Tá an córas leasa shóisialaigh in Éirinn roinnte ina trí phríomhchinéal íocaíochtaí. Seo a leanas iad:
Le gach íocaíocht leasa shóisialaigh in Éirinn, ní mó duit na rialacha do gach ceann de na scéimeanna a shásamh le bheith ina dteideal. Ní mór go mbeidh gnáthchónaí ort in Éirinn chun a bheith i dteideal na n-íocaíochtaí seo a leanas:
Tá Treoirlínte Oibríocha maidir leis an gcoinníoll cónaithe rialta chuimsitheach foilsithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Níl an téarma “cónaí rialta” sainithe i ndlí na hÉireann. I gcleachtas, is éard is brí leis ná go bhfuil garnasc profa agat le hÉirinn. Léiríonn an téarma marthanaí freisin – go bhfuil duine anseo ar feadh tréimhse fada agus go bhfuil sé i gceist acu fanacht anseo ar feadh tréimhse amach anseo. Le cruthú go bhfuil cónaí rialta anseo, teastaíonn fianaise uait. Má tá cónaí ort in Éirinn do do shaol uile, an-seans nach mbeidh mórán deacrachta agat a léiriú go sásaíonn na fachtóir a thugann cónaí rialta le fios - féach ar an liosta thíos.
Cé a dhéanann an cinneadh más cónaitheoir rialta é/í an t-iarratasóir nó nach bhfuil?
Cinneann Oifigí Cinnte atá ceaptha go reachtúil (nó Oifigí Cinnte sa chás go bhfuil Liúntas Leasa Shóisialaigh Bhreise i gceist) má chomhlíonann tú an díth le bheith i do chónaitheoir rialta sa Stát.
Braithfidh an tOifigeach ar fhianaise a sholáthraíonn tú agus beidh sé/sí treoraithe ag dlí agus treoirlínte náisiúnta agus AE agus an cinneadh á dhéanamh acu. Nuair a dhéanann Oifigeach cinneadh má tá duine ina c(h)ónaitheoir rialta nó nach bhfuil ní mór dóibh sraith céimeanna a leanúint:
1. Seiceáil más duine nach bhfuil ceaptha mar chónaitheoir rialta sa Stát thú
Mar shampla, ní mheastar go bhfuil iarratasóirí ar thearmann ina gcónaitheoirí rialta. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach maidir le cé nach gcaitear leo mar chónaitheoirí rialta in Aguisín 3 de na Treoirlínte Oibríocha.
2. Seiceáil má tá tú díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta
Tá daoine áirithe, go háirithe daoine atá ina saoránaigh EEA agus a chaitear leo mar oibrí imirceach, díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta (féach freisin Díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta do shaoránaigh EEA thíos). Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le cé atá díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta i Roinn 3 de na Treoirlínte Oibríocha.
3. Seiceáil ar rinneadh cinneadh cónaithe rialta cheana nó an bhfuil na cás faoi achomharc
Ba cheart go leanfaidh cinneadh a rinneadh cheana ar chónaí rialta ar aghaidh go héilimh iartheachtacha ach amháin más rud é go raibh athrú ollmhór i gcúinsí an iarratasóra ón uair a rinneadh iarratas nua.
4. Breithnigh má tá an ceart ag duine cur fúthu sa Stát
Mura bhfuil ceart dlí agat cónaí a bheith agat sa Stát seo, ní chaithfear leat mar dhuine a bhfuil cónaí rialta acu. Tá an ceart ag na grúpaí daoine seo a leanas maireachtáil in Éirinn:
5. Scrúdaigh na 5 fhachtóir chun cónaí rialta a chinneadh
Nuair atá do cheart cónaithe bunaithe, scrúdaítear na 5 fhachtóir seo a leanas (atá tar éis a bheith leagtha síos i ndlí na hÉireann agus na hEorpa) d’fhonn a fháil amach má tá cónaí rialta ort in Éirinn nó mura bhfuil:
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin 5 fhachtóir sna Treoirlínte Oibríocha ar shuíomh gréasáin an Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá forlíonadh do na Treoirlínte, le cásanna a léiríonn an chaoi ina gcuirtear an coinníoll cónaithe rialta i bhfeidhm i gcleachtas, foilsithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Faoi dhlí an AE, i gcásanna áirithe, ní gá do shaoránaigh an EEA nó na hEilvéise an coinníoll cónaithe rialta a shásamh. Baineann na cúinsí seo leis na rudaí seo a leanas:
Glactar leis go Sochair Theaghlaigh faoi Rialacháin an AE (pdf) iad na híocaíochtaí leasa shóisialaigh Éireannacha seo a leanas:
Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad iníoctha do dhuine a cháilíonn do stádas oibrí imircigh an AE do chleithiúnaí atá ina gcónaí in Éirinn nó i stát EEA eile. Ach, tá saoránaigh an EEA agus na hEilvéise a bhogann go hÉirinn ag cuardach fostaíochta faoi réir an choinníll chónaithe rialta sa ghnáthchaoi agus iad ag cuardach oibre.
Más saoránaigh an EEA thú agus más féidir caitheamh leat mar oibrí imircigh AE, seans go bhfuil tú i dteideal Liúntais Leasa Shóisialaigh Bhreise (SWA). Chun a bheith caite le mar oibrí imircigh AE ní mór go raibh tú i bhfíor obair (ní obair fhánach) ón uair a dtáinig tú go hÉirinn. Ciallaíonn sé seo go d’fheadfadh daoine a bhí fostaithe ón uair a dtáinig siad go hÉirinn a bheith i dteideal SWA fiú mura gcomhlíonann siad an coinníoll cónaithe rialta do Liúntas Cuardaitheora Poist.
Coisceann rialacha an AE idirdhealú ar bhonn náisiúntachta maidir le tacaíocht shóisialta, mar sin níl an fhéidearthacht ann catagóir áitithe de shaoránaigh na hÉireann (imircí ag filleadh ar Éire, mar shampla) a rangú mar dhíolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta (go ginearálta nó do Liúntas Cúramóra) gan caitheamh le gach saoránach de chuid an AE mar a chéile. Ach, pléann na treoirlínte maidir le cinneadh a dhéanamh ar chónaí rialta an cheist i leith imircí ag filleadh go han-chuimsitheach. Tá an mhéid seo a leanas ráite sna treoirlínte: “D’fhéadfadh sé go gcaithfear le duine a raibh cónaí rialta aige/aici sa Stát cheana agus a bhog chun dul ag obair i dtír eile agus ansin a thógann suas a c(h)ónaí fadtéarmach sa Stát arís mar dhuine lena bhfuil cónaí rialta aige/aici díreach tar éis dó/di filleadh ar an Stát."
Agus cinneadh á dhéanamh ar an bpríomhshuim atá ag imircí ag filleadh, tógann Oifigigh Cinnte na rudaí seo a leanas san áireamh:
Is ainneoin an tír as a bhfuil tú ag filleadh ó d’fhéadfadh sé go mbeidh ort fianaise cáipéisíochta a sholáthar a léiríonn céard é do 'spéis' anois in Éirinn. Ba cheart go léireodh an fhianaise seo gur bhog tú go hÉirinn, go bhfuil sé i gceist agat fanacht in Éirinn go buan agus nach bhfuil sé i gceist agat filleadh chun cónaithe sa tír as a dtáinig tú.
Nuair atá an fhéidearthacht ann, ba cheart duit an fhianaise cáipéisíochta seo a leanas a sholáthar:
Déanfaidh an tOifigeach cuí an fhianaise a chuirtear os a c(h)omhair a fhordheimhniú, chomh fada agus is féidir. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go gcuirfear ceist ort fianaise cáipéisíochta breise a chur isteach. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh Cigire Leasa Shóisialaigh imscrúdú a dhéanamh ar d’iarratas.
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh Oifigeach Cinntí nó tá sé de cheart agat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú agus/nó ceart achomhairc. Má dhéantar athbhreithniú ar do chás, is féidir leat fianaise bhreise a chur isteach agus iarradh ar athbhreithniú ar an gcinneadh. Is féidir leat achomharc a thógáil i gcoinne an chinnidh chuig an Oifig Athbhreithnithe Leasa Shóisialaigh neamhspleách. Más Liúntas Leasa Shóisialaigh Bhreise atá i gceist, is féidir leat iarradh ar Oifigeach Achomhairc Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar athbhreithniú agus, más ann dó, go dtí Oifig Athbhreithnithe Leasa Shóisialaigh ina dhiaidh sin. Agus cinneadh á dhéanamh aige/aici, tá an tOifigeach Achomhairc faoi réir na reachtaíochta céanna is atá an tOifigeach Cinnte.