Is íocaíocht é Sochar Breoiteachta a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí leo sin in Éirinn atá faoi 66 bliain d'aois agus nach bhfuil in ann dul i mbun oibre mar gheall ar thinneas agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta acu.
Mura mbíonn aon teidlíocht i do chuid téarmaí agus coinníollacha fostaíochta pá a íoc leat le linn saoire bhreoiteachta, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Sochar Breoiteachta má bhíonn dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat - féach 'Rialacha' thíos. Mura mbíonn dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat, ba chóir duit dul i dteagmháil le an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo) agus measfaidh sé/sí do chás. Déanfaidh an tIonadaí na Roinne measúnacht ar do chás agus is féidir go dtabharfaidh sé Liúntas Leasa Forlíontach duit.
Is faoin bhfostóir a bhíonn sé cinneadh a ghlacadh ar a pholasaí/polasaí féin maidir le pá breoiteachta agus saoire bhreoiteachta, faoi réir ag do chonradh nó ag téarmaí fostaíochta. Léigh tuillleadh faoi saoire bhreoiteachta agus fostaíocht anseo
Sa chás go mbíonn teidlíocht i do chonradh fostaíochta chun pá breoiteachta a fháil, is dóigh go n-iarrfaidh d'fhostóir ort aon íocaíocht Sochair Breoiteachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí a thabhairt ar láimh don fhostóir chomh fada agus a leanann an phá bhreoiteachta ar aghaidh.
Nuair a bhíonn deireadh le do phá breoiteacha, ba chóir nach bhfaigheadh d’fhostóir do Shochar Breoiteachta ina dhiaidh.
Má cheapann tú gur diúltaíodh Sochar Breoiteachta go héagórach duit, beidh an rogha agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh sin.
Caithfidh tú cur isteach ar Shochar Breoiteachta i gceann 7 lá ón uair a d’éirigh tú tinn. Ní dhéanfar aon íocaíocht do na trí lá breoiteachta tosaigh.
Chun Sochar Breoiteachta a fháil ní mór duit:
agus
nó
*Mura mbíonn na 13 ranníocaíochtaí íoctha agat sa Bhliain Chánach Ábhartha, is féidir na blianta ina dhiaidh sin a úsáid chun an coinníoll sin a chomhlíonadh:
nó
Is ionann Bliain Chánach Ábhartha agus an dara bliain chánach iomlán is déanaí roimh an mbliain a ndéantar d'éileamh, m.sh., i gcás éilimh a rinneadh i 2012, is é 2010 an Bhliain Chánach Ábhartha.
Má bhíonn 260 seachtaine ÁSPC íoctha agat ó thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh, d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta chomh fada agus nach mbíonn tú aclaí le dul i mbun oibre agus a bhíonn tú faoi 66. Ó Eanáir 2009 amach, má tá 260 ranníocaíocht ÁSPC déanta agat, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a fháil ar feadh 2 bhliain ar a fhad. Ní bhainfidh an t-athrú seo le daoine a bhí ag fáil Sochair Bhreoiteachta roimh an dáta seo.
Má bhíonn idir 104 agus 259 seachtain ÁSPC íoctha agat, d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta suas go dtí 52 seachtaine. Ag deireadh na tréimhse sin, ní mór 13 ranníocaíochtaí ÁSPC breise a íoc (nó líon níos lú má thugann sé an líon iomlán ranníocaíochtaí ÁSPC atá íoctha suas go dtí 260) chun cáiliú an athuair le haghaidh Sochar Breoiteachta.
Má bhí tú ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist go díreach roimh Shochar Breoiteachta a éileamh, níl 13 rannaíocaíocht íoctha ag teastáil uait. Mura bhfuil, áfach, na 13 Rannaíocaíochtaí ÁSPC riachtanacha íoctha agam sa Bhliain Cánach Iomchuí ní bheidh tú incháilithe ach le haghaidh ráta laghdaithe íocaíochta.
Má tá tú ag fáil an ráta iomlán de Líuntas Cuardaitheora Poist ar bhonn fadtéarmach (15 mhí) agus má bhuaileann tinneas thú is féidir leat uasráta Sochar Breoiteachta a fháil. Caithfidh tú ar a laghad 260 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha ag staid ar bith agus ar a laghad 39 curtha chun sochair sa bhliain cánach ábhartha. Ní chaithfidh tú 13 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha le déanaí. Sa chás seo, is féidir leat Sochar Breoiteachta a fháil chomh fada agus a bheidh tú neamhábalta chun oibre agus tú faoi 66 bliain d'aois. Ó Eanáir 2009 amach, má tá 260 ranníocaíocht ÁSPC déanta agat, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a fháil ar feadh 2 bhliain ar a fhad. Ní bhainfidh an t-athrú seo le daoine a bhí ag fáil Sochair Bhreoiteachta roimh an dáta seo.
Má tá tú ag fáil Líuntas Cuardaitheora Poist ar bhonn fadtéarmach (15 mhí) agus ar a laghad 52 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ó thosaigh tú ag obair ar dtús, agus ar a laghad 39 curtha chun sochair sa bhliain cánach ábhartha, ní chaithfidh tú 13 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha le déanaí chun cáiliú do Sochar Breoiteachta. D'fhéadfadh sé nach gcáileofá don uasráta sochair, áfach, agus is é 52 seachtaine an uastréimhse ama gur féidir leat a éileamh.
Má d’aistrigh tú ó Shochar Breoiteacha go Shochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra agus ansin ar ais go Sochar Breoiteachta, gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta ar ráta nach ísle ná mar a bhí agat mar íocaíocht.
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad na socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine ag a raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil chun oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa shóisialaigh a choimeád.
Ní dhéanfar difear dóibh siúd ag a bhfuil an cead seo faoi láthair go dtí go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar a gcead. Ag an tráth sin, ní bheidh fáil acu a thuilleadh ar an díolúine ach beidh sé de rogha acu iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. Ní gá go mbeidh an obair a dhéanann duine fad a bhíonn an Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais Pháirtigh.
Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte agus más mian leat cúrsa oiliúna FÁS a dhéanamh, ní chuireann tú ar Shochar Cumais Pháirtigh. Cuir iarratas isteach chuig an Rannóg Sochar Breoiteachta nó chuig an Rannóg Pinsean Easláinte, amhail is cuí. D’fhéadfá an liúntas oiliúna a fháil anuas ar do ghnáthíocaíocht leasa shóisialaigh.
Ní déantar aon íocaíocht i gcás na chéad trí lá breoiteachta.
Céimnítear na rátaí i gcomhair an tSochair Bhreoiteachta de réir do
mheántuillimh seachtainíúil sa
bhliain chánach a bhaineann le hábhar.
Rátaí seachtainiúil i 2012 le haghaidh éilimh a thosaigh i 2008 nó roimhe sin
| Tuilleamh | Ráta Pearsanta | Ráta do Dhaoine Fásta Incháilithe |
| €150 nó níos mó | €188 | €124.80 |
| €125-€149.99 | €147.30 | €80.90 |
| €80-€124.99 | €121.40 | €80.90 |
| níos lú ná €80 | €84.50 | €80.90 |
Rátaí seachtainiúil i 2012 le haghaidh éilimh a thosaigh i 2010 nó i ndiaidh sin
| Tuilleamh | Ráta Pearsanta | Ráta do Dhaoine Fásta Incháilithe |
| €300 nó níos mó | €188 | €124.80 |
| €220-€299.99 | €147.30 | €80.90 |
| €150-€219.99 | €121.40 | €80.90 |
| níos lú ná €150 | €88.10 | €80.90 |
Is féidir Sochar Breoiteachta a íoc isteach díreach i do chuntas bainc nó cumann foirgníochta.
Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht do dhuine fásta cleithiúnach a fháil.
Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht do chleithiúnaí linbh a fháil freisin. Ní bhíonn aon tionchar ar mhéadú do leanbh cleithiúnach ag do mheántuilleamh seachtainiúil.
Glactar le Sochar Breoiteachta (seachas aon mhéadú do leanaí cleithiúnacha) mar ioncam chun críche cánach agus tá sé inchánaithe ón chéad lá a íoctar é.
Íocfar Sochar Breoiteachta go díreach leat gan aon cáin ioncaim a asbhaint as. Má tá tú fostaithe, glacfaidh d'fhostóir do Sochar Breoiteachta san áireamh chun críche ÍMAT. Má tá tú dífhostaithe,glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh an méid Sochar Breoiteachta atá íoctha leat, más cuí, nuair a bhítear ag coigeartú do chuid creidmheasanna cánach nó ag athbhreithniú cúrsaí cánach do chéile. Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh eolais a fháil.
Caithfidh tú iarratas ar Shochar Breoiteachta a dhéanamh laistigh de 7 lá ó fhaigheann tú tinn. Is féidir go gcaillfidh tú cuid de d'íocaíocht i gcás moill níos faide ná 7 lá. Má tá cúis mhaith le moill i gcur isteach an iarratais, is féidir go siardhátófar d’íocaíocht.
Tá an fhoirm iarratais do Sochar Breoiteachta ar fáil ó do dhochtúir teaghlaigh (LG) nó ó dhochtúir ospidéil. Tá sé amhlaidh toisc nach féidir leat an fhoirm seo a fháil ach amháin ó dhochtúir mar nach mór do dhochtúir cuid den fhoirm a chomhlánú. Ní sé ar fáil ar líne.
Ní mór duit teastas dochtúra a sheoladh isteach (ar a dtugtar MC 2) gach seachtain ar feadh fad do thinnis, mura n-iarrtar ort a mhalairt a dhéanamh.
Ní mór duit teastas dochtúra deireanach a fháil ó do dhochtúir sula bhfilleann tú ar obair.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú, beidh an
fhoireann i d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil sásta cabhrú leat. Ba
chóir aon cheisteanna atá agat maidir le Sochar Breoiteachta a
chur díreach chuig d'oifig
leasa shóisialaigh áitiúil nó chuig Teileafón Fiosraithe faoi
Sochar Breoiteachta: (01) 704 3300.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bosca Poist 1650
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3300
Lóghlao:1890 928 400
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Sochar Breoiteachta a sheoladh tríd
an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Sochair Breoiteachta a úsáid.