Tá dliteanas ar fhostaithe páirtaimseartha os cionn 16 bliana d'aois a shaothraíonn os cionn €38 i gach seachtain ÁSPC ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a dhéanamh. Cinneann nádúr na fostaíochta agus an méid comhlán a thuilleann an fostaí an méid árachais shóisialaigh atá le híoc, mar sin, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa a thugtar air.
Mar fhostaí páirtaimseartha, tá seans ann nach bhfuil an t-uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC á déanamh agat gach bliain. Tosaíonn an bhliain chánach ar 1 Eanáir gach bliain agus mar sin tosaíonn an tseachtain ranníocaíochta (ÁSPC) ar an lá céanna, 1 Eanáir. Mar sin, féadann an tseachtain oibre ÁSPC a bheith éagsúil ón seachtain ranníocaíochta. Má tá tú i bhfostaíocht pháirtaimseartha, tá sé tábhachtach go dtabharfá suntas de seo mar d'fhéadfadh sé tionchar a imirt ar do theidlíochtaí leasa shóisialaigh laistigh den chóras árachais shóisialaigh.
Ar an Domnach a thiteann 1 Eanáir 2012, mar sin ritheann gach seachtain ranníocaíochta don bhliain sin ón Domnach go dtí an Satharn.
Ar an Satharn a thiteann 1 Eanáir 2011, mar sin ritheann gach seachtain ranníocaíochta don bhliain sin ón Aoine go dtí an Déardaoin.
Ar an Aoine a thiteann 1 Eanáir 2010, mar sin ritheann gach seachtain ranníocaíochta don bhliain sin ón Aoine go dtí an Déardaoin.
Ar an Luan a thit 1 Eanáir 2007, mar sin ritheann gach seachtain ranníocaíochta don bhliain sin ón Luan go dtí an Domhnach. Nuair a thiteann an 1 Eanáir ar an Luan, ní mór a bheith ar an airdeall má tá tú fostaithe go páirtaimseartha agus má tá seachtain iomlán saor agat mar chuid den phátrún oibre. Toisc nach mbeidh tú ag obair ar feadh seachtaine ní bheidh an deis agat ranníocaíocht ÁSPC a dhéanamh don seachtain sin. Má tá pátrún oibre ag duine ina bhfuil seachtain oibre agus ansin seachtain saor aige/aici, ní dhéanfaidh sé/sí ach 26 ranníocaíocht don bhliain 2007. Má oibríonn duine ar feadh trí seachtaine agus má tá seachtain amháin saor aige/aici déanfaidh sé/sí 39 ranníocaíocht don bhliain 2007.
Ar an Domnach a thiteann 1 Eanáir 2011. Má oibríonn tú cuid de gach seachtain idir an Satharn agus an Aoine mar chuid den socrú oibre páirtaimseartha, déanfaidh tú na 52 ranníocaíocht ÁSPC iomlána do 2012.
Má oibríonn tú ó Luan go hAoine le seachtain ar a laghad saor agat mar chuid den phátrún oibre tá sé bainteach nuair titeann 1 Eanáir ar an Satharn. Caillfidh tú ranníocaíocht ÁSPC íoctha sa tseachtain nach bhfuil tú ag obair. Sa chás seo ní íocfaidh tú ach 26 ranníocaíocht i 2012.
Má tá seachtain ar a laghad saor agat mar chuid den phátrún oibre comhroinnt poist, d'fhéadfá labhairt leis an bhfostóir mar gheall ar an bpátrún seo a athrú agus pátrún seachtain scoilte a chur i bhfeidhm duit. Sa bhealach seo, chaithfeá lá amháin ar a laghad ag obair i rith gach seachtain ranníocaíochta, rud a thabharfadh an deis duit na 52 ranníocaíocht ÁSPC iomlána a dhéanamh. Is gá, áfach, do phá don lá sin bheith ar a laghad €38.
2012
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2012 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 39 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 26 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
2011
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2011 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 52 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 52 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
2010
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2010 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 52 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 52 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
2009
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2009 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 52 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 52 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2008 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 52 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 52 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
2007
| Pátrún oibre | Uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC iomlána do 2007 |
| Lánaimseartha | 52 |
| 4 lá in aghaidh na seachtaine | 52 |
| 3 seachtain oibre ann/seachtain amháin as (Luan-Aoine) | 39 |
| Lá Oibre 9r.n .- 3i.n.(Luan-Aoine) | 52 |
| 3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) | 52 |
| 2 lá (na laethanta céanna gach seachtain | 52 |
| lá amháin (an lá céanna gach seachtain) | 52 |
| Maidineacha amháin | 52 |
| Iarnónta amháin | 52 |
| Ag obair seachtain ann/as (Luan-Aoine) | 26 |
| Ag obair seachtain scoilte go seasta | 52 |
Nuair atáthar ag ríomh an ráta ÁSPC go gcaithfidh tú agus d'fhostóir a íoc déantar do thuillimh iomlán a roinnt faoi líon na seachtainí ranníocaíochta nuair a bhí tú ag obair. Faigh tuilleadh eolais anseo mar gheall ar do dhliteanas le hÁSPC a íoc.
Má thuilleann tú idir €38 agus €352 ní gá duit ÁSPC a íoc. Ach sa chás seo, is é an fostóir a íocann an tÁSPC. Faigh tuilleadh eolais anseo faoin dualgas atá ar an bhfostóir árachas sóisialach a íoc.