Caipiteal agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Eolas

Má tá iarratas á chur isteach agat ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh caithfidh tú tástáil mhaoine a chomhlíonadh. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar gach foinse ioncaim de do chuid (mar shampla ioncam airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil) Faoi reachtaíocht um Leas Sóisialach áfach, ní chuirtear roinnt míreanna san áireamh agus do chuid acmhainní á measúnú.

Is é cuspóir an doiciméid seo míniú a thabhairt ar an dóigh a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar do chuid acmhainní ó chaipiteal i gcomhair íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá tuilleadh eolais maidir le foinsí ioncaim eile agus ioncam nach chuirtear san áireamh ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an tástáil mhaoine.

Rialacha

Chun do chuid acmhainní a ríomh ó chaipiteal, sa chéad dul síos ní foláir duit do luach chaipitiúil iomlán a ríomh. Ciallaíonn sé seo go caithfidh tú gach foinse caipitil de do chuid a shuimiú (mar shampla, maoin, coigilteas agus infheistíochtaí). Ansin cuir an fhoirmle ábhartha thíos i bhfeidhm.

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú maidir le gach íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Liúntas Míchumais,Liúntas Cúramóra agus Liúntas Leasa Forlíontach) ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú maidir le Liúntas Míchumais agus Liúntas Cúramóra ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €50,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid (aon chaipiteal os cionn €70,000) €4 in aghaidh gach €1,000

Is í an fhoirmle chun acmhainní ó chaipiteal maidir le Liúntas Leasa Forlíontach a mheasúnú ná mar a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €5,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Conas a láimhseáiltear réadmhaoin

Do theach féin

Ní chuirtear san áireamh an teach ina gcónaíonn tú sa mheasúnú ar do mhaoin ó chaipiteal mura bhfuil ioncam á fháil agat uaidh. Má tá ioncam á fháil agat ó do theach (mar shampla, tá seomra ar cíos agat sa teach), déantar measúnú ar an ioncam sin.

Mar sin féin, ní chuirtear ioncam áirithe ó sheomra ar cíos i do theach san áireamh sa tástáil acmhainne. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a ndéantar ioncam ó chíos a mheas sa tástáil acmhainne.

Do theach a dhíol

Má dhíolann tú do theach, is gnách go gcuirtear fáltais an díola san áireamh mar mhaoin.

Mar sin féin, má tá cónaí ort i gcóiríocht nach n-oireann duit a thuilleadh nó nach bhfuil tú in ann a choimeád a thuilleadh, d’fhéadfá do theach a dhíol agus bogadh chuig cóiríocht níos oiriúnaí agus a mhéid agus €190,500 d’fháltais an díola bheith díolmhaithe ón tástáil mhaoine.

Ní bhaineann an díolúine seo ach amháin má tá ceann de na híocaíochtaí a leanas á fáil agat:

  • Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean na nDall

Ní bhaineann an díolúine seo ach amháin má tá ceann de na híocaíochtaí thuas á fáil agat agus má dhíolann tú do theach d’fhonn an méid a leanas a dhéanamh:

  • Cóiríocht eile níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
  • Bogadh isteach chuig teach príobháideach altranais atá cláraithe faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais), 1990
  • Bogadh isteach le duine a bhfuil íocaíocht chúramóra á fáil acu duit
  • Bogadh chuig tithíocht dhídeanach nó speisialta sna hearnálacha deonacha, comhoibritheacha, reachtúla nó príobháideacha

Is gnách nach gcuirtear an chéad €190,500 d’fháltais an díola san áireamh. Má úsáideann tú fáltais an díola, áfach, chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach, tá iarmhéid na bhfáltas i ndiaidh an chóiríocht nua a cheannach díolmhaithe a fhad le teorainn €190,500.

Ioncam infheistíochta ó dhíol do thí

Tá aon rud a rachadh chun do shochair ó fháltais an díola a infheistiú inmheasúnaithe mar mhaoin. Tá aon ús a íocadh agus a coimeádadh inmheasúnaithe mar chaipiteal.

Luaitear i dTreoirlínte Oibriúcháin maidir le Tástáil Mhaoine gur cheart go ndéanfaí lamháltas má tá costais shuntasacha chothabhála le híoc ag duine, ar nós costais teach altranais, as a n-íoctar ag íocaíochtaí úis. Sa chás sin, féadfar neamhaird a thabhairt ar an ús ar an gcaipiteal díolmhaithe (a fhad le €190,500) mar mhaoin.

Ag fágáil do thí agus gan é a dhíol

Má fhágann tú do theach, de bharr seanaoise nó éagumais, ar bhonn sealadach nó ar feadh tréimhse neamhchinnte, ní dhéanfar luach do thí a mheasúnú mar mhaoin. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do theach (mar shampla, má ligtear ar cíos é), measúnófar luach caipitil an tí mar mhaoin.

Athbhailte

Ní chuirtear san áireamh an teach ina gcónaíonn tú sa mheasúnú ar do mhaoin ó chaipiteal (féach thuas). Má tá teach agat a ligtear ar cíos, déanfar measúnú ort ar luach caipitil na réadmhaoine. Ní dhéanfar measúnú ort ar an ioncam ón leasú. Asbhaintear aon mhorgáiste atá gan íoc ón luach margaidh leis an luach caipitil a ríomh.

Má tá athstruchtúrú déanta ar an morgáiste ar an teach ina gcónaíonn tú chun caipiteal a chruthú chun an dara maoin a cheannach, ní asbhainfear an morgáiste athstruchtúrtha seo ón measúnú caipitil don dara réadmhaoin.

Cásanna ina ndéantar ioncam ó chíos a mheasúnú

Má tá leas saoil agat i réadmhaoin, déantar measúnú ar an ioncam ó chíos seachas ar an luach caipitil.

Má tá méadú i leith duine fásta cáilithe á éileamh agat le d’íocaíocht árachais shóisialta agus má tá réadmhaoin ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháitrithitheoir (as a stuaim féin nó faoi chomhúinéireacht leatsa) déanfar measúnú ar ioncam ó chíos le Méadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe a íoc le d’íocaíocht árachais shóisialta. Déanfar measúnú ar an luach caipitil ar an ngnáthbhealach, áfach, mura bhfuil an réadmhaoin ligthe ar cíos – féach ‘Luach Caipitil' thuas.

Déantar ioncam ó chíos a mheasúnú mar airgead tirim sa tástáil mhaoine.

I gcás gach athbhaile, ní mór gur féidir an réadmhaoin a dhíol, a ligean ar cíos nó a chur chun úsáide brabúsaí sula gcuirfear measúnú ar luach caipitil i bhfeidhm.

Is féidir teacht ar níos mó faisnéise faoi mheasúnú ar chaipiteal mar mhaoin ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Measúnú ar chaipiteal le haghaidhlánúineacha

Má tá comhchuntas agat le do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir, is faoi úinéireacht na beirte agaibh an méid iomlán atá sa chuntas, de réir an dlí. Ar an ábhar sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid iomlán i leith na beirte agaibh.

Ar a shon sin, má tá íocaíochtaí cúnaimh shóisialta ar a ndéantar tástáil mhaoine á bhfáil agat agus ag do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir, déanfar measúnú air ar bhonn roinnte nó i leith duine amháin agaibh.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi mheasúnú a dhéanamh ar mhaoin lánúine le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialta.

Tuilleadh eolais

Agus leas á bhaint as an tábla thíos, deimhnigh do luach iomlán caipitil agus do mhaoin sheachtainiúil amhail a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú orthu (seachas Liúntas Míchumais,Liúntas Cúramóra agus Liúntas Leasa Forlíontach):

 

Caipiteal a mheasúnú mar acmhainn

Luach caipitiúil iomlán, ó:

Luach caipitiúil iomlán, suas go dtí:

Méid a measúnaíodh mar acmhainn:

€0.00

€20,999.99

€0.00

€21,000.00

€21,999.99

€1.00

€22,000.00

€22,999.99

€2.00

€23,000.00

€23,999.99

€3.00

€24,000.00

€24,999.99

€4.00

€25,000.00

€25,999.99

€5.00

€26,000.00

€26,999.99

€6.00

€27,000.00

€27,999.99

€7.00

€28,000.00

€28,999.99

€8.00

€29,000.00

€29,999.99

€9.00

€30,000.00

€30,999.99

€10.00

€31,000.00

€31,999.99

€12.00

€32,000.00

€32,999.99

€14.00

€33,000.00

€33,999.99

€16.00

€34,000.00

€34,999.99

€18.00

€35,000.00

€35,999.99

€20.00

€36,000.00

€36,999.99

€22.00

€37,000.00

€37,999.99

€24.00

€38,000.00

€38,999.99

€26.00

€39,000.00

€39,999.99

€28.00

€40,000.00

€40,999.99

€30.00

€41,000.00

€41,999.99

€34.00

€42,000.00

€42,999.99

€38.00

€43,000.00

€43,999.99

€42.00

€44,000.00

€44,999.99

€46.00

€45,000.00

€45,999.99

€50.00

€46,000.00

€46,999.99

€54.00

€47,000.00

€47,999.99

€58.00

€48,000.00

€48,999.99

€62.00

€49,000.00

€49,999.99

€66.00

€50,000.00

€50,999.99

€70.00

€51,000.00

€51,999.99

€74.00

€52,000.00

€52,999.99

€78.00

€53,000.00

€53,999.99

€82.00

€54,000.00

€54,999.99

€86.00

€55,000.00

€55,999.99

€90.00

€56,000.00

€56,999.99

€94.00

€57,000.00

€57,999.99

€98.00

€58,000.00

€58,999.99

€102.00

€59,000.00

€59,999.99

€106.00

€60,000.00

€60,999.99

€110.00

€61,000.00

€61,999.99

€114.00

€62,000.00

€62,999.99

€118.00

€63,000.00

€63,999.99

€122.00

€64,000.00

€64,999.99

€126.00

€65,000.00

€65,999.99

€130.00

€66,000.00

€66,999.99

€134.00

€67,000.00

€67,999.99

€138.00

€68,000.00

€68,999.99

€142.00

€69,000.00

€69,999.99

€146.00

€70,000.00

€70,999.99

€150.00

€71,000.00

€71,999.99

€154.00

€72,000.00

€72,999.99

€158.00

€73,000.00

€73,999.99

€162.00

€74,000.00

€74,999.99

€166.00

€75,000.00

€75,999.99

€170.00

€76,000.00

€76,999.99

€174.00

€77,000.00

€77,999.99

€178.00

€78,000.00

€78,999.99

€182.00

€79,000.00

€79,999.99

€186.00

€80,000.00

€80,999.99

€190.00

€81,000.00

€81,999.99

€194.00

€82,000.00

€82,999.99

€198.00

€83,000.00

€83,999.99

€202.00

€84,000.00

€84,999.99

€206.00

€85,000.00

€85,999.99

€210.00

€86,000.00

€86,999.99

€214.00

€87,000.00

€87,999.99

€218.00

€88,000.00

€88,999.99

€222.00

€89,000.00

€89,999.99

€226.00

€90,000.00

€90,999.99

€230.00

€91,000.00

€91,999.99

€234.00

€92,000.00

€92,999.99

€238.00

€93,000.00

€93,999.99

€242.00

€94,000.00

€94,999.99

€246.00

€95,000.00

€95,999.99

€250.00

€96,000.00

€96,999.99

€254.00

€97,000.00

€97,999.99

€258.00

€98,000.00

€98,999.99

€262.00

€99,000.00

€99,999.99

€266.00

€100,000.00

€100,999.99

€270.00

€101,000.00

€101,999.99

€274.00

€102,000.00

€102,999.99

€278.00

€103,000.00

€103,999.99

€282.00

€104,000.00

€104,999.99

€286.00

€105,000.00

€105,999.99

€290.00

€106,000.00

€106,999.99

€294.00

€107,000.00

€107,999.99

€298.00

€108,000.00

€108,999.99

€302.00

€109,000.00

€109,999.99

€306.00

€110,000.00

€110,999.99

€310.00

€111,000.00

€111,999.99

€314.00

€112,000.00

€112,999.99

€318.00

€113,000.00

€113,999.99

€322.00

€114,000.00

€114,999.99

€326.00

€115,000.00

€115,999.99

€330.00

€116,000.00

€116,999.99

€334.00

€117,000.00

€117,999.99

€338.00

€118,000.00

€118,999.99

€342.00

€119,000.00

€119,999.99

€346.00

€120,000.00

€120,999.99

€350.00

€121,000.00

€121,999.99

€354.00

€122,000.00

€122,999.99

€358.00

€123,000.00

€123,999.99

€362.00

€124,000.00

€124,999.99

€366.00

€125,000.00

€125,999.99

€370.00

€126,000.00

€126,999.99

€374.00

€127,000.00

€127,999.99

€378.00

€128,000.00

€128,999.99

€382.00

€129,000.00

€129,999.99

€386.00

€130,000.00

€130,999.99

€390.00

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023