Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána in Éirinn, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána don chatagóir feithicle dá ndearnadh tástáil ort. Ní mór duit do cheadúnas tiomána a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint.
Is ar An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le ceadúnú tiománaithe. Is údaráis ceadúnaithe iad na príomh-údaráis áitiúla, áfach, agus eisíonn siad ceadúnais tiomána. Tá 29 údarás ceadúnaithe (Oifig Mótarchánach) timpeall na tíre agus ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gceann is gaire don áit ina bhfuil cónaí ort.
Ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.
Má tá ceadúnas tiomána Éireannach agat, glactar leis an gceadúnas chun é a úsáid nó é a mhalartú i ngach ballstát eile de chuid an AE/LEE. Má tá tú ag taisteal taobh amuigh den AE/LEE agus go mbeidh tú ag tiomáint, b’fhéidir go mbeadh gá agat le ceadúnas tiomána idirnáisiúnta.
In 2006 d’fhaomh an Coimisiún Eorpach tabhairt isteach ceadúnas tiomána
AE amháin chun teacht in áit na cinn atá á n-úsáid i láthair na huaire
sna ballstáit. Ceaptar go dtiocfaidh an ceadúnas tiomána AE nua i bhfeidhm
faoi 2012 agus go mbeidh deireadh tagtha leis na ceadúnais tiomána a eisíonn
gach ballstát faoi 2032. Míníonn an cháipéis seo mar a sheasann rudaí
faoi láthair maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána in Éirinn
nó athnuachan a dhéanamh air.
Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána má:
Braitheann an tréimhse ama dá n-eiseofar ceadúnas tiomána ar aois an iarrthóra. Tá 4 aoisghrúpa faoina dtiteann tréimhse cheadúnais.
Má chuaigh do cheadúnas tiomána in éag 10 mbliana ó shin, ní mór duit Tástáil Teoirice Tiomána a chomhlánú. Tar éis duit do Thástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh, ní féidir leat ach iarratas a dhéanamh ar ceadúnas tiomána foghlaimeora agus beidh ort do thástáil tiomána a dhéanamh arís.
Tá mótarfheithiclí in Éirinn roinnte i gcatagóirí éagsúla ar mhaithe le ceadúnú tiománaithe. Is é seo an gnáthchleachtas ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá 14 chatagóir san iomlán ag Éire, ag dul ó ghluaisrothair go feithiclí talmhaíochta. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chatagóirí feithiclí agus aoiseanna íosta thiománaithe anseo.
Tá srianadh i bhfeidhm ar cheadúnais tiomána Catagóir A. Cuireann an srianadh seo teorainn ar an sealbhóir ceadúnais do ghluaisrothair (le nó gan taobhcharr) le teorainn cumhachta de 25Kw nó níos lú. Fanann an srian seo i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ón uair a chríochnaíonn tú do thástáil ceadúnais tiomána gluaisrothair don chatagóir seo agus tar éis duit do cheadúnas tiomána iomlán a fháil don chatagóir seo.
Ó Mheán Fómhair 2011 ar aghaidh, tiocfaidh laghdú ar na teorainneacha um thiomáint ar meisce go dtí 20mg/100ml do dhaoine le ceadúnais foghlaimeora agus dóibh siúd atá ag tiomáint le ceadúnas iomlán sa chéad dá bhliain ó fuair siad an ceadúnas iomlán.
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar bhearta eile a bheartaítear ar láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Cé nach mór duit do cheadúnas tiomána a bheith leat an t-am ar fad nuair atá tú ag tiomáint, níl aon iachall ort faoin dlí do cheadúnas a athrú má athraíonn tú d’ainm nó do sheoladh. Moltar duit é sin a dhéanamh, áfach. Tá iachall ort fianaise ded’ cheadúnas a thaispeáint má iarrann An Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, agus mar sin ba chóir faisnéis chun dáta a bheith ar do cheadúnas.
Is seirbhís saor in aisce atá i gceist chun do cheadúnas a mhalartú chun d’ainm nó do sheoladh a athrú. Tá sé saor in aisce freisin droimscríobh a bhaint de cheadúnas, catagóir a chur leis, nó botún a cheartú.
Ní mór duit foirm iarratais D.401 comhlánaithe, 2 ghrianghraf den chineál a úsáidtear do phas (agus iad sínithe ar a gcúl) agus aon dhoiciméid tacaíochta a theastaíonn, cosúil le bunchóip de theastas pósta, a sheoladh isteach. Téigh i dteagmháil le d'Oifig Mótarchánach chun tuilleadh eolais a fháil.
Má chuaigh do cheadúnas tiomána reatha amú, nó má goideadh é, má
rinneadh damáiste dó nó má loiteadh é, ba chóir duit iarratas a dhéanamh
chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil chun ceadúnas a fháil ina áit. Tá
an ceadúnas seo ina chóip díreach de do bhuncheadúnas tiomána. Is féidir
leat a fháil amach conas athchóip de cheadúnas tiomána a fháil inár
ndoiciméad ar athchóip a fháil
de cheadúnas tiomána Éireannach a chuaigh amú nó a goideadh.
Seo a leanas an costas a bhaineann le ceadúnais tiomána:
Is féidir le tiománaithe os cionn 70 bliana d’aois athnuachan a dhéanamh ar a gceadúnas tiomána saor in aisce.
Tá malartú ceadúnais tiomána chun ainm nó seoladh nua a léiriú nó
chun catagóir nua a chur leis saor in aisce freisin.
Is féidir leat cóip den fhoirm iarratais D.401 a fháil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil, leabharlann nó stáisiún Garda. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm ar líne anseo agus beidh sé a phost chugat.
Má tá ceadúnas tiomána á athnuachan agat, caith súil ar ár ndoiciméad – Ceadúnas tiomána iomlán a athnuachan.
Ba chóir duit d’fhoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis:
Ba chóir iarratas ar cheadúnas tiomána a sheoladh go díreach chuig d’oifig Mótarchánach áitiúil.
Cuireann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faisnéis ar fáil faoi cheadúnais tiomána
Is féidir leat rialacha an bhóthair a léamh ag www.rotr.ie.
Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire
Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie