Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí

  • Tá cur síos anseo ar na sochair leasa shóisialaigh ata ar fáil do theaghlaigh agus leanaí.
  • Is íocaíocht é Sochar Tuismitheora a íoctar do dhaoine atá ar saoire thuismitheora ón obair agus atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC). Faigheann gach tuismitheoir íocaíocht coicíse sa chéad bhliain i ndiaidh bhreith nó uchtáil an linbh.

  • Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh do dhaoine ar phá íseal. Le go bhféadfá é a fháil is cuma pósta nó gan a bheith pósta tú ach caithfidh duine clainne amháin ar a laghad a bheith agat.

  • Is íocaíocht í Sochar Máithreachais a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí le mná atá ar shaoire mháithreachais ón obair. Faigh tuilleadh eolais faoi Shochar Máithreachais agus conas iarratas a dhéanamh.

  • Paternity Benefit is a new payment that will be made to a person who is on paternity leave from work and covered by social insurance (PRSI).

  • Is íocaíocht Stáit é Sochar Linbh a íoctar le tuismitheoirí nó le caomhnóirí leanaí atá faoi 16 bliana d'aois, nó faoi 18 bliana d'aois má bhíonn an leanbh in oideachas lánaimseartha nó má tá an leanbh faoi mhíchumas.

  • Is íocaíocht d'fhir agus do mhná a bhíonn ag tógáil clainne gan tacaíocht óna pháirtí atá i gceist leis an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

  • Laghdaíodh an aoisteorainn d’Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (ÍTA) anuas go do dtí 7 mbliana in Iúil 2015. D’fhéadfadh daoine nach gcáilíonn a thuilleadh don ÍTA mar gheall go bhfuil a leanbh is óige os cionn na haoisteorann le bheith incháilithe do thacaíochtaí eile. Tugtar cuntas sa cháipéis seo ar do chuid roghanna.

  • Déanann an doiciméad seo cur síos ar an íocaíocht sochar uchtaíoch a íoctar le daoine a chomhlíonann critéir áirithe. Míníonn sé chomh maith conas a ríomhtar an ráta íocaíochta.

  • Achoimre ar Shochar Sábháilteachta agus Sláinte do mhná in Éirinn atá ag iompar/ag tabhairt bainne cíche dá leanaí.

  • D'fhéadfadh tionchar a bheith ag toircheas ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh. D'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht dhifriúil a fháil nó méadú a fháil id' íocaíocht reatha. Faigh tuilleadh eolais anseo.

  • Is íocaíocht árachais shóisialaigh é an Sochar Banchéile Thréigthe a íoctar le bean ar thréig a fear céile í. Is liúntas de réir tástála acmhainne é an Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná nach bhfuil cáilithe do Shochar Banchéile Thréigthe. Cuireadh deireadh leis an dá íocaíocht d' iarratasóirí nua i mí Eanáir 1997. Faigheann roinnt ban, áfach, íocaíocht banchéile thréigthe go fóill.

  • Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Liúntas Banchéile Thréigthe do mhná faoi 66 bliain d’aois gan leanaí cleithiúnacha a d’fhág a fear céile agus nach gcáilíonn do Shochar Banchéile Thréigthe.

  • Íoctar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil gach bliain le teaghlaigh atá ar íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus sochair. Cabhraíonn an scéim leo leis an gcostas a bhaineann le páistí a chur ar ais chuig an scoil.

  • Is íocaíocht sheachtainiúil í an Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair chun cabhrú le daoine a bhfuil leanaí acu aistriú ó leas sóisialach isteach san fhostaíocht.