Liúntas Míchumais

Cad is Liúntas Míchumais ann?

Is Liúntas seachtainiúil é Liúntas Míchumais (LM) a íoctar le daoine faoi mhíchumas. Is féidir leat LM é a fháil ó aois 16 bliana. Is féidir leat Liúntas Míchumais a fháil fiú má tá tú ar scoil.

Má cháilítear thú do Liúntas Míchumais, is féidir leat sochair leasa shóisialaigh bhreise le d’íocaíocht agus íocaíochtaí leasa forlíontacha eile a fháil freisin.

Conas cáiliú do Liúntas Míchumais

Chun cáiliú do Liúntas Míchumais, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Caithfidh go bhfuil gortú nó galar ort nó caithfidh go bhfuil tú faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach a lean nó a bhfuil súil leis go leanfaidh sé ar feadh bliain amháin, ar a laghad
  • Caithfidh go gcuirtear srian substainteach ort mar gheall ar do mhíchumas ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine atá ar comhaois leat agus a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu
  • Tá tú idir 16 agus 66 bliain d’aois
  • Pas a bhaint amach i dtástáil mhaoine – caitear súil i dtástáil mhaoine ar aon ioncam atá agat – féach ‘Conas a mheasúnaítear d’ioncam do LM’ thíos
  • Cónaí in Éirinn agus coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh.

Measúnú leighis

Caithfidh do dhochtúir tuairisc a líonadh ar do riocht sláinte mar chuid den fhoirm iarratais. Déanann duine de mheasúnóirí leighis an RCS an tuairisc seo a athbhreithniú.

Ceadóidh an tuairisc liachta don RCS a dheimhniú cibé acu:

  • An bhfuil gortú nó galar ort nó an bhfuil tú faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach a lean nó a bhfuil súil leis go leanfaidh sé ar feadh bliain amháin, ar a laghad

Agus

  • An gcuirtear srian substainteach ort mar gheall ar do mhíchumas ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine atá ar comhaois leat agus a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu

An féidir Liúntas Míchumais a fháil in ospidéal nó i gcúram cónaithe?

Is féidir leat Liúntas Míchumais a fháil fiú má tá tú in ospidéal nó i gcúram cónaithe.

Má tá Liúntas Míchumais á fháil agat cheana féin agus má théann tú isteach san ospidéal nó i gcúram cónaithe, leanfaidh tú le d’íocaíocht a fháil chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha thuas.

Mura raibh LM á fháil agat sular thosaigh tú ag cónaí i gcúram cónaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar LM.

Conas a mheasúnaítear d’ioncam do Liúntas Míchumais

Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine é LM.

I dtástáil mhaoine, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí scrúdú ar na foinsí ioncaim go léir atá agat. Le LM a fháil, caithfidh go mbíonn d’ioncam faoi bhun méid áirithe.

Is iad na príomhrudaí a chuirtear san áireamh sa tástáil mhaoine:

  • Ioncam airgid thirim a d’fhéadfadh bheith agat nó ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir. B’fhéidir nach gcuirfear roinnt ioncam airgid thirim san áireamh sa tástáil mhaoine.
  • Caipiteal, mar shampla, luach coigiltis, infheistíochtaí, scaireanna nó aon réadmhaoin atá agat (seachas d’áit chónaithe féin). Ní chuirtear an chéad €50,000 de do chaipiteal san áireamh. Aimsigh níos mó eolais faoi chaipiteal nach gcuirtear san áireamh sa tástáil mhaoine.
  • Cothabháil a íoctar leat. Tá eolas breise ar fáil inár gcáipéis faoi conas a mheasúnaítear cothabháil mar mhaoin

Cónaí le do thuismitheoir

Ní chuirtear ioncam do thuismitheora san áireamh nuair a dhéantar measúnú ort i dtaobh Liúntas Míchumais.

Ioncam ó d’áit chónaithe a dhíol

Ní chuirtear a mé €190,500 den airgead a fhaigheann tú má dhíolann tú d’áit chónaithe san áireamh sa tástáil mhaoine agus:

  • Má bhogann tú go cóiríocht éagsúil (is féidir leat áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar cíos)
  • Má bhogann tú chun cónaí le duine a bhfuil aire á tabhairt acu duit agus a bhfuil íocaíocht cúramóra á fáil acu
  • Má bhogann tú chuig scáth-thithíocht nó chuig tithíocht speisialta sna hearnálacha deonacha, comharchumainn, reachtúla nó phríobháideacha
  • Má bhogann tú isteach i dteach altranais príobháideach cláraithe

Ioncam ón obair

Ní chuirtear roinnt de d’ioncam ón obair san áireamh. Áirítear obair fhéinfhostaithe leis seo.

Is féidir leat oibriú agus a mhéid le €165 sa tseachtain (i ndiaidh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a íoc) a thuilleamh gan difear a dhéanamh do do LM.

Má thuilleann tú breis agus €165 sa tseachtain, ní chuirtear 50% de do thuillimh idir €165 agus €375 san áireamh sa tástáil mhaoine do LM. Déantar measúnú iomlán ar aon tuilleamh níos mó ná €375.

Má thosaíonn tú obair, tá ort an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) a chur ar an eolas agus cruthúnas maidir le do thuilleamh a thabhairt dóibh. Is féidir duillín pá, do chonradh fostaíochta nó litir ó d’fhostóir a úsáid mar chruthúnas do thuillimh.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis faoi Conas a dhéanann obair difear d’íocaíochtaí míchumais.

Má oibríonn do pháirtnéir

Má oibríonn do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir, is féidir leis difear a dhéanamh do do Liúntas Míchumais. Ní chuirtear roinnt dá n-ioncam ón obair mar fhostaí san áireamh, ach déantar measúnú ar an ioncam go léir ón bhféinfhostaíocht sa tástáil mhaoine.

Déantar measúnú mar seo a leanas ar ghlantuilleamh seachtainiúil do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomháitritheora ón obair mar fhostaí:

1.Asbhaintear €20 sa lá (a mhéid le €60) ón obair ó mheán-ghlantuilleamh seachtainiúil do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomháitritheora, agus

2.Measúnaítear 60% den iarmhéid ansin mar mhaoin sheachtainiúil

Asbhaintear an mhaoin sheachtainiúil ansin ó do ráta Liúntas Míchumais (is é do ráta de LM an ráta pearsanta móide an Méadú uasta do Dhuine Fásta Cáilithe agus aon Mhéaduithe do Leanaí Cáilithe).

Is iad glantuilleamh d’olltuilleamh (nó do thuilleamh iomlán) lúide ÁSPC, aoisliúntas (ranníocaíochtaí pinsin) agus dleachtanna Ceardchumainn.

Ioncam ó scoláireacht PhD

Ní chuirtear scoláireacht PhD suas le €20,000 in aghaidh na bliana ar feadh suas le 4 bliana san áireamh nuair a dhéantar measúnú ort don Liúntas Míchumais.

Rataí Liúntas Míchumais

Uasráta seachtainiúil an Liúntais Mhíchumais 2024

Ráta pearsanta

€232

Méadú do chleithiúnaí fásta

€154

Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46 (ráta iomlán), €23 (leath-ráta)

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine

€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta)

Má tá tú pósta nó má mhaireann tú in éineacht le duine faoi mar gurb eisean/ise d'fear nó do bhean chéile, agus má cháilíonn an bheirt agaibh i gcomhair Liúntas Míchumais, geobhaidh gach duine agaibh ráta pearsanta seachtainiúil den Liúntas Míchumais.

Má cháilíonn tusa nó do chéile nó do pháirtí i gcomhair Liúntas Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil ag an té eile, geobhaidh gach duine agaibh an ráta pearsanta seachtainiúil dá (h)íocaíocht féin.

Íocaíochtaí do chleithiúnaithe

Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, is féidir leat Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) a fháil ar d’íocaíocht LM. Is féidir leat Méadú do Chleithiúnaí Linbh (MCL) a fháil freisin ar d’íocaíocht do chleithiúnaithe linbh.

Má tá leanaí ag cónaí leat agus má tá tuistiú leat féin á dhéanamh agat, is féidir leat MDFC a fháil do dhuine a bhfuil aire á tabhairt acu do do leanbh, má tá an duine 16 bliana d’aois nó níos sine, má chónaíonn siad leat agus má thugann tú tacaíocht dóibh. D’fhéadfadh duine de do leanaí eile a bheith sa duine seo.

Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais

Is féidir leat an fhoirm iarratais do Liúntas Míchumais (pdf) a fháil

Má cheapann tú go ndearnadh LM a dhiúltú duit go héagórach, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc.

Cá háit a ndeánfaidh mé iarratasar Liúntas Míchumais?

Rannóg an Liúntas Míchumais

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770

An Rannóg Athbhreithnithe agus Measúnaithe Leighis

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 673 2482
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024