Sochar Linbh

Eolas

In Éirinn íoctar Sochar Linbh (tugadh Liúntas Leanaí air cheana) le tuismitheoirí nó le caomhnóirí leanaí atá faoi 16 mbliana d'aois, nó faoi 18 mbliana d'aois má bhíonn an leanbh in oideachas lánaimseartha, ar chúrsa traenála Youthreach FÁS nó má tá an leanbh faoi mhíchumas.

Má bhí ilbhreith agat beidh tú i dteideal deontais speisialta tráth na breithe agus nuair a bhíonn siad 4 bliana d'aois agus arís nuair a bhíonn siad 12 bhliain d'aois. Tá Sochar Linbh iníoctha ag ceann go leith an ráta iomchuí do chúpla agus ag dúbailt an ráta iomchuí as triúr leanaí in aon bhreith agus ilbhreitheanna eile.

Rialacha

Ní mór duit cur isteach ar íocaíocht laistigh de 12 mhí:

  • De bhreith do linbh
  • Den mhí gur déanadh ball de do chlann den leanbh nó
  • Den mhí ar tháinig an teaghlach le cónaí in Éirinn.

Breith do linbh

Má rugadh do leanbh in Éirinn, tar éis duit breith do linbh a chlárú, cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí éileamh ar Shochar Linbh ar bun don leanbh:

  • Mura bhfuil éileamh agat cheana ar Shochar Linbh , cruthóidh an Roinn ceann nua agus cuirfear foirm éilimh chugat a mbeidh cuid áirithe di líonta amach cheana, chun do shíniú agus faisnéis i gcomhair na híocaíochta a fháil uait. Áirítear san fhoirm faisnéis maidir le hiarratas ar bun do leanbh nua ar line a dhéanamh. (Tabhair aire nach féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh ach amháin má iarrann an Roinn duit é a dhéanamh.) Tabharfar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) don leanbh freisin.
  • Má tá ceart agat cheana ar Shochar Linbh do leanbh eile, cuirfear do leanbh nua leis an éileamh seo agus íocfar an sochar go huathoibríoch ó mhí na breithe. Cuirfidh an Roinn litir chugat chun an íocaíocht a deimhniú. Tabharfar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) don leanbh freisin.

Leanái atá 16 agus 17 mbliana d’aois

Má tá tú ar cur isteach ar shíneadh le do Shochar Linbh do leanbh atá faoi mhíchumas nó do leanbh atá faoi 18 mbliana agus ag freastal ar oideachas lánaimseartha nó ar chúrsa lánaimseartha Youthreach, beidh ort foirm CB2 (féach 'Conas iarratas a dhéanamh thíos) a chomhlánú. Ní mór don fhoirm sin a bheith deimhnithe ag:

  • An scoil/coláiste más ag freastal ar an oideachas lánaimseartha atá do leanbh
  • FÁS má tá do leanbh ag freastal ar chúrsa Youthreach nó
  • Dochtúir má tá do leanbh faoi mhíchumas.

Ní mór duit scéal a chur ar an bpointe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí i dtaobh do linbh atá 16 nó 17 bliana d'aois agus ag freastal ar an oideachas lánaimseartha má:

  • Fhágann do leanbh an scoil/coláiste/cúrsa YOUTHREACH nó FÁS roimh an dáta deimhnithe nó
  • Bhíonn do leanbh in ann é/í féin a chothú roimh dó/dí 9 mbliana déag a bhaint amach nó an dáta atá deimhnithe ag an dochtúir

Oideachas lánaimseartha (16 agus 17 bliana d'aois)

Má tá do pháiste os cionn 16 bliana d'aois agus in oideachas lánaimseartha gheobhaidh tú Sochar Linbh go dtí mí an Mheithimh. Ní bhfaighidh tú íocaíocht eile go dtí go bhfilleann do pháiste ar an oideachas lánaimseartha. Seolfaidh an rannóg Sochair Linbh foirm CB2 chugat i mí Lúnasa. Má fhilleann do pháiste ar an oideachas lánaimseartha i Meán Fómhair, comhlánaigh foirm CB2 agus seol ar ais í. Nuair a gheobhaidh tú d'íocaíocht, beidh aon riaráistí atá ag dul duit san áireamh, lena n-áirítear Sochar Linbh le haghaidh mí Iúil agus mí Lúnasa.

Mura bhfaigheann tú foirm leis an bpost ón Rannóg an tSochair Linbh, ba chóir duit an fhoirm CB2 a líonadh i Meán Fómhair - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Sochar Linbh agus Rialacháin an AE

Sásaíonn saoránaigh an AE/an LEE agus náisiúnaigh na hEilvéise atá ag obair in Éirinn, an coinníoll gnáthchónaithe do Shochar Linbh.

Más saoránach den AE/LEE nó náisiúnach den Eilvéis tú, agus tú ag obair i dtír atá clúdaithe ag Rialacha an AE, is iondúil go n-íocann an tír ina bhfuil tú ag obair inti Sochar Linbh fiú amháin má tá do theaghlach ina gcónaí i dtír eile. Má tá do leanaí ina gcónaí i dtír eile den AE/LEE ba chóir duit cur isteach ar aon Sochair Theaghlaigh dá bhfuil tú i dteideal sa tír sin freisin, áfach.

Má tá an Sochar Teaghlaigh a fhaigheann tú sa tír ina bhfuil cónaí ar do leanaí níos lú ná an íocaíocht Sochair Linbh anseo, íocfar an difríocht tríd an íocaíocht Sochair Linbh. Le tuilleadh eolais a fháil ar thionchar Rialúcháin an AE ar Shochar Linbh, téigh i dteagmháil leis an Rannóg Sochair Linbh (féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos).

Is iad seo a leanas na tíortha atá clúdaithe ag Rialúcháin an AE: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe (lasmuigh d'Oileáin Mhuir nIocht).

Saoránaigh neamh-AE/LEE

Caithfidh daoine nach bhfuil ina saoránaigh den AE/den LEE a bheith ina ngnáthchónaí in Éirinn le bheith incháilithe ar Shochar Linbh. Mura bhfuil tú i do shaoránach den AE/den LEE agus má tá tú ag obair go dlíthiúil sa Stát seo, d'fhéadfadh sé go mbeifeá incháilithe ar Shochar Linbh dá mbeadh do leanbh ina chónaí anseo. Tá tuilleadh eolais ar ghnáthchónaí le fáil anseo.

Seiceálacha frith-chalaoise

I láthair na huaire, éilítear ar shaoránaigh an AE/an LEE agus ar náisiúnaigh na hEilvéise atá clúdaithe ag Rialúcháin an AE dearbhú a thabhairt gach 3 mhí go bhfuil siad fós ag obair sa Stát.

I láthair na huaire, éilítear ar dhaoine nach bhfuil ina saoránaigh den AE/den LEE dearbhú a thabhairt gach 3 mhí go bhfuil siad agus a leanaí fós ina gcónaí sa Stát.

Éileamh mí-ionraic ar Shochar Linbh

Féadtar pionós airgid téarma príosúnachta suas le trí bliana a ghearradh ar éinne a dhéanann ráiteas bréagach nó míthreorach d’fhonn Sochar Linbh a fháil dó féin nó d’éinne eile.

Rataí

Ráta míosúil i 2012

páiste amháin €140
beirt pháistí €280
triuir páistí €447
ceathrar páistí €624
cúigear páistí €801
seisear páistí €978
seachtar páistí €1,155
ochtar páistí €1,332

Ilbhreitheanna

Íocfar sochar leanaí ar son cúpla ag 1.5 uair an ráta mhíosúil iomchuí do gach leanbh.

Is é €140.00 an ráta don chéad agus don dara páiste in aghaidh na míosa, €148 don tríú páiste agus €160 don cheathrú páiste agus do gach páiste ina dhiaidh sin.

Sampla: Má tá beirt pháiste agat cheana féin, agus ansin dá mbeadh cúpla agat, beidh an cúpla ar an tríú agus ar an gceathrú páiste sa chlann. Dá bhrí sin, is é an íocaíocht mhíosúil a bhfaighfeá do na páistí ná €222 (€148 x 1.5) móide €240 (€160.00 x 1.5).

Nuair atá triúr nó níos mó leanaí i gceist san ilbhreith íocfar an sochar ag dhá oiread an ráta mhíosúil iomchuí, sa chás go bhfuil ar a laghad triúr de na leanaí intofa i gcónaí. Ó 2012 ní íoctar deontais d’ilbhreitheanna níos mó.

Conas iarratas a dhéanamh

Leanbh atá faoi 16 bliana d'aois

Má rugadh do leanbh in Éirinn agus mura bhfuil éileamh agat ar bun leanaí eile, cuirfidh Rannóg an tSochair Linbh foirm iarratais chugat. Áirítear san fhoirm faisnéis maidir le hiarratas ar bun do leanbh nua ar line a dhéanamh. (Tabhair aire nach féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh ach amháin má iarrann an Roinn duit é a dhéanamh.)

Má tá éileamh agat ar Shochar Linbh do leanbh eile, cuirfear do leanbh nua leis an éileamh ar Shochar Linbh seo agus íocfar an sochar go huathoibríoch ó mhí na breithe. Cuirfidh an Roinn litir chugat chun an íocaíocht a dheimhniú.

Chun Sochar Linbh a fháil do leanbh atá faoi 16 bliana d'aois, líon isteach Sochar Linbh (foirm CB1) (pdf), ní mór duit é a sheoladh le cóip de theastas breithe do linbh i SAORPHOST chuig an Rannóg an tSochair Linbh - Féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ thíos. Is féidir leat teastas breithe a fháil dod' leanbh ó Oifig an Ard-Chláraitheora. Tabharfar cóip speisialta duit i gcomhair Sochar Linbh, nach seolfaidh an Roinn ar ais chugat.

Leanaí atá 16 agus 17 mbliana d’aois

Chun Sochar Linbh a fháil do leanbh atá 16 nó 17 bhliain d’aois, líon isteach Sochar Linbh foirm CB2 (pdf). Má tá tú ag fáil Sochar Linbh do do leanbh, cuirfidh an Rannóg an tSochair Linbh foirm iarratais chugat. Seol do fhoirm trí SAORPHOIST chuig an Rannóg an tSochair Linbh - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Má tá aon deacracht agat ag líonadh isteach na foirme seo , tabharfaidh an fhoireann i d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil cúnamh duit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Linbh

Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar Oilibhéir Phluincéid Naofa
Leitir Ceanainn
Dún na nGall
Éire

Uaireanta Oscailte:Ní féidir leat teagmháil a dhéanamh ach amháin ar an teileafón nó trí ríomh-phost
Teil:(074) 916 4400
Lóghlao:1890 400 400
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Is féidir leat ríomhphost don Rannóg an tSochair Linbh a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Sochair Linbh a úsáid.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 January 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid