Tá Liúntas Réamhscoir ar fáil do dhaoine atá 55 bliain agus ós a chionn go bhfuil an fórsa saothair fágtha acu. Tá scrúdú maoine ann agus ní bheidh ort síniú chun fostaíochta níos mó mar ní gá duit a bheith ar fáil chun oibre.
Ní ghlacfar le haon iarratas nua le haghaidh Liúntas Réamhscoir ó 4 Iúil 2007 ar aghaidh. Chuir an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 deireadh le Liúntas Réamhscoir ach ní chuireann sé isteach orthu siúd atá á fháil cheana féin agus féadfaidh siad é a fháil i gcónaí.
Le bheith intofa, caithfidh tú
(a) bheith idir 55 agus 66 bliain
(b) bheith scortha
(c) ceachtar acu seo leanas
(d) scrúdú maoine a shásamh
tá an scrúdú maoine mar an gceanna leis an scrúdú maoine do Liúntas Cuardaitheora Poist.
Má bhí Liúntas Réamhscoir á fháil agat ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide tá tú incháilithe le haghaidh ceachtar de na scéimeanna seo Liúntas um Fhilleadh ar Obair nó Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair. Féadfaidh sealbhóirí beaga airgead a thuilleamh óna ngabháltais agus féadfaidh siad Liúntas Réamhscoir a fháil má shásaíonn siad an tástáil mhaoine.
Má tá tú ag fáil Pinsean Réamhscortha ní gá duit a bheith ar fáil chun oibre agus ní gá duit síniú chun fostaíochta.
| Pearsanta | Rátaí |
| Ráta Pearsanta | €188 |
| Duine fásta Cáilithe | €124.80 |
| Páiste Cáilithe | €29.80 |
Ó 4 Iúil 2007, ní bheidh aon iarratas nua ar Liúntas Réamh-Scoir glactha. Chuir an t-Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 deireadh leis an Liúntas Réamh-Scoir. Níl aon difear déanta do faighteoirí reatha agus leanfaidh siad an íocaíocht a fháil.