Liúntas Cúramóra

Eolas

Is é atá i Liúntas Cúramóra ná íocaíocht do dhaoine a thugann cúram do dhaoine áirithe ona bhfuil a leithéid ag teastáil mar gheall aois, míchumais fisceach nó ceadfach nó tinnis, lena n-áirítear intinne.

Ní íoctar Liúntas Cúramóra le gach duine. Séard atá i gceist le Liúntas Cúramóra ná íocaíocht do chúramóirí atá ar ioncam íseal agus ina gcónaí le agus ag tabhairt aire do dhaoine atá ag brath ar chúram lán aimseartha. Tá rialacha áirithe maidir le teidlíocht ar Liúntas Cúramóra agus tá na rialacha seo leagtha amach - féach 'Rialacha' thíos.

Beidh tú i dteideal sochar teaglaigh saor in aisce seo a leanas (mar shampla; Leictreachas/Gás nadúrtha/Liúntas áthlíonadh buidéil gáis/ceadúnas teilifíse/Liúntas Cíos Theileafón) agus Pas Taistil.

Ní áireofar an Liúntas Cúramóra a mheasúnaítear in aghaidh an chárta leighis.

Má shíleann tú gur diúltaíodh Liúntas Cúramóra duit go héagórach, nó go bhfuil tú míshásta faoi chinneadh de chuid Oifigeach Breithiúnachta an Leasa Shóisialaigh i leith do theidlíochtaí, tá an rogha agat achomharc a thabhairt in aghaidh an chinnidh sin.

Ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin

B'fhéidir go mbeadh cúramóirí ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin i dteideal 50% sa bhreis don uasmhéid Liúntas Cúramóra sa tseachtain ag brath ar an fiosrú maoine seachtainiúil measta.

Cúraim a roinnt

Is féidir le beirt chúramóirí atá ag cur cúraim ar fáil ar bhunús páirtaimseartha i bpatrún cruthaithe an íocaíocht Liúntais Chúramóra singil agus an Deontas Cúraim Faoisimh bliantúil a roinnt. Ní mór don bheirt chúramóirí a bheith ag cur cúraim ar fáil ó Luan go Domhnach ach is féidir leo é sin a dhéanamh gach dara seachtain. Ní mór do chúramóir atá ag cur cúraim ar fáil ar bhunús páirtaimseartha an cúram sin a chur ar fáil ar feadh seachtaine iomláin (Luan go Domhnach) de réir na reachtaíochta. Gheobhaidh an bheirt chúramóirí an Pacáiste Sochar Teaghlaigh.

Is féidir foráil a dhéanamh do chúramóir atá ag cur cúraim ar fáil do dhuine a fhreastalaíonn ar institiúid chónaitheach, mar shampla, gach dara seachtain, ar an scéim Liúntais Chúramóra freisin.

Ní mór duit na gnáthchritéir cháilithe don Liúntas Cúramóra a chomhlíonadh.

Deontas Cúram Faoisimh

Ioctar an Deontas Cúram Faoisimh go huathoibitheach i mí Meitheamh gach bliain do chúramóirí atá ag fáil Liúntas Cúramóra. Leigh tuilleadh faoin Deontas Cúram Faoisimh anseo.

Rialacha

Le bheith i dteideal Liúntas Cúramóra:

  • Caithfidh tú a bheith i do chónaí nó a bheith in ann cúram agus aire lán aimseartha a thabhairt don duine atá ag brath ort agus nach bhfuil cónaí orthu in institiúid. Áfach, má fhaigheann tú nó an duine a thugann tú aire dó/dí cóireáil leighis in ospidéil ar feadh 13 seachtain nó níos lú, glactar leat bheith ag tabhairt cúram agus aire lán aimseartha.
  • Caithfidh tú a bheith i do chónaí sa Stáit
  • Ní féidir leat a bheith i do chónaí in ospidéal, teach téarnaimh nó aon institiúd eile mar iad
  • Caithfidh tú a bheith 18 bliana d'aois ar a laghad
  • Ní féidir leat a bheith fostaithe nó féinfhostaithe taobh amuigh den bhaile ar feadh níos mó ná 15 nuaire i rith na seachtaine. Caithfidh tú socraithe a dhéanamh go mbeidh cúram agus aire sách oiriúnach lán aimseartha ar fáil don té atá ag bráth ort má bhíonn tú as láthair.

Caithfidh an té atá faoi chúram a bheith:

  • Os cionn 16 bliana d'aois agus a bheith ag brath chomh mór ort go bhfuil cúram agus aire lán aimseartha ag teastáil uatha
  • Faoi bhun 16 bliana d'aois agus ag fáil Liúntais Cúram Baile

Meastar go bhfuil cúram agus aire lán aimseartha ag teastáil ó dhuine nuair atá:

  • Sé/sí ag brath ort chomh mór is go bhfuil aireachas leanúnach ag teastáil uatha le cinntiú nach mbeidh sé/sí ina dháinséar dó/di féin nó go bhfuil aireachas agus cúram leanúnach ag teastáil uatha de bharr go bhfuil bac ar baill a gcoirp feidhmiú.
  • Sé/sí ag brath ort chomh mór sin go mbeidh cúram agus aire lán aimseartha uatha do thréimhse bliana ar a laghad.

Céard é do mhaoin?

Séard atá i gceist le maoin ná aon ioncam atá agat féin nó do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir áitreabh (seachas do theach) nó sócmhainní a d'fhéadfadh airgead a thabhairt isteach nó ioncam a sholáthar duit, mar shampla pinsean saothair, pinsin/sochair ó thíortha eile. Ní chuirtear aon íocaíocht a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí san áireamh sa tástáil acmhainne maidir le Liúntas Cúramóra.

Infheistíocht agus airgead taisce

Ní áirítear mar d'acmhainn an t-ioncam iarbhír ó choigilteas agus ó infheistíochtaí. In ionad sin, suimítear nithe infheistíochta mar shampla, airgead in aon chuntas coigiltis, airgead ar láimh nó aon chuntas reatha, agus luach airgid thirim infheistíochtaí agus maoine agus baintear feidhm as foirmle ar leith chun d'acmhainn sheachtainiúil a fháil. Faigh amach conas a dhéantar measúnú ar chaipiteal sa tástáil mhaoine le haghaidh Liúntas Cúramóra.

An chaoi a dhéantar measúnú ar mhaoin

Déantar measúnú ar ioncam an iarrthóra (gan a t(h)each cónaithe a bheith san áireamh) sa scrúdú maoine don Liúntas Cúramóra. Déantar neamhaird ar ioncam de €332.50 sa tseachtain.

Más lánúin phósta/páirtnéirí sibhialta/ comhchónaitheoirí atá ina gcónaí in éineacht atá i gceist déanfar neamhaird ar an gcéad €665 d'ioncam seachtainiúil.

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh ó stáit eile, beidh méid suas go huasráta Pinsean Stáit (Ranníocach) díolmhaithe ón tástáil mhaoine.Tá aon íocaíocht leasa shóisialaigh eachtrach os cionn an uasráta Pinsean Stáit (Ranníocach) áirithe mar ioncam le haghaidh na tástála mhaoine.

Liúntas Cúramóra agus íocaíochtaí leath-ráta

Ón 27 Meán Fómhair 2009 i leith, má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat agus tú ag cur cúraim lánaimseartha ar fáil do dhuine eile, is féidir leat do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil freisin. Má raibh íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil agat roimh duit Liúntas Cúramóra a éileamh, d’fhéadfaí do bhuníocaíocht a thabhairt ar ais duit agus d’fhéadfá Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil freisin.

Má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat agus go gcáilíonn tú d’íocaíocht eile ina dhiaidh sin, is féidir leat an íocaíocht eile a éileamh agus leath de do Liúntas Cúramóra a fháil, ar an gcoinníoll go bhfuil an íocaíocht eile ina íocaíocht cháilitheach do Liúntas Cúramóra ar leath-ráta. Mar shampla, má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat agus go n-oibríonn tú 15 uair an chloig gach seachtain, is féidir leat cáilíocht a thuilleamh ar íocaíocht ranníocach. Ciallaíonn sé sin, má bhíonn tú as obair toisc go bhfuil tú tinn go bhféadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta. Sa chás sin, d’fhéadfá Sochar Breoiteachta ag an ráta iomlán agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil, ag brath ar do ranníocaíochtaí ÁSPC, do leibhéal tuillimh agus d’acmhainní reatha.

Má tá éileamh á dhéanamh maidir leat mar dhuine fásta cáilithe ar íocaíocht leasa shóisialaigh do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir agus go bhfuil cúram lánaimseartha á chur ar fáil agat do dhuine eile, is féidir leat cur isteach ar Liúntas Cúramóra leath-ráta agus do Mhéadú reatha do Dhuine Fásta Cáilithe a choinneáil ina iomláine.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil inár ndoiciméad ar Liúntas Cúramóra leath-ráta.

Rátaí

Tá d'íocaíochtaí déanta suas de ratá pearsanta duit féin agus íocaíochtaí breise do chleithiúnaithe páiste.

Ráta Seachtainiúil (2012)

Cúramóra Rataí Seachtainiúil
Faoi aois 66, ag tabhairt sochar 1 dhuine €204
Faoi aois 66, ag tabhairt sochar 2 dhuine €306
Aois 66+, ag tabhairt sochar 1 dhuine €239
Aois 66+, ag tabhairt sochar 2 dhuine €358.50
Do gach páiste cáilithe

€29.80 (ráta-iomlán)
€14.90 (leath-ráta)

Níl aon liúntas do dhuine fásta incháilithe ann.

Féadann tú liúntas do leanbh is cleithiúnach a éileamh ag an ráta iomlán más cúramóir tú agus tú singil, i do bhaintreach (fir), más scartha tú nó más páirtnéir sibhialta tú nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an páirtnéir sibhialta eile. Féadann tú liúntas do leanbh is cleithiúnach a éileamh ag an leathráta más cúramóir tú agus tú i do chónaí le do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir.

Creidmheasa

Is féidir leat creidmheasa Árachais Shóisialta Pá Chuimhneachta (ASPC) a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar liúntas cúramóra láithreach. Is féidir leat iarratas a chur isteach tríd foirm iarratais do Liúntas Cúramóra (pdf) a chomhlánú nó déan teagmháil le d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil

Tugtar íocaíochtaí ón dáta a fhaigheann siad an t-iarratas nó ón dáta a bhronntar an íocaíocht cáilithe ort, má tá sé níos deireanaí. Is féidir leat an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais leis na teastais chuí chuig an Rannóg Liúntais Cúramóra sa Roinn Coimirce Sóisialaí - féach seoladh thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg an Liúntais Cúramóra
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 January 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid