht.

Maidir le Liúntas Cúraim Baile (DCA), a íoctar go míosúil, is é an bónas 100% den ráta seachtainiúil DCA. Ríomhtar an chuid DCA den bhónas go neamhspleách ar íocaíochtaí eile.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Samhain 2023