Is deontas airgid thirim é an Deontas Cúraim Faoisimh a íoctar le cúramóirí. Is féidir le cúramóirí an deontas a úsáid pé slí ar mian leo. Is féidir an deontas a úsáid le híoc as cúram faoisimh ach ní gá é sin a dhéanamh. Is féidir tuilleamh a léamh faoi shaoráidí le haghaidh cúráim faoisimh anseo.
I Mí an Mheithimh gach bliain, íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí an
deontas go huathoibríoch chuig cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóirí, Sochar Cúramóra, Liúntas Gaoil Forordaithe
nó Liúntas Cúram Baile ón Roinn. Ní féidir ach Deontas amháin Cúraim
Faoisimh a íoc le haghaidh gach duine a fhaigheann cúram.
Íoctar an deontas leo siúd a bhíonn ag fáil ceann de na híocaíochtaí a luaitear thuas chomh maith le cúramóirí áirithe eile a bhíonn i mbun cúraim lán-aimsire. Mura bhfuil tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí a luaitear thuas, ní mór:
Ní cháileoidh tú má bhíonn tú ag obair níos mó ná 15 uair a'chloig sa tseachtain taobh amuigh den bhaile, má bhíonn tú ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó má bhíonn tú ag síniú le haghaidh creidiúintí dífhostaíochta. Ní cháileoidh tú ach oiread má bhíonn cónaí ort in ospidéal, in ionad téarnamh nó in ionad eile den chinéal sin.
Má bhíonn tú i mbun cúraim i leith níos mó ná duine amháin, íoctar
deontas i leith gach duine díobh sin.
Íoctar Deontas Cúraim Faoisimh de €1,700 (Mheitheamh 2012) i leith gach
duine a mbíonn tú i mbun a chúraim nó a cúraim. Ní ghearrfar cáin
air.
Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Gaoil Forordaithe nó Liúntas Cúram Baile ó An Roinn Coimirce Sóisialaí, ní gá duit cur isteach ar Dheontas Cúraim Faoisimh. Íocfar go huathoibríoch leat é i Mí an Mheithimh.
Mura bhfuil tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí sin ba chóir duit an fhoirm iarratais maidir leis an Deontas Cúraim Faoisimh RCG 1 (pdf) a líonadh isteach. Má bhíonn tú i mbun cúraim do níos mó ná duine amháin, ní mór foirm RCG 1(a) (pdf) i leith gach duine breise a líonadh isteach agus ceangal é leis an bhfoirm RCG 1 atá líonta isteach agat.
Mura mbíonn tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí a luaitear thuas
agus má fuair tú an Deontas Cúraim Faoisimh do mhí Mheithimh 2009 ní gá
cur isteach air arís ag úsáid foirm RCG 1. Má fuair tú an deontas do 2009,
gheobhaidh tú litir ag deireadh mhí Aibreáin 2010 ón Rannóg Cúraim
Faoisimh le ceistneoir gairid ar a cúl. Ní mór duit na ceisteanna ar an
gcúl a fhreagairt agus an litir a sheoladh ar ais chuig an Rannóg Cúraim
Faoisimh sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Gheobhaidh tú clúdach saorphoist le
do litir chomh maith. Nuair a sheolfaidh tú an litir ar ais, úsáidfidh an
Roinn í sin agus an t-eolas ar an gcomhad chun tú a athmheasúnú i leith an
Deontais Chúraim Faoisimh.
Gheobhaidh tú foirm iarratais don Deontas Cúraim Faoisimh ó d'Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.
Rannóg an Deontais Cúram Faoisimh
Bosca Oifig Phoist 10085
Baile Átha Cliath 2
Teil:(01) 673 2222
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie