Forlíonadh Ús Morgaíste

Réamhrá

Tugann an Forlíonadh Ús Morgáiste (FÚM) tacaíocht ghearrthréimhseach ar fáil chun tacú leat d'aisíocaíochtaí úis mhorgáiste a íoc.

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus níor glacadh aon iarratas nua ón dáta seo. Níor bhain an beart seo le daoine a fuair Forlíonadh Ús Morgáiste roimh 1 Eanáir 2014.

Tiocfaidh an scéim chun críche do na héilitheoirí seo thréimhse 4 bhliain agus dúnfaidh an scéim ar 31 Nollaig 2017. Leanfaidh éilitheoirí a fhaigheann íocaíochtaí FÚM a mbeartaítear go gcuirfear deireadh leo ar an dáta sin, áfach, d'íocaíochtaí a fháil faoin Scéim Forlíontach Leasa Shóisialaigh ó 1 Eanáir 2018.

Eolas d'éilitheoirí a fhaigheann FÚM i Nollaig 2017

Is ionann an méid a gheobhaidh tú ó 1 Eanáir 2018 ar aghaidh agus an íocaíocht FÚM a fhaigheann tú faoi láthair. Déanfar an íocaíocht seo go huathoibríoch agus ní gá iarratas a chur isteach arís chuig an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Déanfaidh an oifig a phléann le d'éileamh teagmháil leat sa bhliain nua chun na tacaíochtaí difriúla atá ar fáil duit maidir le do shocruithe morgáiste a chur in iúl duit.

Tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu

Má tá deacracht agat le d'aisíocaíocht mhorgáiste, tá roinnt foinsí comhairle agus cúnaimh ar fáil.

Is féidir le SBCA, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, comhairle a thabhairt duit maidir le do riaráiste morgáiste a láimhseáil, chomh maith le cineálacha eile d'fhiachas fadhbach. Tá an Líne Chabhrach SCBA 0818 07 2000 ar oscailt idir 9rn agus 8in, Luan go hAoine. Reáchtálann SBCA líonra náisiúnta ionad ina n-oibríonn sainchomhairleoirí airgid.

Anuas air sin, tá ról lárnach ag SBCA i scéim cúnaimh agus comhairle do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu, mar chuid de Abhaile, an tSeirbhís Réitigh náisiúnta Riaráistí Morgáiste. Soláthraíonn Abhaile comhairleoir tiomnaithe a oibreoidh leat agus le d'iasachtóir chun an réiteach is fearr do do chás a aimsiú.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Abhaile ag 0818 07 2000, Luan go hAoine, 9rn to 8in. Tá an tseirbhís go hiomlán saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách, agus tá sí ar fáil i níos mó ná 60 áit ar fud na tíre.

Rialacha

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus ní ghlacfar aon iarratas nua ón dáta seo.

Eolas d'éilitheoirí ag fáil MIS roimh 1 Eanáir 2014

Meastar d'ús mar ús comhlán míosúil arna laghdú d' fhaoiseamh úis morgáiste agus de aon liúntas morgáistefóirdheontas morgáiste a íocann an t-údarás áitiúil le haghaidh na coda úis de do mhorgáiste.

Ní thabharfar cúnamh duit ach amháin le sciar úis na haisíocaíochtaí morgáiste atá agat. Ní thabharfar cúnamh duit leis an sciar a íocann an iasacht iarbhír agus árachas tí. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir chun aisíoc na hiasachta iarbhír a phlé.

Má tá iasacht chomhdhlúite agat, ní ghlacfar san áireamh ach an chuid úis de d’iasacht a bhaineann leis an gceannach riachtanach, deisiú nó cothabháil do thí.

Chun cáiliú d’Fhorlíonadh Ús Morgáiste‚ ní mór duit na coinníollacha a leanas a shásamh:

  • Ní mór duit bhfuil iarratas roimh an 1 Eanáir, 2014
  • Ní mór duit an tástáil mhaoine a shásamh
  • Níor mhór gur iontráil tú agus gur chloígh tú le socruithe malairtíocaíochta le d’iasachtaí morgáiste ar feadh 12 mhí ar a laghad
  • Níor mhór go raibh tú in ann íoc as na haisíocaíochtaí nuair a rinneadh do chomhaontú morgáiste a chomhaontú i dtosach
  • Ní sháraíonn an méid ús morgáiste atá iníoctha ná é sin a mheasann an Roinn Coimirce is réasúnta chun freastal ar do riachtanais chónaithe agus eile
  • Ní chuirtear ach an chuid sin de d’iasacht a bhaineann leis an gceannach‚ deisiú nó cothabháil riachtanach do thí san áireamh
  • Ní mó méid na riaráistí ná é sin a mheasann an Roinn atá réasúnta
  • gnáthchónaí ort sa Stát seo.

*Má tá méid an úis mhorgáiste is iníoctha ag duine os cionn méid a mheasann an Roinn atá réasúnta chun do riachtanais chóiríochta agus riachtanais eile a chomhlíonadh, i gcúinsí eisceachtúla is féidir le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí forlíonadh a bhronnadh. Íoctar an forlíonadh seo ar feadh uasmhéid 12 mhí ó dháta éilimh.

Ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá:

  • Tá do theach ar díol
  • Oibríonn tú féin nó do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir níos ná 29 n-uaire in aghaidh an seachtaine. (Chun eisceachtaí na rialach seo a fheiceáil, féach ar ‘Fostaíocht agus Fordheontas Ús Morgáiste’ thíos)
  • Tá tú bainteach le díospóid trádála
  • Tá tú ag freastal ar oideachas lánaimseartha (chun eisceachtaí na rialacha seo a fheiceáil - féach ar ‘Oideachas agus Fordheontas Ús Morgáiste’ thíos)
  • Tá tú sa Stát go neamhdhleathach
  • Tá iarratas déanta agat ar thearmann faoi Acht na nDídeanaithe, 1996 agus táthar ag feitheamh ar chinneadh deiridh an iarratais ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
  • Tá iarratas déanta agat faoi Acht na nEachtrannach, 1935 chun fanacht sa Stát agus níl cinneadh déanta faoin iarratas
  • Glactar in institiúid tú (mar shampla, ospidéal) ar feadh tréimhse níos faide ná 13 seachtain.

Fostaíocht agus Fordheontas Ús Morgáiste

Ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá fostaíocht lánaimseartha agat. Sin fostaíocht de 30 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine. (I gcás lánúineacha, má tá fostaíocht lánaimseartha ag duine den lánúin, bíonn an bheirt eisiata ó Fhordheontas Ús Morgáiste a éileamh). Mar sin féin, tá socruithe coinneála speisialta ann a thugann féidearthacht duit maidir le codán den bhFordheontas Ús Morgáiste a choinneáil.

Socruithe coinneála speisialta
Is féidir leanúint ag fáil Fordheontais Ús Morgáiste nuair atá tú i mbun fostaíochta faoi shocruithe coinneála speisialta, mar shampla, má tá tú rannpháirteach i Scéim Fostaíochta Pobail. Ní féidir leis an oll-ioncam teaghlaigh bheith níos mó ná €317.43 sa tseachtain.

Is féidir neamhaird a dhéanamh de Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF), ÁSPC, costais taistil réasúnta agus liúntas cúraim leanaí ar bith ar chúrsaí oiliúna áirithe sa mheasúnú den teorainn ioncam sheachtainiúil de €317.43.

Faoi na socruithe coinneála speisialta seo, leanfaidh tú ag fáil 75% den ráta Fordheontais Úis Mhorgáiste sa chéad bhliain fostaíochta, 50% sa dara bliain agus 25% sa tríú agus ceathrú bliain. Tar éis an ceathrú bliain, ní bheifear incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste níos mó má táthar i mbun fostaíochta.

Baineann na socruithe coinneála seo le daoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos faide agus a fhilleann ar fhostaíocht lánaimseartha agus a chuireann deireadh lena n-íocaíocht leasa shóisialaigh. Sna cásanna seo, níor cheart go sáródh ollioncam teaghlaigh €317,43 sa tseachtain.

Oideachas agus Fordheontas Ús Morgáiste

Ní cháileoidh tú d’Fhordheontas Ús Morgáiste má tá tú ag freastal ar oideachas lánaimseartha. Má tá Fordheontas Ús Morgáiste á fháil agat, áfach, agus go gcáilíonn tú don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas, coinneoidh tú an teidlíocht do Fhordheontas Ús Morgáiste. Déanfar tástáil acmhainne ort, agus má d’athraigh tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe go dtí an ráta Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas beidh tionchar aige seo ar an méid den fhordheontas a fhaigheann tú.

Tástáil acmhainne i gcomhair Fordheontas Ús Morgáiste

Nuair a dhéanann tú iarratas ar Fhordheontas Ús Morgáiste, déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail measúnú ar d’acmhainní. Taispeánfaidh sé seo don Oifigeach Leasa Pobail cén mhéid den ús morgáiste is féidir leat a íoc. Déanann tástáil acmhainne iniúchadh ar gach foinse ioncaim atá agat. Ní chuirtear ioncam áirithe, áfach, san áireamh nuair atá d’acmhainn á ríomh. D’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don Fhordheontas Ús Morgáiste má tá d’ioncam faoi mhéid áirithe agus go gcomhlíonann tú na coinníollacha eile - féach ‘Rialacha’ thíos.

Ioncam atá tógtha san áireamh d’Fhordheontas Ús Morgáiste

  • Ioncam glan ó fhostaíocht (sin ioncam comhlán lúide ÁSPC agus costais taistil réasúnta. Má bhíonn leanbh cleithiúnach faoi 18 mbliana d'aois agus in oideachas lánaimseartha, ní ghlacfar a hioncam ó fhostaíocht san áireamh.)
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh (tá eisceachtaí áirithe ann, féach ‘Ioncam nach gcuirtear san áireamh’ thíos)
  • Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
  • Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
  • Ioncam agus luach na maoine ar fad go mb’fhéidir gur choinnigh tú uait féin le bheith incháilithe
  • Caipiteal (mar shampla, maoin seachas do theach féin, coigiltis agus infheistíochtaí)

Déanfar luach caipitil maoine (seachas do theach féin), infheistíochtaí agus coigiltis a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe mar
An chéad €5,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Caipiteal ar bith os cionn €40,000 €4 in aghaidh gach €1,000

Íocaíochtaí iomarcaíochta

Breathnófar ar íocaíocht iomarcaíochta nó íocaíocht cnapshuime mar chaipiteal, mura úsáideadh í chun iarmhéid do mhorgáiste nó iasachtaí eile a laghdú.

Ioncam nach gcuirtear san áireamh nuair atá Fordheontas Ús Morgáiste á ríomh

Nuair atá Fordheontas Ús Morgáiste á ríomh, ní thógfaidh an tOifigeach Leasa Pobail (OLP) ioncam ó fhoinsí a leanas san áireamh:

  • Ráta Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) do chúinsí teaghlaigh atá agat
  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Gluaiseachta
  • Íocaíochtaí um chúram altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn ag freastal ar an nGaeltacht
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chuireann leas na ndall chun cinn
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanachta, mar shampla, Cumann Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dhámh an Bord um Shásamh maidir le Heipitíteas C fuarthas ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd a bhfuil míchumais orthu mar gheall ar Tailídimíd agus dóibh siúd a bhfuil cúiteamh á fháil acu ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
  • Deontais chothabhála arna íoc ag an gCoiste Gairmoideachais nó ag na hÚdaráis Áitiúla chun críocha oideachasúla
  • Liúntas Cúram Baile
  • Liúntas Breosla agus an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair
  • Pinsinéirí: Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos sine (nó sa chás go bhfuil aois an phinsin bainte amach ag duine den chúpla) agus má tá ioncaim teaghlaigh chomhcheangailte níos mó ná an ráta SWA iomchuí do do chúinsí teaghlaigh, ní thógfar an difríocht idir an ráta íosta de Phinsean Stáit (Ranníocach) iomchuí le do chúinsí agus an ráta LLF iomchuí le do chúinsí san áireamh.
  • Íocaíochtaí cúramóirí: Ní thógfar Liúntas Cúramóra leath-ráta san áireamh riamh.
  • Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra, ní thógfar méid an liúntais thar an ráta LLF iomchuí do do chúinsí (an ráta do dhuine fásta cleithiúnach do chúpla nó an ráta LLF pearsanta) san áireamh. Mar sin, más duine de chúpla thú agus má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra, ní thógtar méid an Liúntais Cúramóra atá á íoc lúide an ráta duine fásta cleithiúnach LLF san áireamh agus más duine singil nó más tuismitheoir aonair thú is é an mhéid ar a ndéantar neamhaird uirthi ná ráta an Liúntais Cúramóra atá á íoc lúide an ráta pearsanta de LLF.
  • Ní thógtar méid ar bith de Shochar Cúramóra thar an bunráta LLF do do chúinsí (an ráta duine fásta cleithiúnach nó an ráta pearsanta LLF) san áireamh.
  • Deontas Cúraim Faoisimh
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin is ea méid áirithe den ioncam atá agat ó obair athshlánúcháin nach dtógtar san áireamh. Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat, ní thógtar €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh sa mheasúnú maidir le Fordheontas Ús Morgáiste. Tógtar gach tuilleamh os cionn €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh agus beidh tionchar aige ar an bhFordheontas Ús Morgáiste atá agat. Má tá tú ag tuilleamh os cionn €120, is féidir measúnú a dhéanamh ort trí Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin nó Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh a úsáid (ní féidir an dá cheann a úsáid), cibé atá chun do leasa.
  • Is méid áirithe é an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh de d'ioncam teaghlaigh nach dtugtar san áireamh. Lena chois sin, ní thugtar €75 de ioncam teaghlaigh bhreise'ar bith san áireamh. Ní thógtar 25% den ioncam teaghlaigh bhreiseatá agat os cionn €75 san áireamh freisin. Níl aon uasteorainn ar an méid gur féidir neamhaird a dhéanamh de.

*Ioncam teaghlaigh bhreise is ea ioncam ó fhostaíocht pháirtaimseartha nó féinfhostaíocht pháirtaimseartha, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Fostaíocht Pobail (FP), Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa FÁS. Déantar cothabháil a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh bhreise freisin (féach thíos).

Cothabháil agus Fordheontas Ús Morgáiste

Déantar cothabháil a mheasúnú mar 'ioncam teaghlaigh bhreise' (féach thuas) agus déantar íocaíochtaí chothabhála suas go dtí €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú ar an iomlán. Baineann an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh le híocaíochtaí chothabhála os cionn an méid seo. Mar shampla, más cothabháil an t-aon ioncam breise atá agat, déantar d’íocaíocht chothabhála ar fad suas go dtí €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú ar an iomlán. úsáidtear Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh. Más cothabháil an t-aon ioncam breise atá agat, a mheasúnú ar an iomlán. Baineann an Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh €75 le suimeanna os cionn €95.23 agus dá bhrí sin ní chuirtear aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh. Lena chois sin, ní thógtar 25% de chothabháil ar fad os cionn €170.23 san áireamh.

Do ranníocaíocht maidir le hús morgáiste (Ranníocaíocht Teaghlaigh)

Ní mór duit ar a laghad €30 a íoc i dtreo d’ús morgáiste. Féadfaidh tú breis agus €30 a íoc de bharr nach mór duit cur le haon mhaoin atá agat i dtreo d’ús morgáiste. Más lánúin thú, agus má tá Forlíonadh Ús Morgáiste á éileamh agat, ní mór duit ar a laghad €40 a íoc i dtreo d’ús morgáiste.

Rataí

Fordheontas Ús Morgáiste a Ríomh

Is féidir leis a bheith casta d’Fhordheontas Ús Morgáiste a ríomh. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail i d’oifig sláinte áitiúil cinneadh an bhfuil tú incháilithe d’Fhordheontas Ús Morgáiste agus an méid a bheidh le fáil agat a ríomh.

Suimeoidh an tOifigeach Leasa Pobail (OLP) d’ioncam ar fad le chéile, a thógtar san áireamh sa tástáil mhaoin don Fhordheontas Ús Morgáiste -féach thuas. Bainfidh an OLP ioncam ar bith nach bhfuil curtha san áireamh ansin Déantar d’ioncam ag Ranníocaíocht Teaghlaigh atá fágtha a shuimiú le chéile chun do ranníocaíocht don ús morgáiste atá agat a fháil - féach thuas.

An Fordheontas Ús Morgáiste atá iníoctha leat ná an difríocht idir ús morgáiste iarbhír agus do ranníocaíocht don ús morgáiste, cibé fad is méid réasúnach chun do riachtanais cónaithe a freastal é an difríocht.

Go ginearálta, cinnteoidh an OLP nach dtitfidh d’ioncam, tar éis ús a íoc ar do mhorgáiste, faoi bhun an leibhéil íosmhéide. An leibhéal seo ná Liúntas Leasa Forlíontach lúide €30 ó €40.

Conas iarratas a dhéanamh

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus ní ghlacfar aon iarratas nua ón dáta seo. Ní bhainfidh an beart seo le héilitheoirí reatha láithreach (daoine a fhaigheann Forlíonadh Ús Morgáiste roimh 1 Eanáir 2014.

Achomharc ar chinneadh atá déanta

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh maidir le Fordheontas Ús Morgáiste, faigh amach ar dtús cén fáth atá leis an gcinneadh trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Leasa Pobail, a thabharfaidh na cúiseanna duit i scríbhinn. Má tá cáipéisíocht bhreise ar bith agat mar thacaíocht le do chás, tabhair iad seo don Oifigeach Leasa Pobail.

Ina dhiaidh sin, labhair leis an Maoroifigeach Leasa Pobail faoin gcinneadh. Is féidir leo an cinneadh a athrú má thuilleann do chás sin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ó 1 Eanáir 2014, tá deireadh leis an scéim Forlíonadh Ús Morgáiste d'iarratasóirí nua agus ní ghlacfar aon iarratas nua ón dáta seo. Ní bhainfidh an beart seo le héilitheoirí reatha láithreach (daoine a fhaigheann Forlíonadh Ús Morgáiste roimh 1 Eanáir 2014.

Tuilleadh eolais

Tháinig na neamhairdeanna nua ioncaim i bhfeidhm ar 5 Meitheamh 2007. Measúnaíodh éilimh a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007 ag baint úsáide as na sean-neamhairdeanna ioncaim (féach thíos).

Déanfar gach éileamh ar Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste atá á n-íoc faoi láthair ar 5 Meitheamh 2007 a athbhreithniú agus a mheasúnú ag úsáid idir na neamhairdeanna reatha ioncaim agus na sean-neamhairdeanna ioncaim. Dá bhfaighfeá níos mó Forlíonta Úis Mhorgáiste ag úsáid na sean-neamhairdeanna ioncaim, leanfaidh tú de bheith do do mheasúnú ag úsáid na seanrialacha go dtí go ndéantar athbhreithniú ar do chás mar gheall ar athrú imthosca. Chuimseodh athrú imthosca, mar shampla, athrú ar ioncam an teaghlaigh nó briseadh i d’éileamh a mhairfeadh níos mó na 13 seachtaine.

Neamhairdeanna ioncaim d’éilimh ar Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste roimh 5 Meitheamh 2007.

Níor cuireadh ioncam ó na foinsí seo a leanas san áireamh agus éilimh ar Fhorlíonadh Úis Mhorgáiste a rinneadh roimh 5 Meitheamh 2007 á measúnú:

  • Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Gluaiseachta
  • Iocaíochtaí cúraim altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Iocaíocht as Iostas leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn Ghaeltachta
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna ag cothú leasa na ndaoine dalla
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanacha, mar shampla, Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dámhadh ag an mBinse Cúitimh maidir le Heipitíteas C a tolgadh ó tháirgí fola áirithe, agus dóibh sin a bhfuil míchumas orthu a tharla de thoradh Tailídimíde agus iad sin a fhaigheann cúiteamh faoi Bhord Sásaimh na nInstitiúidí Cónaitheacha
  • Deontais Chothabhála íoctha ag Údaráis Áitiúla don Ardoideachas.
  • €60 d’ioncam breise ó fhostaíocht pháirtaimseartha, lena n-áirítear Scéimeanna Fostaíochta Pobail. Má tá do thuilleamh ón bhfostaíocht idir €60 agus €90 ní ghlactar ach leathchuid de do thuilleamh san áireamh. (Mar shampla, má tá tú ag tuilleamh €90 ní ghlactar ach €15 san áireamh)
  • €60 d’ioncam breise ó pháirteacht i gcúrsaí oiliúna faomhaithe, mar shampla, cúrsaí oiliúna scileanna FÁS. Má bhíonn do thuilleamh idir €60 agus €90 ní ghlactar san áireamh ach leathchuid de do thuilleamh idir €60 agus €90. Mar shampla, má thuilleann tú €90 ní ghlactar san áireamh ach €15
  • €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin, má bhíonn tú ag fáil Liúntas Míchumais. Rachaidh aon rud a thuilleann tú thar €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin i bhfeidhm ar d’Fhorlíonadh Cíosa.
  • Má bhíonn tú ar Íocaíocht do Theaghlach Aontuismitheora, meastar go bhfuil suas le €95.23 d’íocaíochtaí cothabhála le haghaidh cíosa. Glactar leathchuid d’aon mhéid os a chionn seo san áireamh mar acmhainn, agus rachaidh sé i bhfeidhm ar d’Íocaíocht Aontuismitheora. Glactar an chéad €95.23 d’aon chothabháil a fhaigheann tú san áireamh agus d’Fhorlíonadh Cíosa a ríomh, ach déantar neamhaird ar chothabháil os cionn €185.23 agus d’Fhorlíonadh Cíosa á ríomh.
  • Ioncam ó fhostaíocht leis an HSE mar Chúntóir Baile
  • Liúntas Cúraim Bhaile
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Eanáir 2022