Féadfaidh an Clár ar Ais Chun Oideachais tacaíocht a thabhairt duit páirt a ghlacadh i gcúrsaí um fhorbairt phearsanta agus oideachasúil chun chuidiú leat fostaíocht a fháil.
Féadfaidh Clár Ar Ais Chun Oideachais cabhrú le daoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh le rochtain ar oideachas dara agus tríú leibhéal.
Má tá tú dífhostaithe, ceadaíonn Rogha Oideachais Páirtaimseartha duit do Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta nó Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a choinneáil agus freastal ar chúrsa páirtaimseartha lae/tráthnóna sa dóigh go mbeidh seans níos fearr agat le post a fháil.
Ma tá tú ag fáil Liúntais nó Sochair do Lucht Cuardaigh Fostaíochta is féidir leat freastal ar chúrsa nach bhfuil clúdaithe ag gnáth Liúntas Ar Ais Chun Oideachais, ar nós cúrsa forbartha pearsanta, cúrsa oideachais bunúsaigh (mar shampla, ranganna litearthachta), cúrsa oiliúna ginearálta agus jabscileanna éagsúla. Léigh tuilleadh faoi na critéir cáilithe le haghaidh Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.