Ó 27 Meán Fómhair 2007, athróidh scéim an Liúntais Chúramóra le níos mó daoine a cheadú atá ag tabhairt cúraim do dhuine eile íocaíocht Liúntais Cúramóra a fháil. Ciallaíonn an t-athrú seo, má fhaigheann tú íocaíochtaí leasa sóisialta áirithe agus tá cúram lán-aimseartha á sholáthar agat do dhuine eile, is féidir leat do phríomhíocaíocht leasa sóisialta a choinneáil agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil chomh maith.
Ma tá tú i gceann de na staideanna a leanas féadtar go mbéifeá incháilthe anois do Liúntas Cúramóra leath-ráta:
Ma fhaigheann tú Liúntas Cúramóra agus comhlíonann tú na critéir cháilithe fosta maidir le híocaíocht leasa sóisialta eile (mar shampla Pinsean Stáit) ba chóir duit iarratas a chur isteach ar an íocaíocht eile. Ma tá tú incháilithe don íocaíocht eile íocfar duit ina iomláine í agus coinneoidh tú leath do Liúntais Cúramóra chomh maith. (Chun liosta íocaíochtaí leasa sóisialta atá iníoctha le Liúntas Cúramóra -feach 'Rialacha' thíos.)
Ma fhaigheann tú Liúntas Cúramóra faoi láthair agus tá íocaíocht leasa sóisialta eile á éileamh ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir (mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist), is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir méadú ina íocaíocht leasa sóisialta a éileamh ar do shonsa mar dhuine fásta cáilithe agus déanfar do Liúntas Cúramóra á laghdú faoi 50%. Ní féidir seo a dhéanamh ach amháin le do comhthoil ach féadtar go ndéanfadh sé d'ioncam teaghlaigh iomlán a mhéadú.
Más rud é go raibh tú ar íocaíocht leasa sóisialta eile roimh Liúntas Cúramóra a éileamh, féadtar go n-athchuirfear do bhuníocaíocht agus go bhfaighfidh tú Liúntas Cúramóra leath-ráta, má leanann tú coinníollacha don dá scéim a chomhlíonadh. (Chun liosta íocaíochtaí leasa sóisialta atá iníoctha le Liúntas Cúramóra - féach 'Rialacha' thíos)
Má tá éileamh á dhéanamh ar do shon mar dhuine fásta cáilithe ar íocaíocht leasa sóisialta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir agus tá cúram lán-aimseartha á thabhairt agat do dhuine eile, is féidir leat iarratas a chur isteach ar Liúntas Cúramóra anois agus do Mhéadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe a choinneáil ina iomláine.
Má tá ceann de na íocaíochtaí leasa sóisialta á fháil agat atá iníoctha anois le Liúntas Cúramóra (féach 'Rialacha' thíos) agus tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin, is féidir leat d'íocaíocht leasa sóisialta a choinneáil agus a bheith incháilthe do Liúntas Cúramóra leath-ráta.
Caithfidh tú critéir cháilithe do Liúntas Cúramóra a chomhlíonadh. Mar shampla, caithfidh an duine dá bhfuil cúram á thabhairt a bheith chomh éagumasaithe ná go bhfuil cúram agus aird lán-aimseartha riachtanach agus caithfidh tú tástáil mhaoine a chomhlíonadh. Léigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir cháilithe do Liúntas Cúramóra.
Má chomhlíonann tú na critéir do Liúntas Cúramóra dámhfar é ag 50% den ráta a bheadh infheidhmithe muna mbeadh aon íocaíocht eile á fáil agat. Beidh tú incháilithe fosta don Deontas Cúraim Faoisimh, Pacáiste Sochar Teaghlaigh agus Pas Saorthaistil.
Is féidir leat Liúntas Cúramóra a fháil chomh maith leis na híocaíochtaí leasa sóisialta seachtainiúla a leanas:
Ní féidir leat Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) nó Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil mar caithfidh tú a bheith ag cuardach fostaíochta go gníomhach agus a bheith ábalta fostaíocht a ghlacadh le bheith incháilithe do SCP agus LCP. Féadtar go mbéifeá incháilithe do Líuntas Cúramóra leath-rata má tá SCP nó LCP á fháil ag do cheile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaithe agus tá éileamh á dhéanamh ar do shon mar chleithiúnaí fásta cáilithe.
Má chomhlíonann tú na critéir do Liúntas Cúramóra dámhfar é ag 50% den ráta a bheadh infheidhmithe muna mbeadh aon íocaíocht eile á fáil agat.
Rataí ó Eanáir 2010| Liúntas Cúramóra leath-ráta (uasmhéid) | Faoi aois 66 | Thar aois 66 agus níos sine |
| Ag tabhairt cúraim do dhuine amháin | €106 | €119.50 |
| Ag tabhairt cúraim do bheirt nó níos mó | €159 | €179.25 |
Íocfar aon mhéadú lena mbeidh tú i dteideal, mar shampla méadú do pháiste spleách, as bheith i do chónaí i d'aonair nó ar oileán amach ón chósta, le do phríomhíocaíocht leasa sóisialta agus ní íocfar leis an Liúntas Cúramóra leath-ráta é.
Ní scéim nua an Liúntas Cúramóra Leath-ráta Cuirtear iarratas isteach ar an fhoirm chaighdeánach Liúntais Cúramóra
Íoslódáil foirm iarratais do Liúntas Cúramóra (pdf) nó déan teagmháil le d'oifig Leasa Sóisialta áitiúil chun cóip den fhoirm seo a fháil.
Seol an fhoirm chomhlánta leis na teastais ábhartha chuig Rannóg an Liúntais Chúramóra ag an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach an seoladh thíos.
Rannóg an Liúntais Cúramóra
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70
Ríomh-phost: halfratecare@welfare.ie