Is íocaíocht sheachtainiúil í Pinsean Easláinte do dhaoine nach bhfuil i riocht oibre mar gheall ar bhreoiteacht fhadtéarmach nó mhíchumas agus atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC). Ag 65, ardaíonn an ráta íocaíochta go dtí an ráta ag a mbíonn an Pinsean Stáit (Idirthréimse). Nuair beidh tú 66 bliana d'aois aistrífear é go Pinsean Stáit (Rannaíocach).
Tá Pinsean Easláinte inchánach. Tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a bheith agat má tá Pinsean Easláinte á fháil agat. D’fheadfá a bheith i dteideal an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a bheith agat freisin.
Má mheasann tú nár cheart gur diúltaíodh Pinsean Easláinte duit, nó
mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa
Shóisialaigh faoi do theidlíochtaí tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in
aghaidh an chinnidh seo.
Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat ar a laghad chun Pinsean Easláinte a fháil:
Ní áirítear ach aicmí ÁSPC A, E agus H. An bhliain cánach is déanaí is ea an bhliain roimh an éilimh. Mar shampla, má dhéantar éileamh ar Phinsean Easláinte in 2012, an bhliain cánach iomlán is déanaí ná 2011.
Déanfaidh dochtúir atá fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh an bhfuil tú neamhábalta de réir míochaine do chúrsaí fostaíochta agus incháilithe ar chúiseanna leighis don Phinsean Easláinte.
Le cáiliú caithfidh tú a bheith:
Nó
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad na socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine ag a raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil chun oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa shóisialaigh a choimeád.
Ní dhéanfar difear dóibh siúd ag a bhfuil an cead seo faoi láthair go dtí go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar a gcead. Ag an tráth sin, ní bheidh fáil acu a thuilleadh ar an díolúine ach beidh sé de rogha acu iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. Ní gá go mbeidh an obair a dhéanann duine fad a bhíonn an Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais Pháirtigh.
Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte agus más mian leat cúrsa oiliúna FÁS a dhéanamh, ní chuireann tú ar Shochar Cumais Pháirtigh. Cuir iarratas isteach chuig an Rannóg Sochar Breoiteachta nó chuig an Rannóg Pinsean Easláinte, amhail is cuí. D’fhéadfá an liúntas oiliúna a fháil anuas ar do ghnáthíocaíocht leasa shóisialaigh.
Rataí in 2012:
| Ráta Pearsanta | Ráta seachtainiúil |
| Aois faoi 65 | €93.50 |
| Aois 65 | €230.30 |
| Duine Fásta Cáilithe aois faoi 66 | €138.10 |
| Duine Fásta Cáilithe aois 66 no os a chionn | €206.30 |
| Leanbh Cáilithe | €29.80 (ráta iomlán)
€14.90 (leath-ráta) |
Féadfaidh tú méadú a fháil ar d’íocaíocht do dhuine fásta cleithiúnach agus do leanaí cleithiúnacha ar bith atá agat.
Foinse ioncaim inchánaithe atá anseo agus ba cheart a chur in iúl don
oifig chánach chomh luath agus a thosaíonn tú ag fáil na n-íocaíochtaí.
Is féidir
teagmháil a dhéanamh le ÍMAT ar teileafón anseo. Tá na sonraí teagmhála de d’oifig
cánach dúiche ar fáil anseo.
Déan foirm iarratais don Phinsean Easláinte (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat foirm a fháil ón Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.
Is féidir leat cúnamh a fháil chun an fhoirm a chomhlánú san Ionad
Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil nó san Oifig Leasa Shóisialaigh
Áitiúil.
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Bhéal Átha na Laoi
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70