Cabhraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LECSN) leat íoc as costais a bhaineann le héide scoile agus coisbheart leanaí atá ag dul ar scoil.
Tá na híocaíochtaí cáilithe liostaithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Sa bhliain 2013 íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí LECSN sa ghnáthchúrsa le líon mór daoine cáilithe. Ciallaíonn sin nach mbeidh ar mhórchuid teaghlach iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht. Gheobhaidh tú litir ina gcuirfear an cinneadh in iúl duit, agus sonraí na híocaíochta, an áit agus an t-am chun é a bhailiú, má chinntear go gcáilíonn tú d'íocaíocht.
Muna bhfaigheann tú íocaíocht sa ghnáthchúrsa, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an liúntas. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ó Meitheamh, i ngach oifig coimirce sóisialaí, agus ar shuíomh Gréasáin na Roinne. Scrúdóidh an Roinn gach iarratas a gheofar agus cuirfear nuashonruithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne i dtaobh dul chun cinn ar phróiseáil na n-iarratas sin.
D'fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil má tá tú:
Ní mór do do leanbh a bheith idir 4-22 ar an 30 Meán Fómhair nó roimhe. Má tá an leanbh idir 18-22 ní mór dóibh a bheith ag fáil oideachais lánaimseartha i scoil nó i gcoláiste aitheanta.
De ghnáth ní mór duit a bheith ag fáil Méadú i leith Linbh Cháilithe in éineacht le d'íocaíocht. Tá roinnt eisceachtaí air sin. Mar shampla, d'fhéadfá a bheith ag fáil íocaíocht cháilithe ach gan méadú a bheith á fháil agat don leanbh (toisc nach bhforáiltear faoi rialacha na scéime d'íocaíocht linbh). Samplaí is ea Sochar Máithreachais agus Sochar Uchtála. D'fhéadfá LECSN a éileamh i gcás mar sin má shásaíonn tú na critéir eile. I gcásanna eile ní íoctar méadú i leith linbh cháilithe toisc go sáraíonn d'ioncam do chéile nó do pháirtnéara na tairsí sonraithe, ach má tá ioncam iomlán an teaghlaigh laistigh de na teorainneacha d'fhéadfá cáiliú don liúntas.
Má rinne tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh agus má fhanann tú ar chinneadh maidir le d’iarratas, ba chóir duit iarratas ar LECSN a dhéanamh. Nuair ceadaítear d’íocaíocht leasa shóisialaigh, beidh d’iarratas ar LECSN próiseáilte.
Chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ní mór d'ioncam iomlán an teaghlaigh a bheith faoi bhun na méideanna atá leagtha amach sa tábla thíos.
Áirítear ar ioncam iomlán do theaghlaigh do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh nó FSS, ioncam aon leanaí cleithiúnacha atá ar Chlár Ógtheagmháil agus aon ioncam eile a d'fhéadfadh a bheith agat lena n-áirítear pá (roimh cháin, ach seachas ÁSPC agus liúntas caighdeánacha taistil de suas le €20 sa tseachtain), cothabháil, coigilteas agus infheistíochtaí.
Seo mar a mheasúnaítear coigilteas agus infheistíochtaí (ar a n-áirítear réadmhaoin nach teach an teaghlaigh í):
| Caipiteal | Acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe |
| An chéad €5,000 | Ní ghlactar san áireamh |
| An chéad €10,000 eile | €1 sa €1,000 |
| An chéad €25,000 eile | €2 sa €1,000 |
| Iarmhéid | €4 sa €1,000 |
Ní áirítear aon ioncam a fhaigheann tú i bhfoirm Fhorlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Úis Morgáiste, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Liúntas Leasa na nDall, Liúntas Oiliúna Athshlánúcháin, fostaíocht athshlánúcháin (suas go €120 sa tseachtain), Liúntas Cúram Baile, Liúntas So-Aistritheachta agus Scéim Deontais na Mac Léinn.
| Lánúin le | Teorainn ioncam i 2012 |
| Páiste amháin | €563.60 |
| 2 pháiste | €593.40 |
| 3 pháiste | €623.20 |
| 4 pháiste | €653* |
**Mhéadaigh an teorainn ioncaim de €29.80 i gcás gach linbh.
| Tuismitheoir aonair le | Teorainn ioncam i 2012 |
| Páiste amháin | €410.10 |
| 2 pháiste | €439.90 |
| 3 pháiste | €469.70 |
| 4 pháiste | €499.50* |
**Mhéadaigh an teorainn ioncaim de €29.80 i gcás gach linbh.
Má tá tú ag fáil Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas nó Liúntas VTOS, is féidir leat cur isteach ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua. Déanfar measúnú ort de réir na ngnáthrialacha agus ní mór d'ioncam iomlán do theaghlaigh a bheith faoi bhun na dteorainneacha ioncaim.
Baineann coinníollacha speisialta le daoine atá ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar an Obair, an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, Fostaíocht Pobail, An Tionscnamh Jabanna, Cúnamh Poist Ioncaim, Scéim Shóisialta na Tuaithe, Tús agus an Clár Seirbhísí Pobail (Clár an Gheilleagair Shóisialta).
Má bhí tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh sula ndeachaigh tú ar cheann de na scéimeanna seo, measúnófar tú ar an gcéad dul síos faoin gnáththástáil maoine don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.
Má theip ort cáiliú de réir na gnáth-thástála maoine, déanfar athmheasúnú ort le fáil amach an féidir leat an Liúntas a choimeád mar shochar tánaisteach faoi na scéimeanna éagsúla um fhilleadh ar an obair. San athmheasúnú ceadófar duit do theidlíocht ar an Liúntas seo a choimeád (nó iarratas a dhéanamh air muna raibh leanbh cáilithe agat roimhe seo), a fhad atá ioncam iomlán do theaghlaigh faoi bhun €317.43 sa tseachtain.
San athmheasúnú acmhainne, ní chuirfear san áireamh luach an Liúntais um Fhilleadh ar Obair, an Scéim Liúntais Fiontair agus an Forlíontadh Ioncam Teaghlaigh agus ioncam iomlán do theaghlaigh á ríomh.
Is iad na daoine is dóchúla a cháileodh ón measúnacht do shochar
tánaisteach (€317.43) ná daoine a fhaigheann Liúntas Fiontair um Fhilleadh
ar an Oideachas.
Íocfar €100 in aghaidh gach linbh cháilithe a bheith idir 4-11 an 30 Meán Fómhair 2013 nó roimhe sin.
Íocfar €200 in aghaidh gach linbh cháilithe a bheith idir 12-22 an 30 Meán Fómhair 2013 nó roimhe sin.
Beidh an scéim ar oscailt ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ó Meitheamh 2013 trí théacsteachtaireacht, i ngach oifig leasa shóisialaigh, agus ar shuíomh Gréasáin na Roinne, welfare.ie.
Ba cheart foirmeacha iarratais chomhlánaithe chomh maith leis an doiciméadú tacaithe a sheoladh ar ais chuig:
Bosca PO 131
Leitir Ceannainn
Co. Dhún na nGall
Seans go dtógfaidh cúpla seachtain chun d’iarratas a phróiseáil.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh a rinneadh ar d’iarratas, ba cheart duit litir a sheoladh chuig an Roinn Athbhreithnithe Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag an seoladh thíos ag leagadh amach na fáthanna nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh agus ag fiafraí ar athbhreithniú ar an éileamh.
Back to School Clothing and Footwear Allowance Review Section
Bosca PO 131
Leitir Ceannainn
Co. Dhún na nGall