Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

Eolas

Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) atá ar fáil d’fhostaithe a bhfuil clann acu. Tá sé ann le cuidiú le daoine ar phá íseal. Ní cháileoidh tú don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit a bheith i d’fhostaí le cáiliú.

Ní mór duit leanbh amháin ar a laghad a bheith agat a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in éineacht leat nó atá ag fáil tacaíocht airgeadais uait. Ní mór dod' pháiste a bheith faoi 18 mbliana d'aois nó idir 18 mbliana agus 22 bliain d'aois agus in oideachas lánaimseartha.

Le go mbeadh FIT ag dul duit, ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne. Is 60% den difríocht idir ioncam glan do theaghlaigh agus an t-uasioncam atá ceadaithe do do theaghlach, an FIT atá duit. (Féach tuilleadh faoi ioncam glan teaghlaigh i ‘Rátaí’ thíos).

Má tá tú ag fáil FIT d’fheadfadh sé go bhfuil Liúntas Éadaigh agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag dul duit freisin.

Ní thógtar d'ioncam ó FIT san áireamh agus tú do do mheas i gcomhair Cárta Leighis.

Fógraíodh i mBuiséad 2012 go n-áireofar ioncam ó íocaíochtaí seachtainiúla cúramóra agus an teidlíocht i leith Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh á ríomh (féach Rátaí thíos le teacht ar shonraí). Sa mhullach air sin, áireofar ioncam cúnamh baile (Eanáir 2012 d'iarratasóirí nua agus ag tráth na hathnuachana do gach duine eile).

Rialacha

Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é FIT do fhostaithe:

  • A dhéanann 19 uair a chloig oibre ar a laghad in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair ar a laghad in aghaidh na coicíse). Chun an coinníoll seo a shásamh is féidir d'uaireanta oibre seachtainiúil a chomhcheangal lena uaireanta oibre do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir. Ní féidir leat am a chaith tú i mbun féinfhostaíochta a úsáid chun an coinníoll sin a shásamh.
  • A bheidh fostaithe ar feadh 3 mhí ar a laghad
  • A bhfuil gasúr amháin ar a laghad faoina gcúram
  • Atá ag saothrú níos lú ná méid áirithe airgid ag brath ar an líon gasúr sa gclann

Go hiondúil leanann an íocaíocht ar feadh bliana agus ní thagann aon athrú uirthi de bharr ardú pá, mar shampla, nó aon ioncam breise a fhaigheann an teaghlach.

Má chailleann tú do phost nó má laghdaítear d’uaireanta oibre

Má laghdaítear do phá san ionad oibre ní bheidh athrú íocaíochta ar bith don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) Ní bheidh méadú i gceist. Mar sin féin, nuair a chríochnaíonn d’íocaíocht FIT, is féidir leat iarratas a dhéanamh in athuair ag tabhairt sonraí den ioncam nua-laghdaithe atá agat. (Íoctar FIT ar feadh 52 seachtain go hiondúil. Ag deireadh an 52 seachtain, is féidir iarratas a dhéanamh in athuair ar FIT).

Má laghdaítear na huaireanta oibre a oibríonn tú gach seachtain go dtí faoi bhun 19 uair in aghaidh na seachtaine (38 uair in aghaidh na coicíse), ní bheidh tú i dteideal do FIT níos mó. Ba chóir duit fógra a thabhairt don rannóg FIT má thiteann do chuid uaireanta faoi bhun an riachtanais íosta.

Má chailleann tú do phost ní bheidh tú i dteideal FIT níos mó. Caithfidh tú fógra a thabhairt don rannóg FIT.

Faoin Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, tá bean a cháilítear do Shochar Máithreachais nó do Shochar Uchtaíoch i dteideal éileamh a dhéanamh ar FIT.

Ní féidir leat FIT a fháil má tá tú ag glacadh páirt i Scéim Fostaíochta Pobail nó in aon scéim eile de chuid FÁS seachas Tionscnamh Jabanna .

Níl FIT duit in éineacht le:

Má tá do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomháiritheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo, is féidir leat a bheith i dteideal FIS. Ach, déanfar measúnú ar a (h)íocaíocht leasa shóisialaigh mar ioncam ar mhaithe le FIS. Má tá tú i dteideal FIS ní bhfaighidh siad íocaíocht duit níos mó agus beidh tionchar aige ar aon Ardú do Leanaí Cáilithe (IQC).

Cothabháil

Féadfaidh tuismitheoir scartha cur isteach ar FIT má chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha cáilitheacha agus

  • má tá sé nó sí ina c(h)ónaí leis na leanaí
  • má tá sé nó sí ag cothabháil an iar-chéile/iar-pháirtnéir sibhialta/iar-chomhchónaitheoir lena bhfuil na leanaí ina gcónaí go hiomlán

Ciallaíonn cothabháil go hiomlán gurb é an t airgead cothabhála a íocann tú, an t iarratasóir ar FIT, an t aon ioncam amháin atá ag d’iar-chéile/iar-pháirtnéir sibhialta/iar-chomhchónaitheoir.

Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach ar leith.

Cothabháil a íoc:
Más tuismitheoir idirscartha tú agus má tú ag íoc cothabhála d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don FIT. Le cáiliú ní mór go mbeifeá ag cothabháil an tuismitheora a bhfuil cónaí ar na leanaí leis/léi go hiomlán nó i bpáirt. Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag íoc cothabhála leis/léi a bheith ag fáil FIT.

Má tá tú ag íoc cothabhála mar thoradh ar ordú cúirte nó comhaontú atá ina cheangal dlí le haghaidh teaghlach eile, ní dhéanfar méid na híocaíochta cothabhála sin a bhaint den ioncam le measúnú i gcomhair FIT.

Cothabháil a fháil:
Má tá tú ag fáil cothabhála, déanfar méid iomlán d’íocaíochta cothabhála a mheasúnú mar ioncam i gcomhair FIT. Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag fáil cothabhála uaidh/uaithi a bheith ag fáil FIT.

I gcás tuismitheora atá ag fáil cothabhála i gcomhair linbh incháilithe déanfar an chothabháil sin a mheasúnú i gcomhair FIT.

Rataí

Áirítear FIT mar seo: 60% den difríocht idir uasioncam an teaghlaigh de réir líon na clainne agus ioncam inmheasta an duine/na ndaoine a bhfuil an gasúr/na gasúir faoina chúram/gcúram. I gcás lánúna (pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile) cuirtear an dá ioncam san áireamh.

Déantar ioncam ó aon fhoinse (seachas na neamhshuimeanna a luaitear thíos) a mheasúnú mar mhaoin, ach, cé nach bhfuil aon rialacha a chiallaíonn nach féidir caipiteal a mheasúnú, ní dhéanann an Roinn measúnú ar chaipiteal ná scrúdú ar do shonraí cuntais bainc i gcomhair FIT go hiondúil.

Seo a leanas na príomhnithe a chuirtear san áireamh le hioncam a mheas:

  • Do phá inmheasta agus pá inmheasta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir. (Séard é do ioncam inmheasta do phá comhlán lúide cáin, ÁSPC an fhostaí, Muirear Uilíoch Sóisialach agus ranníocaíocht aoisliúntais). Áirítear ioncam ó oibriú mar chúntóir baile d’éilimh nua ó Eanáir 2012 agus d’éilimh reatha ag tráth na hathnuachana.
  • Aon ioncam le chois a fhaigheann tú féin nó do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir phá ón obair (mar shampla, pá ar ragobair, bónais, liúntais nó coimisiún)
  • Aon ioncam atá agat féin nó ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir as féinfhostaíocht
  • Ioncam ó phinsean gairme
  • Ioncam agat féin nó ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
  • Aon ioncam nach dtuilltear (mar shampla, cé nach ndéantar measúnú ar chaipiteal, déantar measúnú ar d'ioncam seachtainiúil ó thalamh nó maoin a ligean ar cíos)

Ní áirítear na híocaíochtaí seo, áfach, mar ioncam teaghlaigh:

  • Liúntas Cúram Baile
  • Liúntas Cúram Altrama
  • I gcásanna áirithe, ioncam ó pháirtfhostaíocht mar chúramóir baile limistéar FSS
  • Ioncam ó eagraíocht charthanachta
  • Ioncam de bharr scoláirí Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht faoi scéim de chuid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Fógraíodh i mBuiséad 2012 go gcuirfear san áireamh ioncam ó íocaíochtaí cúramóra (Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúramóra) agus an teidlíocht d’Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh á ríomh. Cuirfear an beart seo i bhfeidhm thar 3 bliana. In 2012, déanfar measúnú ar aon trian (1/3) d’aon ioncam teaghlaigh (a thuilleann tú féin nó do chéile, pháirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir) ó íocaíocht chúramóra (Eanáir 2012 d’iarratasóirí nua agus ag tráth na hathnuachana do gach duine eile). In 2013, déanfar measúnú ar dhá thrian (2/3) d’aon ioncam ó íocaíocht chúramóra agus in 2014, déanfar ioncam ó íocaíochtaí cúramóra a mheasúnú ina n-iomláine.

Déanfar ioncam ó oibriú mar chúntóir baile d’FSS a mheasúnú don uile éileamh nua ar FIT ó Eanáir 2012 agus ag tráth na hathnuachana do gach éileamh eile.

Ioncam a ríomh le haghaidh FIT
Áiríonn an Roinn Coimirce Sóisialaí do ioncam inmheasta agus do mheánioncam thar thréimhse áirithe.

Más in aghaidh na seachtaine nó na coicíse a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ceithre seachtaine. Más in aghaidh na míosa a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ar leith dhá mhí. Má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir féinfhostaithe, áirítear a m(h)eánioncam seachtainiúil ar a (h)ioncam sa tréimhse 12 mí sula ndearna tú do iarratas.

Arís, le go mbeadh FIT ag dul duit ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne.

2012

Líon páistí Ioncaim teaghlaigh níos lú ná
páiste amháin €506
beirt pháistí €602
triuir páistí €703
ceathrar páistí €824
cúigear páistí €950
seisear páistí €1,066
seachtar páistí €1,202
ochtar páistí €1,298

Tá sé tábhachtach go mbeadh fhios agat go bhfaighidh tú €20 ar a laghad in aghaidh na seachtaine, is cuma cé chomh beag an liúntas atá duit.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú foirm iarratais FIT a fháil anseo (pdf) nó féadfaidh tú cóip den fhoirm a fháil ón Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil. Tabharfaidh foireann an Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh chuile chúnamh dhuit leis an bhfoirm a líonadh.

Le dlús a chur le próiseáil do iarratais ar FIT bí cinnte go seolfaidh tú na cáipéisí seo in éineacht leis an bhfoirm iarratais: an fhoirm P60 is deireannaí, 2 duillín pá a fuair tú le gairid agus cóip den Teastas Creidmheasanna Cánach a fuair tú don bhliain chánach reatha.

Má cheapann tú gur diúltaíodh tú go héagórach faoi FIT, nó mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigeach Réitigh Leasa Shóisialaigh faoi do liúntais, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cuir an fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig:

An Rannóg um Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

An Rannóg um Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid