Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean Daill a íoctar leis na daill agus le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn orthu. An Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann an íocaíocht. Le bheith i dteideal an phinsin ní mór scrúdú súl a fháil déanta ag lia oftailmeach (íocfaidh an Roinn as) ar mhaithe le míchumas na súl a chinntiú. D'fhéadfadh sé go mbeadh daoine áirid a bhfuil lagú amhairc orthu i dteideal an phinsin freisin.
Tá an íocaíocht a gheobhaidh tú déanta suas de ráta pearsanta duit féin agus suimeanna eile do dhuine fásta cáilithe agus aon pháistí cleithiúnacha (breathnaigh na rátaí thíos). Má fhaigheann tú Pinsean Daill d’fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas Leasa na nDall a fháil freisin. Gheobhaidh tú Pas Saor Thaistil agus Pas Saor Thaistil Chompánaigh. (Pas Saor Thaistil a thugann deis duit taisteal ar sheirbhísí iompair phoiblí an Stáit saor in aisce. Tugann Pas Saor Thaistil Chompánaigh deis do chompánach atá 16 bliana nó ós a chionn taisteal in éineacht leat in aisce). D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i dteideal liúntas eile, Liúntas Cónaithe i d'Aonair agus an Scéim Liúntas don Líon Tí.
Má cheapann tú go raibh cinneadh a tógadh gan Pinsean Daill a thabhairt duit mícheart, nó má tá tú míshásta maidir le cinneadh a thóg Oifigeach Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a lorg ar an gcinneadh seo.
Más duine dall thú nó má tá tú faoi mhíchumas dona amhairc roimh duit ocht mbliana déag a bhaint amach ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar an bPinsean seo 4 mhí roimh d'ochtú breithlá déag. (Má tá tú idir 16-18, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas Míchumais) a fháil.
Más i ndiaidh duit ocht mbliana déag a bhaint amach a thagann daille nó míchumas amhairc ort, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus a tharlaíonn sé. Tá sé seo tábhachtach mar ní féidir íocaíocht a thabhairt ach ón lá a thagann an t-iarratas isteach. Má theastaíonn cúram lánaimseartha uait d'fhéadfadh sé go mbeadh an cúramaí i dteideal ceann de na híocaíochtaí seo a leanas - Liúntas Cúramaí nó Sochar Cúramaí.
Is féidir leat 120 euro sa tseachtain a shaothrú ón bhfostaíocht athshlánaithe roimh don ioncam sin a bheith curtha san áireamh don scrúdú maoine. Má bhíonn Pinsean Daill ar fáil agat ar feadh dhá mhí déag ar a laghad, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal Liúntas Ar Ais chuig an Obair.
Má bhíonn tú i bhfostaíocht athshlánaithe le tuarastal idir €120 agus €350 in aghaidh na seachtaine, déanfar ráta aisbhaintí barrchaolaithe 50% a chur i bhfeidhm.
I measc na bpríomhnithe a chuirtear san áireamh mar mhaoin tá:
Ní chuirtear na nithe seo san áireamh mar mhaoin:
Ioncam ón bhfostaíocht ócáideach leis an mbord sláinte mar chúramaí baile.
Má tá tú míshásta le cinneadh a bhaineann le d'éileamh ar Phinsean na nDall is féidir leat achomharc a dhéanamh. Léigh tuilleadh maidir le córas achomhairc leasa shóisialaigh anseo.
Seo iad na rátaí ó Eanáir 2010
| Ráta pearsanta | €196 |
| Duine Fásta Cáilithe | €130.10 |
| Cleithiúnach is leanbh | €29.80 (liomlán-ráta) €14.90 (leath-ráta) |
Is féidir foirm iarratais (BP1) do Phinsean na nDall a íoschóipeáil anseo (pdf). Tá leagan i gcló braille agus ar chaiséad fuaime den fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ó Chomhairle Náisiúnta do na Daill in Éirinn. Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ón oifig áitiúil leasa shóisialaigh. Beidh cúnamh ar fáil duit ón bhfoireann san oifig áitiúil leasa shóisialaigh leis an bhfoirm seo a chomhlánú agus is féidir leo aon cheisteanna atá agat a fhreagairt. Tá sonraí teagmhála do na hoifigí leasa shóisialaigh ar fad in Éirinn ar fáil anseo.
Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur in éineacht le d'éileamh ar Phinsean na nDall (déantar é seo le moill sa chóras próiseála a sheachaint):
Is féidir cóipéanna de na teastais seo a fháil ó Chláraitheoir na mBreitheanna, na bPóstaí agus mBásanna. (Ní ghlactar le fótachóipeanna de na bunteastais).
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean na nDall a sheoladh tríd an
fhoirm
fhiosraithe daingnithe Pinsean na nDall a úsáid.